Ainmníocht dhéthéarmach

An córas nua-aoiseach tacsanomaíoch chun orgánaigh a ainmniú is a rangú a bhunaigh an nádúraí Sualannach Carl Linnaeus (1707-1778) i lár an 18ú céad. Tá ainm uathúil eolaíoch Laidineach ag gach speiceas ina bhfuil dhá fhocal (déthéarma): ainm gnéitheach le ceannlitir, agus ainm speiceasach. Mar shampla, dhá speiceas de ghné na cruithneachta is ea Triticum aestivum (gnáthchruithneacht aráin) agus Triticum durum (cruithneacht dúraim).

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Ainmníocht dhéthéarmach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 25.