Is aidiacht Gaeilge a dhéanann cur síos ar dhuine nach bhfuil heitrighnéasach é aiteach, bunaithe ar an bhfocal queer i mBéarla..
Is seanfhocal queer sa 19ú haois go dtí lár na 20ú haois i mBéarla, maslach de ghnáth, nó 'piteogi' as Gaeilge.
Tháinig an téarma queer, nó aiteach, go mór chun cinn ó na 198oidí ar aghaidh agus brí nua air; bíonn sainmhíniú leathan ag baint leis de ghnáth i.e. collaíocht neamhnormatach, nó gnéasachas a shnámhann i gcoinne easa an status quo. Bíonn an téarma níos leithne ná 'aerach' agus bíonn daoine bródúil as a bheith aiteach inniu, agus meon dearfach ag baint leis de ghnáth.
Masla do fhir (nó duine) bhaineanda is ea piteog. Tagann "piteog" ó "pit" (vulva). Ní hamháin go ciallaíonn "piteog" baineanda, ciallaíonn "piteog" claonaíoch nó corr chomh maith, ar nós an seanfhocal queer as Béarla.
Mar shampla, sa dán Baudelaire le Diarmuid Ó Gráinne, fiafraíonn Ó Gráinne "An diabhal tú a fhile / Nó aingeal a thit / An piteog de dhuine / An tú athair an Oilc?"
Ciallaíonn "piteog" fear a bheadh ag déanamh obair mná freisin, de réir Pádraig S. Mac a' Ghoill. Rinne William Carleton, scríbhneoir as Tír Eoghain, taifead ar an bhfocal "piteog" i 1830, agus tá an focal "piteog" iontach sean.