An Ghraonlainn | |||||
---|---|---|---|---|---|
Kalaallit Nunaat (kl) Kalaallit Nunaat (lb) | |||||
|
|||||
Aintiún | Nuna asiilasooq (1979) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ríocht na Danmhairge | ||||
Príomhchathair | Nuuk | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 56,609 (2023) | ||||
• Dlús | 0.03 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Ghraonlainnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Ríocht na Danmhairge Meiriceá Thuaidh | ||||
Achar dromchla | 2,166,086 km² | ||||
Pointe is airde | Gunnbjørn Fjeld (en) (3,694 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | County of Greenland, Denmark (en) | ||||
Cruthú | 1 Bealtaine 1979 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | monarcacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht reachtach | Inatsisartut (en) | ||||
• Ceannaire stáit | Margrethe II na Danmhairge (1972–) | ||||
• Príomh-Aire na Graonlainne | Múte Bourup Egede (2021–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 3,235,816,195 $ (2021) | ||||
Airgeadra | krone na Danmhairge | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .gl | ||||
Glaochód | +299 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 | ||||
Cód tíre | GL | ||||
Cód ISO 3166-2 | DK-GL | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | naalakkersuisut.gl |
Tír fhéinrialaitheach taobh istigh de Ríocht na Danmhairge í an Ghraonlainn (Danmhairgis: Grønland nó an "Tír Ghlas"; is é is brí leis an ainm Graonlainnise Kalaallit Nunaat ná Tír na nGraonlannach). Tá an Ghraonlainn suite taobh thoir d'oileánra Cheanada, agus d'fhéadfá a rá gur cuid de Mheiriceá Thuaidh í ar chúiseanna tíreolaíochta agus geolaíochta. As na tailte arb iad tuaisceart Cheanada iad inniu a tháinig na Graonlannaigh féin, na céadta bliain ó shin. Tá baint pholaitiúil ag an nGraonlainn leis an Eoraip - leis na tíortha Lochlannacha, an Danmhairg ach go háirithe - le míle bliain anuas, áfach. Is í an Ghraonlainn an t-oileán is mó sa domhan nach ilchríoch é, agus is í an tír is teirce daonra fosta.
Tháinig na hIonúitigh go dtí an Ghraonlainn timpeall ar chúig mhíle bliain ó shin. I dtús an dara mílaois i ndiaidh bhreith Chríost a shocraigh na chéad Lochlannaigh síos ar chóstaí an oileáin, ach ní raibh siad in ann a n-áitreabh a bhuanú san oileán. Tháinig grúpa nua Ionúiteach go dtí an Ghraonlainn sa 13ú haois, agus thréig sliocht na Lochlannach a n-áitreabh sa 15ú haois. I dtús na hochtú haoise déag, áfach, tháinig na Lochlannaigh ar ais go dtí an t-oileán, agus d'fhógair na Danmhargaigh gur leosan an Ghraonlainn.
Sa bhliain 1814, fuair an Ghraonlainn stádas coilíneachta. I mBunreacht na Danmhairge sa bhliain 1953 a leagadh amach an stádas atá ag an nGraonlainn inniu, is é sin, is ceann de na tíortha í ar comhpháirteanna iad de Chomhlathas na Ríochta, nó Rigsfællesskabet. Tá stádas cosúil ag Oileáin Fharó freisin. Sa bhliain 1979, bhronn an Danmhairg rialtas dúchais ar an nGraonlainn.
Is iad an Ghraonlainnis agus an Danmhairgis araon na teangacha oifigiúla. Le fírinne trí theanga Eiscimeacha a labhraítear sa Ghraonlainn - an leagan oifigiúil den Ghraonlainnis, an Ghraonlainnis Thoir, tunumiit oraasiat nó tunumiisut, agus an chanúint a bhaineann leis an gceantar timpeall ar Qaanaaq in iarthuaisceart an oileáin. Is í an chanúint oifigiúil atá ag formhór mór na nGraonlannach, agus níl ach míle nó cúpla míle cainteoir ag aon cheann den dá chanúint eile, ach san am chéanna, tá siad chomh difriúil leis an leagan oifigiúil is gur féidir a rá nach canúintí iad ach teangacha scartha. Maidir leis an Danmhairgis, tá sí ag 12 % de mhuintir an oileáin ó dhúchas. Ábhar riachtanach staidéir é an Béarla sna scoileanna, agus é go líofa ag go leor sa Ghraonlainn.
Baile mór atá i gceist sa Ghraonlainn má sháraíonn daonra an áitribh leathmhíle duine. Is í príomhchathair na Graonlainne, Nuuk (Danmhairgis: Godthåb), an ceann is mó acu, agus níl ach 15,500 duine ina gcónaí ansin féin.