Is séadchomhartha ársa é Balla Mór na Síne, suite i dtuaisceart na tíre. Tá an Balla ar an struchtúr is faide ar domhan. Tá sé 21,196 ciliméadar ar fad (sin 43 uair go leith níos faide ná Éire).
Deir daoine gur féidir leis na spásairí é a fheiceáil ón spás agus iad ag taisteal thart ar an domhan, más fíor sin ar chor ar bith.
Stair
Tá Balla Mór na Síne breis agus 2,300 bliain d’aois. Thóg Impirí na Síne an balla ollmhór seo mar go raibh siad ag iarraidh a naimhde ón taobh thuaidh a choimeád amach.
D’oibrigh suas le milliún duine ar an mballa agus ghlac sé 2,000 bliain é a chríochnú. Cé gur tógadh an Balla Mór le muintir na Síne a chosaint, fuair go leor Síneach bás agus iad á thógáil.
Turasóireacht
Tá spéis as cuimse ag daoine sa Bhalla Mór agus tugann na céadta míle turasóir cuairt air gach bliain. Tógadh é le daoine a choimeád amach as an tSín, ach sa lá atá inniu ann, cabhraíonn an Balla go mór leis na céadta míle duine a mhealladh ansin.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.