Cineál | druma fráma |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 211.311 |
Ó dhúchas | Éire |
Sampla fuaime | |
Ionstraimí gaolmhara | tambóirín |
Is cnaguirlis Éireannach é an bodhrán( bodhrán) . Seinntear go minic é i gceol traidisiúnta na hÉireann. Is druma fráma é. Tá an druma fráma i measc na n-uirlisí ceoil is ársa. I rangú uirlisí ceoil Hornbostel-Sachs, is é uimhir 211.321 é (Druma fráma le craiceann amháin). Tá an bodhrán an-chosúil leis an tambóirín.
Ní fios cathain a ceapadh an bodhrán. Tá go leor cosúlachtaí idir an bodhrán agus drumaí fráma ón Afraic Thuaidh agus ón Tuaisceart na hÁise. D'fhéadfadh sé gur ceapadh an bodhrán i gceann amháin de na háiteanna seo. Deirtear freisin, áfach, gur uirlis talmhaíochta a bhí ann ar dtús agus úsáideadh é ina dhiaidh sin mar uirlis cheoil. Tá go leor cosúlachtaí idir an bodhrán agus tráidire craicinn a úsáidtear sa talmhaíocht chun síolta a scaradh ón gcáithleach. I mBailiúchán na Scol ó dheireadh na 1930idí, tá tríocha tagairt don fhocal 'bodhrán' as trí chontae dhéag. Baineann na tagairtí seo den chuid is mó leis an uirlis talmhaíochta nó le bodhaire. Ní thagraíonn ach tagairt amháin dó mar uirlis cheoil a úsáideann lucht an Dreoilín. Ba bhannaí fear agus buachaillí iad lucht an Dreoilín, a chuaigh ó theach go teach ag seinm ceoil thraidisiúnta chun siamsaíocht a chur ar fáil do mhuintir na háite ar Lá Fhéile Stiofáin. Tháinig tóir ar an mbodhrán toisc gur úsáideadh é mar bhuille don cheol a sheinn siad. Baineadh úsáid as an mbodhrán freisin mar dhruma cogaidh ar feadh na staire.
Tá an chéad tagairt scríofa don fhocal bodhrán le fáil i lámhscríbhinn a scríobhadh roimh thús an tseachtú haois déag. Luaitear sa lámhscríbhinn seo fuaim an bhodhráin. Tá an chéad tagairt eile don fhocal bodhrán le fáil i ngluais a foilsíodh sa naoú haois déag. Bailíodh na focail sa ghluais seo idir deireadh an ochtú haois déag agus tús an naoú haois déag. Sa liosta focal seo, déantar cur síos ar an mbodhrán mar dhruma agus mar uirlis talmhaíochta. Tá an chéad íomhá den bhodhrán le feiceáil i bpictiúr ola le Daniel Maclise de chóisir tí Oíche Shamhna i gContae Chorcaí. Taispeánadh an pictiúr ola in Acadamh Ríoga Londan in 1833. Is féidir duine atá ag seinm an bhodhráin a fheiceáil go soiléir san íomhá. Taifeadadh fuaim an bhodhráin den chéad uair ar cheirnín sna 1920idí. Tháinig tóir air i lár an fhichiú haois nuair a rinneadh athnuachan ar an tóir a bhí ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Bhí ról mór ag Seán Ó Riada i gcur chun cinn an bhodhráin. Thóg sé an bodhrán isteach sa ghrúpa Ceoltóirí Cualann sna 1960idí agus chabhraigh sé seo le húsáid an bhodhráin a athbheochan. In 1973, cuireadh tús den chéad uair le comórtas bodhráin ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Tá an comórtas bodhráin seo fós ar siúl. In 2006, bhí Craobhchomórtas Bodhráin an Domhain ar siúl den chéad uair i gCiarraí. Bhuaigh Colm Phelan é an bhliain sin agus ba é an chéad seaimpín domhanda den bhodhrán é.
Is éard atá sa bhodhrán fráma ciorclach adhmaid le craiceann ainmhí sínte thar thaobh amháin. Go traidisiúnta, úsáideadh seithe gabhair nó craiceann caorach ach inniu tá sé níos coitianta craicne sintéiseacha a úsáid. Mar sin féin, ní dhéanann craiceann sintéiseach an cineál céanna fuaime le craiceann ainmhithe. De ghnáth bíonn trastomhas an bhodhráin idir 35 agus 40 ceintiméadar agus de ghnáth bíonn an doimhneacht idir 12 agus 15 cheintiméadar. Tá méid an bhodhráin tábhachtach ionas gur féidir leis an seinnteoir é a sheinm i gceart. Bíonn tionchar aige freisin ar an bhfuaim a dhéanann sé. Is féidir le barra tacaíochta roghnach a bheith ag bodhrán. Is féidir leis seo a bheith ina bharra aonair, T-bharra nó barra trasna. Tugann an barra seo tacaíocht do lámh an tseinnteora nuair atá an lámh in aghaidh an chraicinn. Dá bhrí sin, is minic a roghnaíonn tosaitheoirí barra tacaíochta a bheith acu ar a mbodhrán chun é a dhéanamh níos éasca dóibh agus iad ag foghlaim. Is féidir an barra tacaíochta a úsáid freisin chun an bodhrán a choinneáil agus tú i do sheasamh ag seinm é.
Féadann dálaí an atmaisféir an craiceann a scaoileadh nó a theannadh. Rialaíonn teannas an chraicinn an fhuaim a dhéantar. Má tá craiceann an bhodhráin teann, beidh sé ina chúis le ton ard. Má tá craiceann an bhodhráin scaoilte, beidh sé ina chúis le ton íseal. Dá bhrí sin, tá scriúnna ag go leor bodhrán nua-aimseartha chun cabhrú le teannas an chraicinn a athrú go dtí na leibhéil oiriúnacha, rud a chabhraíonn le nóta níos ceolmhaire a dhéanamh. Úsáidtear eochair Allen de ghnáth chun na scriúnna a chasadh sna bodhráin intiúnáilte seo. Is éard atá i gceist le mionathrú coitianta eile ná téip leictreach a chur timpeall imeall an bhodhráin chun fuaimeanna nach bhfuil ag teastáil a tharlaíonn ó chreathanna an chraicinn a laghdú. Úsáidtear téip leictreach toisc go bhfuil sé déanta as rubar agus sínfidh sé de réir mar a athraíonn teannas an chraicinn.
Buailtear an bodhrán leis an lámh, nó le slat bheag ar a dtugtar cipín. De ghnáth, is píosa díreach adhmaid láidir é ar nós adhmad ó chrann fuinseoige nó ó chrann cuilinn. Is minic a bhíonn foircinn bhleibíneacha ar an gcipín. Úsáidtear bata scuab freisin. Leis an mbata scuab, buailtear an druma leis na scuaba a tháirgeann fuaim níos boige.
Is féidir an bodhrán a sheinm ar go leor bealaí éagsúla. De ghnáth seinntear an bodhrán agus tú i do shuí cé gur féidir é a sheinm agus tú i do sheasamh freisin. Tá níos mó smachta ag seinnteoirí ar an mbodhrán má tá siad ag seinm agus iad ina suí mar is féidir leo an bodhrán a chur ar a nglúin. Coinnítear an bodhrán go hingearach i lámh chlé an tseinnteora. Cuirtear an lámh chlé ar an gcraiceann ar chúl an druma chun an fhuaim a mhaolú agus a athrú. Má tá barra tacaíochta ann is féidir leis tacú leis an lámh. Tá an bodhrán buailte le lámh dheas an tseinnteora nó leis an gcipín atá ina lámh dheas. Is féidir le seinnteoir ciotógach an bodhrán a choinneáil ina lámh dheas agus é a bhualadh lena lámh chlé más mian leo. Tá stíleanna láimhe agus stíleanna bata éagsúla ann a úsáidtear chun an bodhrán a sheinm.
Tá go leor stíleanna bata éagsúla ann. Úsáideann stíleanna bata difriúla teicnící difriúla. Is é stíl Chiarraí an stíl bata is coitianta. Leis an stíl seo, coinnítear an cipín ar an mbealach céanna le peann agus úsáidtear dhá fhoirceann an chipín. Stíl eile is ea stíl Iarthar Luimnigh. Is éard atá i gceist leis seo, an cipín a chrochadh go hingearach ón lámh agus an bodhrán a bhualadh. Ní úsáidtear ach foirceann amháin den chipín leis an stíl seo.
Tá go leor stíleanna bata nua forbartha ag seinnteoirí bodhráin. Tugtar an stíl "top-end" ar cheann de na stíleanna a forbraíodh. Tá an stíl seo an-chosúil le stíl Iarthar Luimnigh. Leis an stíl "top-end", áfach, coinnítear an bata idir an ordóg agus an chorrmhéar agus is lúbtar na trí mhéar eile isteach i mbos na láimhe. Tá timpeall bharr an bhodhráin buailte leis an mbata. Is gnách go mbíonn bodhrán a sheinntear sa stíl seo níos lú le ceann druma níos tibhe. Tá stíl eile a forbraíodh an-chosúil leis an stíl seo. Baineann sé le bun an bhodhráin a bhualadh, áfach. Tugtar an stíl "bottom-end" ar an stíl seo.
Tá go leor stíleanna láimhe éagsúla ann freisin a úsáideann teicnící éagsúla. Úsáidtear na méara, an ordóg agus ailt na méar go coitianta chun an bodhrán a bhualadh. Leis stíl Ros Comáin, seinntear an bodhrán le hailt na méar. Tá stíl an Chláir an-chosúil leis seo. Ní úsáidtear ach an t-alt ar an gcorrmhéar, áfach. Tá stíl Iarthar Chorcaí cosúil le stíl Ros Comáin freisin ach ní úsáidtear ach alt na hordóige agus an t-alt ar an méar bheag.
Ba chóir an bodhrán a stóráil in áit fhionnuar le gnáthleibhéal taise. Má tá an bodhrán gan chosaint ón teas, is féidir leis an gcraiceann a bheith tirim. Is féidir leis an triomacht an craiceann a dhéanamh níos dolúbtha. Má éiríonn an craiceann ró-dhaingean, is féidir leis scoilteadh nó tarraingt ó na bioráin a choinníonn é ina áit. Bealach eile le cosc a chur ar chraiceann an bhodhráin ó bheith róthirim is ea ola nó oiriúntóir a chur ar an taobh seinnte den chraiceann ó am go chéile. Is oiriúntóir coitianta é Lanailin a úsáidtear chun craicne bodhrán a chóireáil. Má éiríonn an craiceann ar an mbodhrán tais agus má bhíonn sé scaoilte, is féidir é a dhéanamh níos teinne trína chuimilt go dian le bos na láimhe, nó le teas íseal. Má éiríonn cúl an chraicinn salach, is féidir é a ní le huisce bog agus le leacht níocháin. Is féidir é a ghlanadh le spúinse nó le héadach agus ba chóir é a fhágáil chun triomú thar oíche. Glantar an cúl chun an salann agus salachar a bhaint a d'eascair as bos na láimhe atá sáithithe isteach sa chraiceann agus é á sheinm. Mura ndéantar é a ghlanadh beidh an craiceann ag scoilteadh agus ag stróiceadh sa deireadh.
Tá an bodhrán níos coitianta in Éirinn ná in aon áit eile, ach tá tóir air i dtíortha Eorpacha eile freisin ar nós Albain áit a gcloistear é i gceol tíre. Seinntear é freisin i Meiriceá agus i gcúigí i gCeanada ar nós Talamh an Éisc agus Labradar.
Tá clú ar go leor daoine as an mbodhrán a sheinm. Tá Rónán Ó Snodaigh, atá ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna Kíla, aitheanta mar cheann de na seinnteoirí bodhráin is nuálaí. Tá cáil ar Junior Davey as an mbodhrán a sheinm freisin. Bhuaigh sé craobh na hÉireann ar an mbodhrán cúig huaire ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Bhuaigh Aimee Farrell Courtney an chraobh dhomhanda ar an mbodhrán in 2010. Ba í an chéad bhean a bhuaigh an teideal seo. Tá cáil ar Séan McCann, as Talamh an Éisc agus Labradar, as an mbodhrán a sheinm. Chuidigh John Joe Kelly, atá ina bhall den bhanna ceoil Flook, leis an íomhá as dáta den bhodhrán a nuashonrú. Bhí meas mór ar Paul Phillips mar sheinnteoir bodhráin. Tá clú ar go leor eile as an mbodhrán a sheinm ar nós Tommy Hayes, a bhí ina bhall den bhanna ceoil Stockton's Wing, Peter Mercier a bhí ina bhall de na bannaí Ceoltóirí Chualann agus The Chieftains, Kevin Conneff atá ina bhall reatha den bhanna ceoil The Chieftains, Caroline Corr atá ina ball den bhanna The Corrs, Kevin Crawford atá ina bhall den bhanna Lúnasa, Christy Moore, agus go leor daoine eile.
Tá an bodhrán le cloisteáil in go leor amhrán cáiliúla ar nós "Galway Girl" le Ed Sheeran. Tá os cionn 900 milliún sruth ag an amhrán seo ar Spotify. Tá an t-amhrán le fáil ar a albam “Divide”. Is féidir an bodhrán a chloisteáil freisin i leagan de "The Foggy Dew" le The Chieftains agus Sinead O'Connor. Tá an t-amhrán le fáil ar an albam "The Long Black Veil" le The Chieftains. Tá os cionn 12 milliún sruth ag an amhrán seo ar Spotify. Is féidir an bodhrán a chloisteáil freisin i roinnt amhrán le The Corrs. Is amhráin le The Corrs iad "When He’s Not Around" agus "Dreams" ina gcloistear an bodhrán. Tá na hamhráin seo le fáil ar an albam "Talk on Corners".