Ceimiceáin talmhaíochta

Ceimiceáin talmhaíochta

Táirgí an tionscail cheimicigh a úsáidtear i gcúrsaí talmhaíochta. Ina measc tá leasuithe neamhorgánacha, feithidicídí, luibhicídí, cógais ainmhithe is eile. De bhrí go mbíonn baol ann go bhfaighidh na hábhair seo bealach isteach i mbia daoine, tá imní ag fás mar gheall ar a n-úsáid fhlúirseach. Mar fhreagairt, tá talmhaíocht orgánach ag teacht chun cinn go mall le glúin anuas.

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceimiceáin talmhaíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 127.