Bhí an Tiarna Spencer athair Diana (a bhí ina chónaí i dTeach Althorp, baile dúchais mhuintir Spencer i Northampton).
Pósadh
Ar an 29 Iúil1981, phós Diana Spencer agus an Prionsa Séarlas in Ardeaglais Naomh Pól, Londain. "Deirtear faoi go raibh dearadh an ghúna pósta ar an rún faisin ba mhó riamh. Bhreathnaigh 700 milliún duine ar shearmanas an phósta féin ar an teilifís ar fud an domhain agus níl dabht ar bith ach gurbh í réalta faisin a linne í".
Conspóidí
Ar an 16 Meitheamh1992, foilsíodh leabhar conspóideach Andrew Morton faoin mbanphrionsa Diana, an teaghlach ríoga agus a gcuid geáitsí.
Rinneadh an BBC agallamh le Diana sa bhliain 1995, agallamh fealltach, tá a fhios againn anois.
Fuair Diana bás i bPáras, na Fraince i dtimpiste bóthair i 1997. Ar an 1 Meán Fómhair 1997, thug bleachtairí sa Fhrainc le fios go raibh tiománaí an chairr, ina raibh Banphrionsa Diana, ar meisce & luas aige.
↑Deirtear gur £9,000 a bhí mar chostas air, ag an am. Lánúin óg, David agus Elizabeth Emanuel, a raibh cáilíochtaí bainte amach acu beirt mar dhearthóirí faisin ón Royal College of Art, a roghnaigh an bhrídeog lena gúna a dhéanamh. As síoda ar dhath an eabhair le tafata agus lása seanda de chuid Charraig Mhachaire Rois a rinneadh gúna na bainise ar a raibh 10,000 péarla agus seacain.