Vaccinium myrtillus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | fraochán |
Planda | |
Cineál an toraidh | caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ericales |
Fine | Ericaceae |
Géineas | Vaccinium |
Speiceas | Vaccinium myrtillus L., 1753 |
Is éard atá i gceist leis an bhfraochán (Vaccinium myrtillus) ná tor duillsilteach agus é ag tabhairt caora dubha cruinne a mbíonn cineál coirt ghorm orthu. Fásann an tor go leathmhéadar airde, a bheag nó a mhór, agus aithnítear ar dhuilleoga ubhchruthacha ailtéarnacha é. Bíonn an fraochán an-choitianta san áit a mbíonn ithir aigéadach a fháil, go háirithe i gcnoic Dheisceart na hEorpa, i gcoillte oscailte agus ar mhóinteáin.
Tá caora an fhraocháin an-bhlasta, agus iad á mbácáil isteach i bpióga nó á n-ithe le bainne, le huachtar nó le siúcra. Fágann an fraochán smál doghlanta ar na héadaí, áfach. Is féidir caora fraocháin a choinneáil thar an ngeimhreadh sa reoiteoir.
Tá an fraochán gaolmhar leis an mbódhearc.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |