Galileo an t-ainm atá ar chóras satailíte na hEorpa (nó "Córas Domhanda Loingseoireacht Satailíte an Aontais"). Tá sé ainmnithe as Galileo, an t-eolaí cáiliúil a rugadh i bPisa san Iodáil sa bhliain 1564.
Ar 21 Deireadh Fómhair 2011, le lainseáil an chéad satailít oibríochta de chuid an chláir Galileo, thóg an tAontas Eorpach céim mhór i dtreo córas loingseoireachta satailíte dá chuid féin a bheith aige.
Inniu úsáidtear Galileo gach aon lá san iliomad cásanna, ina measc éigeandálaí ar na farraigí móra, turais bóthair, ar fhóin phóca agus fiú ag imeachtaí spóirt. Cuidíonn Galileo le hiompar, seirbhísí tarrthála, idirbhearta baincéireachta agus soláthar leictreachais a fheabhsú.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |