Is é Alphabet Inc, nó Google mar a thugtar air de ghnáth, an comhlacht ríomhaireachta is mó ar domhan. Is é mar aidhm ag an chomhlacht eagar a chur ar eolas, agus é a chur ar fáil ar gach duine. Láimhseálann Google níos mó ná 70 faoin gcéad d’iarrataí cuardaigh ar líne ar fud an domhain, agus é á chur i gcroílár eispéireas fhormhór na n-úsáideoirí Idirlín. Tá a cheanncheathrú i Mountain View, California.
Is é mana neamhoifigiúil an chomhlachta "Don't be evil".
I measc innill chuardaigh an idirlín, is é Google an fathach.Tá a chuid seirbhísí le fáil i 90 teanga +, an Ghaeilge ina measc (féach ar Uirlisí Teanga Google,).
Bunaíodh Google ar an 4 Meán Fómhair 1998, le Sergey Brin agus Larry Page, nuair a bhí an bheirt san ollscoil i Stanford, California. Cé gur thosaigh an comhlacht ar an 4 Meán Fómhair, bíonn an lá breithe ann gach bliain ar an 27 Meán Fómhair.
Tá príomhoifigí Google in California.
Ar 27 Meitheamh 2017, ghearr an Coimisiún Eorpach fíneáil €2.42 billiún ar Google as mí-úsáid a bhaint as a cheannasacht sa mhargadh. Tharla sé seo trí thús áite a thabhairt dá sheirbhís comparáide praghsanna féin sna torthaí cuardaigh ar Google, agus céim síos a thabhairt do sheirbhísí a iomaitheoirí.
Ar an 23 Feabhra, ag Duaiseanna Grammy na bliana 2000 chaith an t-amhránaí agus aisteoir Jennifer Lopez gúna glas Versace. De shíoda chiffon a bhí sé déanta agus bhí duilleoga tropaiceacha agus bambú priontáilte air. Bhí com an ghúna maisithe le tópáis bhréige, agus bhí muineál an ghúna an-íseal go deo. Arsa Eric Schmidt, iar-phríomhfheidhmeannach Google.
"Tar éis an tsaoil theastaigh níos mó ná téacs ó dhaoine. Ba léir seo den chéad uair tar éis Dhuaiseanna Grammy 2000, nuair a chaith Jennifer Lopez gúna glas, bhuel, a mheall aird an domhain mhóir. Ag an am, ba é an cheist chuardaigh ba mhó í a bhí feicthe againn riamh. Ach ní raibh aon bhealach cinnte againn leis an rud díreach a theastaigh ó úsáideoirí a thabhairt dóibh. Jlo sa ghúna glas sin. Ba as sin a tháinig Google Image Search.
D’fhorbair Susan Wotchitski, Príomhfheidhmeannach YouTube ina dhiaidh sin, agus an t-innealtóir Huican Zhu inneall cuardaigh nua do phictiúir, agus seoladh é in Iúil 2001. Tá an gúna úd fós á chuardach ag daoine ar google.
Is i 2003 a bunaíodh Google in Éirinn. Ach tháinig fás rábach ar an chomhlacht in Éirinn sna blianta 2011-2014.
Is é Baile Átha Cliath ceanncheathrú Google san Eoraip agus is féidir an leathanach baile agus torthaí cuardaigh a fháil go hiomlán i nGaeilge.
I dtús 2023, bhí 5,500 duine fostaithe ag Google in Éirinn.