Hämeenlinna

Bosca Geografaíocht PholaitiúilHämeenlinna
Hämeenlinna (fi)
Tavastehus (sv) Cuir in eagar ar Wikidata
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 60°59′40″N 24°28′00″E / 60.9944°N 24.4667°E / 60.9944; 24.4667
Län (en) AistrighHäme Province (en) Aistrigh
Réigiún de chuid na FionlainneBun na Tabhastlainne Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán68,288 (2024) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús38.25 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighHämeenlinna sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,785.35 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síHauho, Kalvola, Lammi, Renko agus Tuulos Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1639
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachComhairle Cathrach Hämeenlinna Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire an rialtaisOlli-Poika Parviainen (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist13100 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinhameenlinna.fi Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair bhardais is ea Hämeenlinna (Sualainnis: Tavastehus) atá suite sa chúige stairiúil úd Häme i ndeisceart na Fionlainne. Tá cónaí ar 48,000 duine, a bheag nó a mhór, sa chathair. Tagann ainm na cathrach ó Chaisleán Häme, caisleán a tógadh sa Mheánaois agus é suite sa chathair.

Stair na cathrach

Bhí áitreabh réamhstairiúil suite anseo le fada, chois Loch Vanajavesi. In aice le lár na cathrach, i Varikonniemi, atá iarsmaí áitribh ó thús na meánaoise nó ón iarannaois, agus is é an chiall a bhain scoláirí áirithe as gurb ansin a bhí cathair Vanai, a luaitear i bhfoinsí áirithe Rúiseacha. Cúis conspóide í an teoiric seo i gcónaí, áfach.

Tógadh an caisleán ag deireadh na 13ú haoise chun cumhacht na Sualannach a neartú i lár na Fionlainne. Tháinig sráidbhaile ar an bhfód in aice leis chun seirbhísí agus táirgí a chur ar fáil do mhuintir an chaisleáin.

Bunaíodh Hämeenlinna mar chathair sa bhliain 1639. Go luath ina dhiaidh sin, bhog Rí na Sualainne an chathair ciliméadar amháin ó dheas go dtí na cnoic ar a bhfuil sí suite anois.

Tá cáil ar an gcathair mar gheall ar na scoileanna agus acadaimh ina bhfuair roinnt Fionlannaigh cháiliúla tús a n-oideachais.

hOsclaíodh an chéad líne iarnróid sa tír idir Hämeenlinna agus Heilsincí sa bhliain 1862. Tógadh an stáisiún traenach (Fionlainnis: rautatieasema) atá ann inniu sa bhliain 1921.

Daoine cáiliúla

Teach inar rugadh Jean Sibelius.
  • Rugadh agus tógadh an ceolchumadóir Jean Sibelius i Hämeenlinna. Bhain sé amach an Ardteistiméireacht ón meánscoil áitiúil, Hämeenlinnan Lyseo sa bhliain 1885.
  • D'fhreastail an file Eino Leino ar an meánscoil chéanna.
  • Is as Hämeenlinna don racghrúpa Turisas.
  • Saolaíodh Antony Hämäläinen, amhránaí sa cheolfhoireann Ghréagach-Shualannach úd Nightrage, sa chathair.
  • I Hämeenlinna a phós an tiománaí rásaí Kimi Räikkönen an mainicín Jenni Dahlman sa bhliain 2004.

Naisc sheachtracha