Ionradh na Rúise ar an Úcráin

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataIonradh na Rúise ar an Úcráin
Cogadh na Rúise agus na hÚcráine

Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcogadh, oibríocht mhíleata, ionsaí míleata, ionradh, cogadh neamhdhearbhaithe, coinbhleacht idirnáisiúnta agus war of aggression (en) Aistrigh
Dáta21 haois
TréimhseAn Rúis faoi Putin
ÁitOirthear na hEorpa, an Úcráin, an Rúis agus An Chrimé
Tíran Úcráin, Daon-Phoblacht Luhansk, Daon-Phoblacht Donetsk, an Rúis, an Bhealarúis, Kherson State (en) Aistrigh agus Zaporozhye Oblast (state) (en) Aistrigh
SpriocRussian annexation of Donetsk, Kherson, Luhansk and Zaporizhzhia oblasts (en) Aistrigh
CúisRight of Collective Self-defense (en) Aistrigh
Éifeachtreactions to the Russian invasion of Ukraine (en) Aistrigh, Ukrainian refugee crisis (en) Aistrigh, Iarmhairtí fadtéarmacha ionradh na hÚcráine, solidarity concerts for Ukraine (en) Aistrigh, 2022 Russian mobilization (en) Aistrigh, Call Russia (en) Aistrigh, Seilbh na Rúise ar cheithre réigiún san Úcráin, 2022, nuclear risk during the Russian invasion of Ukraine (en) Aistrigh, Finland–NATO relations (en) Aistrigh, Q117749106 Aistrigh, attacks in Russia during the Russian invasion of Ukraine (en) Aistrigh, international sanctions during the Russian invasion of Ukraine (en) Aistrigh, Ceannairc de chuid an ghrúpa Wagner, 2023, Wagner Group–Russian Ministry of Defence conflict (en) Aistrigh agus accession of Finland and Sweden to NATO (en) Aistrigh
Líon marbh42,295
10,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtithean Rúis, an Bhealarúis, Daon-Phoblacht Donetsk, Daon-Phoblacht Luhansk, an Úcráin, Fórsaí Armtha na hÚcráine, Fórsaí Armtha na Rúise, International Legion of Territorial Defense of Ukraine (en) Aistrigh, Georgian Legion (en) Aistrigh agus Russian irregular forces during the 2022 Russian invasion of Ukraine (en) Aistrigh
Meáin





Cuir in eagar ar Wikidata
Cronologia

Rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin ar an 24 Feabhra 2022. Thosaigh an choimhlint mhíleata idir an Rúis agus an Úcráin sa bhliain 2014. Cuireadh tús leis an ngéarchéim Rúis-Úcránach i mí na Samhna 2021.

Volodymyr Zelenskyy, agus Joe Biden, Nollaig 2022
Vladimir Putin, 2020

Cogadh

D'fhógair an tUachtarán Putin an 21 Feabhra 2022 go raibh aitheantas sa dlí cinntithe aige do neamhspleáchas 2 cheantar, Donetsk agus Luhansk, i gCúige Donbass atá ar chiumhais na teorann leis an Rúis. Sheol Putin saighdiúirí go dtí an Donbass.

D'fhógair an Úcráin staid éigeandála a mhair 30 lá. Tharraing Moscó as an ambasáid a bhí ag an Rúis sa phríomhchathair Cív.

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. D'ionsaigh fórsaí na Rúise Úcráin ar aer, muir agus tír, - an t-ionsaí is mó ag stát amháin ar stát eile san Eoraip ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an phríomhchathair Cív agus gach baile mór eile san Úcráin faoi ionsaí ón aer (diúracáin chúrsála agus diúracáin bhalaistíocha san áireamh).

Tháinig colúin fhada saighdiúirí trasna na teorann, anoir as an Rúis agus aduaidh as an mBealarúis. Cuireadh mórchuid i dtír ó dheas freisin as an gCrimé, ar Mhuir Azov agus an Mhuir Dhubh.

Ní ba dhéanaí sa lá, thuairisc rialtas na hÚcráine go raibh an Rúis i ndiaidh seilbh a ghlacadh ar Shearnóbail.

Chaill na hÚcránaigh cúige Kherson go luath sa chogaidh

Tháinig dianshlándáil i bhfeidhm sa tír.

Maoiniú

Ag deireadh na bliana 2023, tháinig deireadh le dul chun cinn fhórsaí na hÚcráine, de bharr easpa maoinithe a mheasadh.

Bhí an Úcráin ag brath ar airgead ón Aontas Eorpach agus ó Stáit Aontaithe Mheirceá chun leanúint lena dtroid i gcoinne na Rúise. Bhí an Úcráin ag súil go gceadóidh SAM $61bn dóibh, ach bhí easaontas idir na Daonlathaigh agus na Poblachtánaigh maidir leis an maoiniú sin.

Ar 14 Nollaig 2023, ag cruinniú mullaigh na gceannairí Eorpacha sa mBruiséil, vótáil Príomhaire na hUngáire, Viktor Orban, i gcoinne pacáiste fóirithinte – gur fiú €50bn é - a thabhairt don Úcráin. Bhí na ceannairí eile i bhfábhar an phacáiste fóirithinte, ach níor ceadaíodh é, mar d'úsáid Viktor Orban a veto chun an rún a chloí.

Coinbhleacht

I mí Feabhra 2022, ba bheag duine a thug seans go mbeadh na hÚcránaigh in ann a dtír a chosaint. Mheas na Rúisigh go mbeadh seilbh glactha acu ar phríomhchathair na hÚcráine laistigh de thrí lá, tar éis thús an ionraidh. Ach bhí na hÚcránaigh in ann an fód a sheasamh timpeall Kyiv agus iontas as domhan ar na hionróirí. Rinne na Rúisigh an beart céanna timpeall Kharkiv, an dara cathair is mó sa tír agus an ceann is gaire do theorainn na Rúise.

Ag tús an ionraidh sa bhliain 2022, leag Roinn Cosanta na Rúise ceithre aidhm amach:

Nuair a bhog na Rúisigh i dtreo chathair Kyiv, ní raibh córas soláthair cuí eagraithe acu toisc gur cheap siad go mbeadh an cath thart laistigh de thrí lá. Dhírigh na hÚcránaigh a n-ionsaithe ar na línte soláthair agus bhí tionchar nach beag ag na hiarrachtaí seo ar chinneadh na Rúise tarraingt siar ón gcath cúpla seachtain níos déanaí.

Idir Feabhra agus Meitheamh 2022, tháinig trí chúige beagnach go iomlán faoi sheilbh na Rúiseach: Kherson, Zaphorizhia agus Luhansk, agus bhí níos mó ná leath de Chúige Donetsk agus cuid de Chúige Kharkiv gafa acu chomh maith. Is ionann sin agus níos mó ná 20% de thalamh na hÚcráine. Bhí beagán níos lú ná leath de chúige Donetsk (cuid den Donbas) faoi sheilbh na hÚcráine i mí Lúnasa 2022.

Bhí na mílte sibhialtach maraithe le linn 2022 agus d'fhág suas le aon trian de phobal na hÚcráine an tír, ar a dteitheadh thar lear..

Bhí a smacht ar chúige Zaphorizhia agus cúige Kherson á dhaingniú ag na Rúisigh trí chórais riaracháin, trádála agus oideachais na Rúise a thabhairt isteach.

Straitéis

Meastar go raibh níos mó ná 2,500 tanc ag na Rúisigh roimh an gcogadh agus idir 6,000 agus 10,000 tanc coimeádta i dtaisce acu. Ach ní raibh an Rúis in ann a gcuid tancanna a úsáid chun dul i bhfeidhm ar na láithreacha cogaidh. Bhí roinnt cúiseanna leis an teip seo. Sa chéad dul síos, ní raibh trúpaí na Rúise in ann na tancanna a chomhordú le hionsaithe airtléire, ionsaithe coisithe agus ionsaithe ón aer. Agus ní raibh an trealamh frithdhiúracáin ar an gcuid is mó dá dtancanna ag feidhmiú i gceart. Agus bhí locht ar dhéantús roinnt dá dtancanna toisc go gcoimeádtar sliogáin sna túiríní... rud a chiallaíonn go bpléascann siad go héasca.

Sileann formhór anailíseoirí míleata san iarthar go raibh baint ag caimiléireacht le heaspa éifeachta airm na Rúise sa chogadh san Úcráin. Mar shampla mhaígh Roinn Cosanta na Breataine ar an 15 Deireadh Fómhair 2022 ‘go bhfuil an chaimiléireacht eindéimeach agus cúrsaí lóistíochta a bheith go dona’ fós ‘ar na bunchúiseanna nach bhfuil ag éirí go maith le fórsaí na Rúise san Úcráin’.

An feachtas

Léigear Mariupol

Tháinig an Mhuir Mheoid faoi smacht na Rúise go luath sa chogadh.

Tháinig trúpaí na Rúise thart timpeall ar chalafort Mariupol ag tús an chogaidh. Fuair an Rúis bealach idir an Chrimé agus oirthear na Rúise. Mhair léigear Mariupol dhá mhí. Sa deireadh, bhí sibhialtaigh agus saighdiúirí teanntaithe i monarcha cruach Azovstal, an daingean deireanach ag an Úcráin sa chathair chalafoirt. Dúirt an Rúis go raibh na saighdiúirí a bhí ag seasamh an fhóid sa mhonarcha an áit a fhágáil dá ngéillfidís. Bhí Mariupol ar an gcathair is mó a bhí gafa ag an Rúis (daonra 450,000 a bhliain 2017).

An Mhuir Dhubh

Cuireadh long cheannais an chabhlaigh Rúiseach, an Moscó, go tóin poill.

Bhí ar thrúpaí de chuid an chabhlaigh oileán na Nathrach a thréigean tar éis dóibh é a ghabháil go luath sa chogadh.

Theip ar an gcabhlach ionsaí ón bhfarraige a sheoladh chun seilbh a ghlacadh ar Odessa. Theip ar an gcabhlach, atá freagrach as bunáiteanna míleata na Crimé, na bunáiteanna céanna a chosaint i mí Lúnasa 2022. Mar gheall ar na teipeanna seo tugadh bata agus bóthar d’ardcheannasaí an Chabhlaigh Rúiseach.

Ar 30 Meán Fómhair 2022, bhí sé fógartha ag Vladimir Putin go raibh ceithre cheantar san Úcráin gafa ag an Rúis agus gur cuid de chríocha na Rúise iad feasta.

ːGhlac an Úcráin seilbh ar Kherson ar 11 Samhain 2022.
Príomhalt: Cath Kherson

Donetsk

2023

Agus an cogaíocht in abar, níor athraigh mórán sa troid san Úcráin le linn 2023 ar an gcéad amharc. Faraor géar, níor tháinig an ‘tsáinn’ seo gan costas an-ard daonna ar an dá thaobh. Níor éirigh ach an oiread le frithionsaí Arm na hÚcráine le linn 2023.

Ach de réir a chéile, thosaigh spéis an domhain ag dul i laghad (bhí aird an domhain níos dírithe ar an chinedhíothú agus ar an ollslad atá ar siúl ag arm Iosrael in Gaza). Ina theannta sin, bhí na Poblachtaigh de mheon Donald Trump ag cur bac ar iarrachtaí airgead agus airm a chur ar fáil don Úcráin.

Thar lear

D'fhógair an tIarthar smachtbhannaí in aghaidh na Rúise. Mar shampla, cuireadh srian ar an tráchtáil idir an tAontas Eorpach agus Donetsk agus Luhansk.

D'éirigh an Fhionlainn agus an tSualainn mar bhallstáit de NATO le linn 2023-2024.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Ciarán Mac Aonghusa (Márta 2014). "Anord san Úcráin" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-11-14.
  2. Nuacht RTÉ (2022-02-23). "Smachtbhannaí agus cruinniú mullaigh ordaithe ag an AE" (as ga). 
  3. Nuacht RTÉ (2022-02-22). "An Rúis ullamh le hionradh iomlán a dhéanamh a deir NATO" (as ga). 
  4. europa.eu (15 Márta 2022). "RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/427 ÓN gCOMHAIRLE". Dáta rochtana: Lúnasa 2022.
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2022-02-24). "Tuairiscí ag am lóin faoi Ionradh na Rúise go dtí seo" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2022-02-24). ""Cuirtín Iarainn" ag teacht anuas arís in Úcráin" (as ga). 
  7. "Ukraine reclaims key military airport; Russian troops seize Chernobyl" (en).
  8. Nuacht RTÉ (2023-12-15). "Bac curtha ag an Ungáir ar thuilleadh maoinithe don Úcráin" (as ga-IE). 
  9. 9.0 9.1 9.2 9.3 9.4 Máirtín Ó Duibhir (29 Lúnasa 2022). "Sé mhí ó shin is beag duine a shíl go mbeadh na hÚcránaigh in ann a dtír a chosaint…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-30.
  10. Fachtna Ó Drisceoil (20 Deireadh Fómhair 2022). "Cén fáth nach gcloistear níos mó faoi chaimiléireacht a bheith ag cur as d’fhórsaí na hÚcráine?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-20.
  11. "Sos cogaidh in Mariupol le deis a thabhairt do shibhialtaigh monarcha cruach faoi léigear a fhágáil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-25.
  12. Ciarán Ó Pronntaigh / meoneile.ie (26 Feabhra 2024). "Ní chuidíonn cluain an Iarthair le cás na hÚcráine". Dáta rochtana: 26 Feabhra 2024.
  13. Fachtna Ó Drisceoil (14 Aibreán 2023). "An cogadh san Úcráin agus ceist chigilteach na bhfoinsí eolais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-14.
  14. Fachtna Ó Drisceoil (21 Márta 2024). "Ba chóir do gach duine breathnú ar ‘20 Days in Mariupol’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-21.