Péintéir a rugadh i gKronach (ar ainmníodh as é) gar do Bamberg na Gearmáine ba ea Lucas Cranach(Gearmáinis: Lucas Cranach der Ältere) (1472-1553). Ba phéintéir cúirte é ag Thoghthóirí na Sacsaine ar feadh an chuid is mó dá shaol oibre, agus bhí dlúthbhaint aige le lucht an Reifirméisin. Phéinteáil sé cuid acu agus Liútar ina measc. Le linn a shaoil ghairmiúil rinne sé pictiúir nochtfhíoracha as ábhar a tharraing sé ón miotaseolaíocht agus ón reiligiún. Tá a shárshaothar Christus am Kreuz (Críost ar an gCros, 1503) sa Stadtkirche in Weimar.
Bhí a thriúr mac ina bpéintéirí freisin, agus bhí saothar an dara mac, Lucas Cranach Óg (1515-1586), chomh cosúil le saothar a athar gur deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Tá meas ar Lucas Cranach Mór mar an t-ealaíontóir Gearmánach ba rathúla lena linn.
.
Rugadh é i gKronach in uachtar na Francóine, is dócha sa bhliain 1472. Níl dáta cruinn a bhreithe againn. D'fhoghlaim sé ealaín na líníochta óna athair Hans Maler (ciallaíonn Maler "péintéir" agus cuireann sé a ghairme in iúl de réir a ré agus a aicme).
Fuair a mháthair bás sa bhliain 1491 (bhí an sloinne Hübner uirthi). Níos déanaí baineadh úsáid as ainm a áit bhreithe i gcomhair a shloinne, sean-nós eile de chuid na haimsire. Ní fios conas a cuireadh oiliúint ar Chranach, ach is dócha go bhfuair sé oiliúint ó mháistrí áitiúla na Gearmáine theas, mar an gcéanna le Matthias Grünewald, ealaíontóir a bhí ar lucht a chomhaimsire agus a bhíodh ag obair in Bamberg agus Aschaffenburg. (Príomhchathair dheoise Kronach is ea Bamberg.) Maítear freisin gur chaith Cranach roinnt ama i Vín thart ar 1500.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |