Ocsaigéad

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachOcsaigéad
Substaint cheimiceachaicme struchtúrtha ian

Is ainm traidisiúnta é ocsaigéid d'aon aigéad a bhfuil ocsaigin sa ghrúpa aigéadach. Níos cruinne fós, tagraíonn an téarma ocsaigéad anois do chomhdhúil ina bhfuil ocsaigin, dúil amháin eile ar a laghad, agus hidrigin amháin ar a laghad nasctha le hocsaigin, agus a tháirgeann bun comhchuingeach, trí iain (nó trí ian) hidrigine dheimhnigh a chailleadh. .i. P(OH)3, RC(=O)OH, HOSOH, HOCl, HON=O, (HO)2SO2, RP(=O)(OH)2.

Ocsaigéid aitheanta iad an t-aigéad sulfarach H2SO4, an t-aigéad nítreach HNO3, an t-aigéad fosfarach H3PO4 agus an t-aigéad sárchlórach HClO4. Bíonn sraith iomlán ocsaigéad ag a lán dúl: mar shampla, tá ceithre ocsaigéad ag an gclóirín, mar atá, an t-aigéad sárchlórach, an t-aigéad clórach HClO3, an t-aigéad clórúil HClO2 agus an t-aigéad hipeaclórúil HClO. Tabhair faoi deara, áfach, nach féidir ach an t-aigéad sárchlórach a aonrú ón uisce - níl ocsaigéid eile an chlóirín beo ach i dtuaslagán uisce. Scéal eile gur féidir a gcuid salann a aonrú agus a chriostalú.

Ocsaigéid eisceachtúla iad an t-aigéad fosfarúil agus an t-aigéad fofhosfarúil, toisc go bhfuil adaimh hidrigine iontu atá nasctha go díreach den adamh fosfair, ionas nach féidir leo prótalú a dhéanamh ar aon nós. Sin é an fáth a scríobhtar a bhfoirmlí mar H2HPO3 (aigéad fosfarúil, dhá hidrigin inphrótalaithe, hidrigin amháin dophrótalaithe) agus HH2PO2 (aigéad fofhosfarúil, hidrigin amháin inphrótalaithe, dhá hidrigin dophrótalaithe).

Féach freisin

Tagairtí

Naisc sheachtracha