Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is é Satarn (arb ionann é mar fhocal agus Satharn nó Saturnus, dia na talmhaíochta ag na Rómhánaigh) an séú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras, agus é ar an dara ceann is mó. Tá sé 119,300 ciliméadar ar trastomhas, agus ní mhaireann an lá ach deich n-uair a chloig go leith, rud a dhéanann cothromú ar na poil. Hidrigin is mó atá san atmaisféar agus bíonn stoirmeacha fíochmhara le feiceáil ón domhan. Cuireadh suntas ó thús i gcóras fáinní Satarn agus san iliomad gealach atá ag an bpláinéad. Tá 31 cheann acu ainmnithe agus is é Tíotán an ceann is mó acu. Tá Tíotán chomh mór céanna le Gealacha Galileo, an ceathrar gealach mhóra atá ag timpeallú Iúpatair. Is é Tíotán an dara gealach is mó sa Ghrianchóras, agus é beagáinín níos lú ná Ganymede atá ar an gceann is mó de Ghealacha Galileo.
Thug na spástaiscéalaithe úd Pioneer 11 (1979) agus Voyager 1 agus 2 cuairt ar Shatarn agus thimpeallaigh an taiscéalaí úd Cassini an phláinéid ón 1 Iúil 2004 go deireadh an mhisin sa mhí Mheáin Fómhair 2017.
Cosúil le hIúpatar, Úránas, agus Neiptiún, is gásfhathach é Satarn. Is é sin, tá an chuid is mó den phláinéad féin comhdhéanta as na gáis chéanna atá ina atmaisféar - hidrigin thar aon dúil eile. Mar sin, níl sé furasta a shainmhíniú go sásúil, cá dtagann deireadh leis an atmaisféar agus tús leis an bpláinéad féin. Is léir go bhfuil croíleacán cloiche taobh istigh, ach tá sé i bhfad níos lú ná an pláinéad ina iomlán.
<ref>
tag; name "Q21128615" defined multiple times with different content
athraigh An Grianchóras |
---|
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |