Stáit Aontaithe Mheiriceá

Bosca Geografaíocht PholaitiúilStáit Aontaithe Mheiriceá
United States of America (en)
Estados Unidos de América (es)
Wááshindoon Bikéyah Ałhidadiidzooígíí (nv)
Iunaite Sitete o Amerika (sm)
Estados Unidus (ch)
ᏌᏊᎢᏳᎾᎵᏍᏔᏅᏍᎦᏚᎩ ᎾᎿ ᎠᎺᏰᏟ (chr)
美利堅合眾國 (zh-tw) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnThe Star-Spangled Banner (3 Márta 1931) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«In God We Trust» (1956) Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúiliolar maol Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósMeiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 39°49′41″N 98°34′46″W / 39.828175°N 98.5795°W / 39.828175; -98.5795

PríomhchathairWashington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán331,449,281 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús33.73 hab./km²
Líon na dteaghlach122,354,219 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilBéarla (de facto) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deMeiriceá Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla9,826,675 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Imeallbhord95,471 mi Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Artach, An tAigéan Ciúin agus An tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeDenali (6,190 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleBadwater Basin (en) Aistrigh (−86 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Meicsiceo
Ceanada (1867–) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAn Chónaidhm agus Thirteen Colonies (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 4 Iúil 1776:  (United States Declaration of Independence (en) Aistrigh)
12 Bealtaine 1784:  (Treaty of Paris (1783) (en) Aistrigh)
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaiscóras uachtaránachta, poblacht chónaidhme agus poblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Feidearálach Stát Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhdháil na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar WikidataJoe Biden (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil23,315,080,560,000 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadradollar na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.us, .mil (en) Aistrigh agus .gov Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+1 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála911 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreUS Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinusa.gov Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: USAGov Twitter: usagov Instagram: usagov Youtube: UCcS5Ar_-1AWByLfBmJOG8Xg Youtube: USAgov1 Pinterest: USAGovArchived Cuir in eagar ar Wikidata

Poblacht bhunreachtúil chónaidhme ina bhfuil caoga stát agus ceantar cónaidhme amháin is ea Stáit Aontaithe MheiriceáSAM, atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an ceathrú tír is mó achar agus an tríú tír is mó daonra ar domhan. Tá caoga stát ar fad ann. Is é Alasca an ceann díobh is mó achar, agus California ar an gceann is líonmhaire daonra.

Tá na Stáit Aontaithe ar an t-aon ollchumhacht amháin ar an domhan inniu, nó is í an tír seo atá chun tosaigh ó thaobh na heacnamaíochta, na n-armálacha agus an chultúir de ar an gcuid eile dár bpláinéad. Aithnítear tionchar na luaineachtaí eacnamaíocha sna Stáit Aontaithe ar gheilleagar na dtíortha eile, breathnaítear ar scannáin agus ar chláir teilifíse de dhéantús na Stát Aontaithe, agus labhraítear Béarla Mheiriceá mar fhrancbhéarla idirnáisiúnta. Tarraingíonn cumhacht dhoshéanta na Stát Aontaithe idir adhradh agus fhuath ar an tír, ach ní féidir dearmad ná droichead a dhéanamh di.

Tá an chuid is mó de na stáit suite in aon limistéar amháin in Ilchríoch Mheiriceá Thuaidh. Tá dhá stát ann agus iad scartha ón mbloc seo, mar atá, Stát Haváí, ar oileánra é san Aigéan Ciúin, agus Stát Alasca, a bhfuil stiall chaol de thailte Chúige An Cholóim Bhriotanach, Ceanada, idir é agus Stát Washington.

Stát daonlathach liobrálach is ea na Stáit Aontaithe, agus bhí páirt thar a bheith tábhachtach ag an tír i bhforbairt stairiúil an daonlathais nua-aimseartha. Ós rud é go bhfuil náisiúnachas an stáit bunaithe ar an mbunreacht agus ar an traidisiún daonlathach in áit aon náisiúntacht nó dream eitneach ar leith, fáiltítear lucht inimirce ó gach cearn den domhan, agus dá réir sin, tá na Stáit Aontaithe ar ceann de na tíortha is ilchultúrtha ar fud an domhain. Cé go mbíonn fadhbanna móra ag an tír le ciníochas agus le foréigean, is féidir a rá go raibh córas daonlathach na Stát Aontaithe ábalta an faobhar a bhaint de na fadhbanna seo sa deireadh.

Stair

Meiriceánaigh dhúchasacha agus coilínigh Eorpacha

Ceaptar gurbh as an Áise a tháinig sinsir bhundúchasaigh Mheiriceá go dtí an tOileán Úr. Thosaigh siad ag lonnadh ann am éigin i ndiaidh 12,000 RC. D'éirigh le roinnt phobal bundúchasach leibhéal an-ard cultúrtha a bhaint amach i gcúrsaí curadóireachta, ailtireachta agus státaireachta, cosúil le cultúr Mississippi a bhí faoi réim sna blianta 1500-800 RC, a bheag nó a mhór.

I 1492, shroich an taiscéalaí Genovach Criostóir Colambas, a bhí faoi chonradh ag Coróin na Spáinne, roinnt oileán i Muir Chairib. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil mar Naomh Breandán agus Lochlannaigh ann roimhe ón Eoraip. (Tá sé cinnte go ndeachaigh na Lochlannaigh chomh fada sin ó dheas le Talamh an Éisc). Sna blianta i ndiaidh theacht Cholambais, pé ar bith scéal é, fuair formhór na ndaoine dúchasacha bás de bharr eipidéimí na ngalar Eoráiseach.

Ar 2 Aibreán 1513, tháinig an conquistador Spáinneach Juan Ponce de León i dtír ar "La Florida," mar a bhaist sé air. Ba é sin an chéad teacht Eorpach ar mhórthír na Stát Aontaithe a bhfuil tásc air sna cáipéisí. As na coilíneachtaí bunaithe sa réigiún ag an Spáinn, ní mhaireann ach St. Augustine, a bunaíodh sa bhliain 1565, sa lá atá inniu ann. Chruthaigh trádálaithe Francacha na bhfionnaigh urphoist timpeall na Lochanna Móra; sa deireadh d’éiligh an Fhrainc an chuid is mó de Mheiriceá Thuaidh go dtí Murascaill na Meicsiceo sa deisceart. Ba iad Coilíneacht Virgina, a bunaíodh i Jamestown i 1607, agus Coilíneacht Plymouth na n-Oilithreach, a bunaíodh i 1620, ceann de céad áiteanna lonnaithe rathúla na Sasanach. Bhí a lán inimirce de thoradh chairtfhostú na Coilíneachta Bhá Mhassachusetts i 1628. Thairis sin, bhí Sasana Nua lonnaithe le timpeall 10,000 Piúratánach faoin mbliain 1634. Idir deireadh na 1610-idí agus Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá, chuir timpeall 50,000 ciontach go dtí na coilíneachtaí a bhí ag Sasana, agus níos moille an Bhreatain Mhór, i Meiriceá. Thosaigh muintir na hOllainne ag bunú áite lonnaithe feadh theorainn theas Abhann Hudson, Amsterdam Nua ar Oileán Manhattan san áireamh. Bunaíodh áit lonnaithe beag le taobh na nAbhann Delaware i 1638, dár n-ainm An tSualainn Nua, ach glacadh an áit sin ar láimh leis na hOllannaigh i 1655.

I 1674, bhí na Sasanaigh i gceannas ar na sean-choilíneachtaí Ollannacha; mar sin, athraíodh ainm chúige Nua Ísiltír go dtí Nua-Eabhrac agus New Jersey. Tháinig a lán seirbhísigh féichiúnaigh go dtí an tír – go háirithe sa deisceart. Idir 1630 agus 1680 bhí dhá thrian de na hinimircigh ina seirbhísigh féichiúnaigh. Ag críoch na haoise, bhí sclábhaithe Afracacha ag éiriú príomh-fhoinse an saothair banna. Chruthaigh na 13 coilíneacht Bhriotanacha, a n-éireodh Stáit Aontaithe Mheiriceá, le deighilt na Carolinas i 1729 agus coilíniú Georgia i 1732. Bhí rialtais áitiúla ag gach coilíneacht agus chomh maith leis sin bhí ciall an fhéinrialtais acu le tacaíocht do phoblachtachas. Bhí trádáil na sclábhaithe Afracach dleathach sna 13 coilíneacht, leis. Le hardrátaí beireatais, rátaí báis ísle agus inimirce seasta, mhéadaigh daonra na gcoilíneachtaí faoi dhó gach 25 bliain. Faoin mbliain 1770, bhí 3 mhilliún duine ina gcónaí sna coilíneachtaí – timpeall leath dhaonra na Breataine. Cé go ngearrfaí cánacha orthu, ní raibh aon ionadaithe féin acu sa Pharlaimint i Londain—"diabhal cánacha gan ionadaíocht", mar a dúirt na ceannairceoirí féin.

Neamhspleáchas agus fairsingiú Mheiriceá

Príomhalt: Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá
17 Meán Fómhair 1787

Bhí a lán teannais idir muintir na gcoilíneachtaí agus na Sasanaigh i rith an tréimhse réabhlóidigh (1760-1770). Mar sin, tháinig Comhdháil Mhór-Roinn i bhPhiladelphia ar 14ú Iúil, 1775 agus chruthaigh siad an tArm Ilchríochach as na mílístí áitiúla. Cuireadh na fórsaí faoi cheannas George Washington. Ghlac an Chomhdháil leis an bhFógra Neamhspleáchais ar 4ú Iúil, 1776. Dar leis an bhFógra, “cruthaítear gach fear go cothrom” agus tá “cearta doshéanta áirithe” acu. Bhí an Fógra dréachtaithe le Thomas Jefferson agus ghlaoigh sé “stáit” ceannnasachta ar na coilíneachtaí.

I 1777, glacadh Airteagail na Cónaidhme a aontaigh na stáit faoi rialtas feidearálach lag. Mhair sé sin go dtí 1788.

D’éalaigh idir 70,000-80,000 daoine a bhí dílis don Choróin Bhriotanach, a lán acu ag tabhairt aghaidh ar Nova Scotia agus na críocha Briotanacha nua i gCeanada. Maidir leis na Meiriceánaigh dhúchasacha, throid siad ar dhá thaobh an chogaidh.

17 Meán Fómhair 1787ː Bunreacht na Stát Aontaithe

Fuair na fórsaí Meiriceánacha cabhair ó na Francaigh agus sa deireadh, bhuaigh siad an cogadh ar 3 Meán Fómhair 1783. I 1783, ghlac An Bhreatan Mhór le neamhspleáchas na 13 coilíneacht.

Ceithre bliana níos moille, sa bhliain 1787, eagraíodh coinbhinsiún bunreachtúil. Bhí sé ar intinn ag na teachtaí rialtas náisiúnta láidir a chruthú.

I Mí Meithimh 1788, bhí Bunreacht na Stát Aontaithe daingnithe ag naoi stát. Bhí sé sin a ndóthain chun rialtas nua a chruthú. Mar sin, chuaigh an chéad Seanad, céad Teach na n-Ionadaithe, agus an chéad Uachtarán, George Washington, i mbun dualgas sa bhliain 1789.

Dearbhaíodh Nua-Eabhrac mar phríomhchathair fheidearálach ar feadh bliain amháin. Ina dhiaidh sin, bhog an rialtas go dtí Philadelphia.

I 1791, daingníodh Bille na gCeart, is é sin, deich leasú a cuireadh leis an mBunreacht. Thug na leasuithe sin roinnt chosaint dhlíthiúil do na daoine – mar shampla, ní raibh cead ag an rialtas feidearálach srianta a chur ar shaoirse phearsanta na ndaoine. Bhí clásal sa Bhunreacht ag cosaint na sclábhaíochta suas go dtí 1808. Ach bhí dearcaigh faoi sclábhaíocht ag athrú, áfach. Mar sin, dhíothaigh na Stáit Thuaidh an sclábhaíocht idir 1780 agus 1804. Ach fós mhair na stáit sa deisceart mar chosantóirí na “hinstitiúide aisteach” seo. I 1800, bhog an rialtas feidearálach go dtí an chathair nua, Washington, D.C.

Forógra na Saoirse le John Trumbull (1817–18)

I rith an naoú haois déag, thosaigh na Meiriceánaigh ag bogadh siar agus mar sin bhí a lán cogadh idir iad féin agus na Meiriceánaigh dúchasacha. I 1803, cheannaigh an tUachtarán Thomas Jefferson a lán críocha ó na Francaigh (“An Ceannach Louisiana”) agus de réir sin, dúbhaileadh méid an náisiúin. Chomh maith leis sin, tharscaoil An Spáinn talamh timpeall Florida mar gheall ar ionsaithe ó na fórsaí Meiriceánacha sa cheantar. I 1845, fuair an tír Poblacht na Texas, leis. Sínigh na Stáit Aontaithe Conradh an Oregan leis na Sasanaigh agus de bharr sin, fuair siad smacht thar Iarthuaisceart Mheiriceá. Bhuaigh na Stáit Aontaithe an Cogadh Meicsiceo-Meiriceá freisin agus fuair siad California agus a lán talaimh in Iardheisceart na tíre. Idir 1848-49, cheap a lán daoine go raibh ór i gCalifornia agus bhí níos mó inimirce siar. De dheasca sin, tógadh iarnróid nua. Ach bhí dochar ag baint leis sin mar maraíodh suas go 40 milliúin bison Meiriceánacha dona gcraiceann, bhfeoil agus chun spás a chruthú do na hiarnróid. Bhí sé sin go huafásach do chultúr na nIndiach ar na plánaí mar ba phríomh-seift iad na bison dóibh.

Cogadh Carthartha agus Réabhlóid Tionsclaíochta

Príomhalt: Cogadh Cathartha SAM

Bhí a lán teannais idir na saorstáit agus na stáit sclábhaíochta. Chomh maith leis sin bhí easaontais faoin gcaidreamh idir an rialtas stáit agus an rialtas feidearálach. I 1860, toghadh Abraham Lincoln, iarrthóir don Pháirtí Poblachtach a bhí i gcoinne sclábhaíochta. Sar a ndeachaigh sé i mbun dualgas, d’fhógair seacht stát sclábhaíochta a neamhspleáchas ó na Stáit Aontaithe agus chruthaigh siad Stáit Cónaidhme Mheiriceá. Dhearbhaigh an rialtas feidearálach gur scaradh mídhleathach a bhí ann. Nuair a ionsaíodh Dún Sumter, thosaigh Cogadh Carthartha Mheiriceá agus chuaigh ceithre stát eile i gcomhar leis an gCónaidhm. Saoradh na sclábhaithe cónaidhme agus a bhog fórsaí an Aontais tríd an Deisceart. Tar éis bua an Aontais i 1865, cuireadh trí leasú le Bunreacht na Stát Aontaithe a shaor beagnach ceithre milliúin Meiriceánaigh Afracacha a bhí ina sclábhaithe. Anois, ba shaoránaigh iad na Meiriceánaigh Afracacha agus bhí cead acu vótáil. Mar gheall ar an chogaidh, bhí níos mó cumhachta ag an rialtas feidearálach.

Ceann de na gníomhartha deireanach den Chogadh Carthartha ná feallmharú an Uachtaráin Lincoln. De thoradh sin, d’éirigh polasaithe na hAtógála, sin polasaithe an Pháirtí Phoblachtaigh níos radacaí. Chríochnaigh Ré na hAtógála leis an gComhréiteach i 1877. Réitigh an Comhréiteach sin an díospóid maidir le toghchán an uachtaráin i 1876. Ach chaill mórán Meiriceánach Afracacha a gceart vótála, áfach, de bharr dlí Jim Crow. I dtuaisceart na tíre tharla a lán inimirce agus de dheasca sin, thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch. Mhair an plódú inimirce sin go dtí 1929. Sholáthair an lucht oibre sin saothar do ghnóthlachtaí Meirceánacha agus d’athraigh sé an cultúr Meiriceánach. Ceannaíodh Alasca ón Rúis sa bhliain 1876 agus ansin bhí fairsingiú na tíre trasna na mór-roinne críochnaithe. Sa bhliain 1893, bhris grúpa Meiriceánaigh an mhonarcacht dhúchasach in Haváí agus sa bhliain 1898 rinneadh nasc-ghabháil ar an oileánra.

An Chéad Chogadh Domhanda, an Spealadh Mór, agus an Dara Cogadh Domhanda

Príomhailt: An Chéad Chogadh Domhanda, An Spealadh Mór, An Dara Cogadh Domhanda

Ag tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda i 1914, bhí na Stáit Aontaithe neodrach. Rinne na Meiriceánaigh comhbhrón leis na Sasanaigh agus leis na Francaigh, ach bhí a lán saoránaigh, go háirithe Éireannaigh agus Gearmánaigh i gcoinne idirghabhála. Ach i 1917, ghlac na Stáit Aontaithe páirt sa chogadh leis na comhghuaillithe. Níor theastaigh ó na Stáit Aontaithe a bheith gafa i gcúrsaí Eorpacha, agus mar sin, níor daingníodh an Seanad an Conradh Versailles. Chruthaigh an Conradh sin Conradh na Náisiún.

I 1920, bhí bua ag gluaiseacht na mban mar chuir leasú leis an mbunreacht a dheonaigh vótáil chomhchoiteann dhíreach do mhná. As siocair a gcuid seirbhíse sa chogadh, fuair Meiriceánaigh dhúchasacha saoránacht Mheiriceánach de réir Acht Saoránachta na n-Indiach, 1924.

Grianghraf cáiliúil ó thréimhse an Spealta Mhóir: Migrant Mother le Dorothea Lange (1936)

I rith an chuid is m ó de na 1920idí, bhain na Stáit Aontaithe sult as rathúnas míchothrom mar d’ísligh brabúis feirme agus d’fhás brabúis tionsclaíochta. Ba iad ardú i bhfiach agus stocmhargadh boilscitheach príomhchúiseanna na tuairte i 1929. Ba é an tuairt sin a chur tús leis an Spealadh Mór. Toghadh ina hUachtarán Franklin D. Roosevelt i 1932 agus chruthaigh sé an Beart Nua. Iomad polasaí a bhí ann a mhéadaigh idirghabháil an rialtais san eacnamaíocht. Bhí a lán feirmeacha ar míbhail sna 1930idí de réir an Babhla Deannaigh. De dheasca sin, tharla a lán inimirce nua thiar. Ní bhfuair an tír biseach ón spealadh go dtí go ndeachaigh siad isteach sa Dara Cogadh Domhanda. Cé go raibh na Stáit Aontaithe neodrach go héifeachtach i rith céime luath an chogaidh, thosaigh siad ag soláthar ábhair chogaidh do na comhghuaillithe i Mí Mhárta 1941 de réir an chláir Iasacht-Léas.

Ar an 7 Nollaig 1941,tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin. Ba é an dara Cogadh Domhanda an cogadh ba chostasaí ar fud stair Mheiriceá; ach fós mhéadaigh eacnamaíocht na Stáit Aontaithe mar cruthaíodh a lán infheistíochtaí agus post. Tionóladh comhdháil chomhghuaillithe i mBretton Woods agus i Yalta agus tugadh mionchuntas ar córais idirnáisiúnta nua a chuir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Sóivéadach i lár cúrsaí domhain. I ndiaidh bua san Eoraip, tionóladh comhdháil idirnáisiúnta i San Francisco a sholáthair Cairt na Náisiún Aontaithe. Ba í Meiriceá an chéad tír ar domhain chun airm núicléacha a fhorbairt agus d’úsáid siad na hairm sin ar dhá chathair sa tSeapáin, Hiroshima agus Nagasaki, i Mí Lúnasa. Ghéill an tSeapáin ar an dóú de Mheán Fómhair agus chuir sé sin críoch leis an gcogadh.

Cogadh Fuar agus Cearta Sibhialta

Príomhalt: An Cogadh Fuar

Is é atá i gceist leis an gCogadh Fuar ná coimhlint idé-eolaíoch, gheilleagrach agus pholaitiúil a bhí ar siúl san 20ú haois idir Stáit Aontaithe Mheiriceá is an caipitleachas ar aon taobh amháin, agus an tAontas Sóivéadach is an cumannachas ar an taobh eile. Bhí an dá thír sin, nó "mórchumhachtaí" mar a ghlaodh orthu, gafa i gcúrsaí míleata na hEorpa trí mheán ECAT agus Chomhaontú Vársá. Thacaigh an dá mhórchumhacht sin deachtóireachtaí agus ghabh siad le cogaidh ionadaí. Throid trúpaí na Stát Aontaithe i gcoinne fórsaí cumannacha na Síne i gcogadh na Cóiré i rith 1950-53. Ghabh an House Un-American Activities Committee (sin é "An Coimisiún um Ghníomhaíochtaí Fhrith-Mheiriceánacha") sraith imscrúduithe ar dhaoine faoi amhras a bheith ina gcumannaigh. D’éirigh Joseph McCarthy ina cheannaire ar an maoithneachas frith-Chumannaí sin.

Lainseáil an tAontas Sóivéadach an chéad spásárthach le duine ar bord sa bhliain 1961 agus mar sin rinne na Stáit Aontaithe iarracht oilteacht i matamaitice agus eolaíocht a ardú. Theastaigh ón Uachtarán John F. Kennedy duine a chur ar an nGealach roimh aon tír eile agus mar sin, i 1969 bhí Neil Armstrong agus Edwin Aldrin ar an chéad bheirt a bhain an Ghealach amach. Bhí ar Kennedy déileáil leis an éigeandáil núicléach le fórsaí Sóivéadacha chomh maith. Idir an dá linn d’fhás eacnamaíocht Mheiriceá. Ach ag an am céanna, bhí a lán Meiriceánaigh Afracacha suntasacha, mar Martin Luther King, i gceannas ar Ghluaisteacht na gCearta Sibhialta. Chuaigh an ghluaisteacht sin i ngleic le idirdhealú na ndaoine. Sa deireadh, d’éirigh leis an ngluaisteacht na dlíthe Jim Crow a dhíothú. I ndiaidh feallmharú Kennedy i 1963, glacadh Acht na gCearta Sibhialta, 1964 ag Uachtarán Lyndon B. Johnson. Leathnaigh a chomharba, Richard Nixon, na cogaidh in Oirdheisceart na hÁise. Cuireadh dlús le próiseas na síochána ach lean Cogadh Vítneam ar aghaidh go dtí 1975.

De thoradh scannail Watergate, cuireadh roinnt chúiseamh i leith Nixon, lena n-áirítear bacadh ceartais agus mí-úsáid cumhachta. Mar sin, thiocfadh dó gur cuireadh táinseamh air agus chun é sin a sheachaint, ba é Nixon an chéad Uachtarán Meiriceánach riamh a éirigh as oifig; chuaigh Leasuachtarán Gerald Ford i mbun dualgas. I rith uachtaránacht Jimmy Carter ag deireadh na 1970idí, chuaigh eacnamaíocht Mheiriceá in olcas. Nuair a tóghadh Ronald Reagan i 1980, bhog polaitíocht Mheiriceá go dtí an taobh deas. Bhí sé sin brathmhar in eacnamaíocht na tíre mar athraíodh tosaíochtaí maidir le cánachas agus caitheamh. I rith na 1980idí laghdaigh cumhacht an Aontais Shóivéadaigh. Ag tús na 1990idí, bhain an chuid is mó de na Poblachtaí Sóisialacha a neamhspleáchas amach agus mar sin tháinig an Cogadh Fuar chun crích.

An Nua-Aois

Ghabh na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe le ról ceannaireachta sna Náisiúin Aontaithe. Cheadaigh George H. W. Bush Cogadh na Murascaille agus Cogaidh na hIúgslaive agus bhí sé soiléir gur mórchumhacht deireadh ar domhain ab ea na Stáit Aontaithe. Mothaíodh an leathnú eacnamaíochta ba mhó i rith stair nua-aois Mheiriceá idir Márta 1991 go Márta 2001. Bhí na huachtaráin George H.W. Bush, Bill Clinton agus George W. Bush in oifig sa tréimhse sin. I 1998, tháinsíodh Clinton ar chúisimh a bhain le cúis dlí sibhialta agus scannal gnéasach, ach shaor an Seanad é agus d’fhan sé in oifig.

I rith na 1990idí, bhí méadú i sceimhlitheoireacht Ioslamach i gcoinne Meiriceánach – go háirithe ó ghrúpaí mar al-Qaeda. Bhí ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda sa bhliain 1993, ionsaí ar fórsaí Meiriceánacha sa tSomáil, an bhuamáil ar na Túir Khobar i 1996, na buamáilí ar ambasáid Mheiriceá sa Tansáin agus sa Chéinia, na ceilgí chun ionsaí a dhéanamh i 2000, agus an bhuamáil i 2000 ar an USS Cole sa Phoblacht Éimin i Mí Deireadh Fómhair. Fadhb mhór a bhí ag baint le réim Saddam Hussein san Iaráic – go háirithe do chomharsanna na hIaráice agus do na Náisiúin Aontaithe. De thoradh sin, chuir an NA roinnt smachtbhannaí ar an Iaráic agus bhí na Sasanaigh agus na Meiriceánaigh ar patrol i limistéireachtaí "no-fly" na hIaráice agus tharla Feachtas "Desert Fox". Glacadh Acht Shaoradh na hIaráice, 1998, a bhí ag lorg réim Saddam Hussein a bhriseadh agus córas daonlathach a chur ina ionad.

Ba é toghchán na huachtaráin i 2000 ceann de na toghcháin ba chonspóidí riamh i Meiriceá ach, sa deireadh, toghadh George W. Bush. Ar 11ú Meán Fómhair 2001, bhuail sciemhlitheoirí al-Qaeda dá thúr an Ionaid Thrádála Dhomhanda i gcathair Nua-Eabhrac agus An Peinteagán in aice Washington, D.C.. Maraíodh timpeall 3000 daoine. Tar éis na hionsaithe, d'fhógair George W. Bush cogadh ar sceimhlitheoireacht agus bhí tacaíocht an Chomhphobail Idirnáisiúnta á lorg aige. Ag deireadh 2001, thosaigh Feachtas "Enduring Freedom" agus an aidhm a bhí ag an bhFeachtas ná an rialtas Taliban agus campaí traenála al-Qaeda a bhriseadh ón Afganastáin. Sa lá atá inniu ann tá fórsaí Taliban fós ag troid i gcoinne fórsaí ECAT sa tír úd.

I 2002, thosaigh Bush ag úsáid teanga ó Acht Saoradh na hIaráice, 1998 agus an Riarachán Clinton chun athrú réime san Iaráic a éileamh. Bhí a lán tacaíocht ag Bush sna Stáit Aontaithe agus chruthaigh sé Coalition of the Willing (sé sin "Comhcheangal Fonnmhar"). Ba é a bhí i gceist leis an gComhcheangal ná na tíre a bhí ag tabhairt tacaíochta do na Stáit Aontaithe maidir leis an gcogadh san Iaráic, idir na tíre a thug tacaíocht mhileata agus na tíre a thug tacaíocht fhocal. I Mí Márta 2003, d’ordaigh Bush Feachtas Iraqi Freedom agus briseadh Saddam Hussein ón oifig. Cé go raibh brú ar na Stáit Aontaithe an Iaráic a fhágadh tá na Stáit Aontaithe agus a comhcheangal fós san Iaráic. Tá an comhcheangal ag traenáil armtha nua Iaráice sa lá atá inniu ann agus ag cabhrú forbartha eacnamaíochta agus bonneagair na tíre.

Sa bhliain 2008, i dtoghchán ina raibh John McCain ina hiarrthóir don Pháirtí Poblachtach agus Barack Obama ina hiarrthóir don Pháirtí Daonlathach, bhuaigh Obama. Is é Barack Obama an chéad Meiriceánach Afracach a bheith ina cheannaire don tír.

Bolcán suanach in iarthuaisceart na tíre

Tíreolaíocht

Is é achar talún na Stáit Aontaithe teorantach 7.7 milliún ciliméadar cearnach, is iad an tríú tír is mó sa domhain. Tá radharcra na tíre an-éagsúil, idir choillte agus chnoic san oirthear, phortaigh mhangróibh i bhFlorida, agus mhachairí móra i lár na tíre. Is í Nua-Eabhrac an chathair is mó.

Tá an tír ag críochantacht le Ceanada thuaidh agus le Meicsiceo theas.

Rialtas

Is iad na Stáit Aontaithe an chónaidhm mharthanach is sine ar domhain. Poblacht bhunreachtúil atá ann agus cosnaítear cearta neamhfhorleathana leis an ndlí. Is é an cóiriú rialtais ná daonlathach ionadaíoch, ach ní féidir le saoránaigh atá ina gcónaí sna críocha vóta a chaitheamh do hoifigigh feidearálacha. Tá an rialtas rialaithe le córas fíorú agus fuílleach atá sainmhíniú le Bunreacht na Stát Aontaithe. Is é an Bunreacht sár-dhoiciméad dlíthiúil na tíre agus feidhmíonn sé mar chonradh sóisialta do dhaoine na Stát Aontaithe. I gcóras feidearálach Mheiriceá, go hiondúil, tá saoránaigh ceangailte le 3 leibhéal rialtais: an rialtas feidearálach, rialtas an stáit, agus an rialtas áitiúil. De ghnáth tá dualgais an rialtais áitiúil roinnte idir rialtais chontae agus bhardasacha. I mbeagnach gach cás, toghtar oifigigh feidhmiúcháin agus oifigigh reachtacha trí vóta tromlach de cheantar. Níl aon ionadaíocht chionmhar ag an leibhéal feidearálach agus tá sé annamh ag leibhéil íochtaracha. Den chuid is mó, tá breithimh stáit agus feidearálacha ainmniú ag an mbrainse feidhmeannach agus ceadaithe ag an reachtas.

Tá trí bhrainse sa rialtas feidearálach, agus iad sách neamhspleách ar a chéile. Mar sin, coinníonn siad srianta le chéile, agus aon chraobh amháin obair an dá cheann eile a lochtú is a cheartú.

An Teach Bán, Washington, D.C.
  • An Chumhacht Fheidhmitheach: an tUachtarán. Is é an tUachtarán a cheapann na hAirí Rialtais, le formhuiniú na Comhdhála. Tá an tUachtarán ina cheannfort ar an armtha chomh maith. Tá ceart ag an Uachtarán chun bille reachtacha a chrosadh sar a éiríonn siad an dlí.
  • An Chumhacht Bhreithiúnach: An Chúirt Uachtarach agus na cúirte ar leibhéil is ísle ná í. Tá na breithiúna ceaptha ag an Uachtarán le formhuiniú an Seanaid. D’fhéadfadh na cúirteanna dlíthe a léiriú agus dlíthe a iompú má mheastar gur dlíthe míbhunreachtúla atá ann.

Tá 435 feisire i dTeach na nIondaithe. Déanann na feisirí sin iondaíocht ar son ceantair chomhdháile ar feadh thréimhse dhá bliana. Roinntear suíocháin an tí idir na caoga stáit de réir daonra gach deich mbliana. Dar leis an ndaonáireamh i 2000, tá ionadaí amháin ag seacht stát. Tá 53 ionadaí ag California, an stát is líonmhaire daonra. Tá beirt seanadóir ag gach stát. Toghtar na seanadóirí ar feadh thréimhse sé bliana. Toghtar trian de na seanadóirí gach dhá bhliain. Bíonn an tUachtarán i seilbh oifige go ceann ceithre bliana agus ní féidir le héinne a bheith ina nUachtarán ach faoi dhó. Ní thoghtar an tUachtarán le vóta lomdíreach, ach le córas indíreach, sin é toghcholáiste. Roinntear na vótaí maidir le stát. Tá 9 comhalta sa Chúirt Uachtarach agus bíonn siad i seilbh oifige go ceann a saol. Is é Príomh-Bhreitheamh na Stát Aontaithe ceannaire na Cúirte Uachtaraí.

Tá dlí agus nós imeachta an rialtais feidearálaigh agus an rialtais stáit faoi réir athbhreithnithe ag na cúirteanna. Iompaítear aon dlí a rialaítear in aghaidh an dlí ag an mbrainse breithiúnach. Cruthaíonn buntéacs an Bhunreacht freagrachtaí agus struchtúr an rialtais feidearálaigh. Tugann an Bunreacht mionchuntas ar an gcaidreamh idir an rialtas feidearálach agus na stáit aonair, agus cúrsaí bunúsacha mar shampla údarás eacnamaíochta agus míleata. Cosnaíonn Airteagal a hAon an “eascaire mhór”, sin é habeas corpus, agus ráthaíonn Airteagal a Trí an ceart chun triail ghiúiré a fháil i gceann gach cás coiriúil. Is gá le trí ceathrú na stát leasuithe don Bhunreacht a cheadú. Tá 27 leasú sa Bhunreacht; is é Bille na gCeart ná an chéad deich leasú. Déanann Bille na gCeart agus an Ceithre Leasú Deag bonn na gceart sna Stáit Aontaithe.

Ballstáit

Príomhalt: Stáit Mheiriceá

Déimeagrafaic

Dar leis an ndaonáireamh a rinne Biúró an Daonáirimh i 2008, tá an daonra measta timpeall 304.516.00. Bhí timpeall 11,2 milliún inimirceach mídhleathach ar áireamh sa mheastachán sin. Bhí an ráta fháis 0,89% i gcomparáid le 0,16% - an ráta fhás san Aontas Eorpach. Tá an ráta breithe (14,16 as gach 1.000) 30% faoi mheán an domhain, ach tá sé níos airde ná aon tír Eorpach ach an Albáin agus Éire amháin. I 2006, deonaítear cónaí dlíthiúil ar 1,27 milliún inimirceach mídhleathach. Ar feadh fiche bliana, is é an Meicsiceo an tír a thagann an chuid is mó de na hinimircigh go dtí na Stáit Aontaithe; gach bliain ó 1998 is iad an tSín, an India agus na hOileáin Fhilipíneacha na hardthíortha a sheolann inimircigh. Is é an Meiriceá an tír thionsclaithe aonair ina bhfuil méadú mhór daonra réamhaithriseadh.

Tá daonra éagsúil ag na Stáit Aontaithe – tá níos mó ná milliún ball i 31 grúpa sinsear. Is iad na daoine geala an grúpa ciníoch is mó sa tír; is iad na Meiriceánaigh Gearmánacha, na Meiriceánaigh Éireannacha, agus na Meiriceánaigh Sasanacha na 3 grúpa sinsear is mó. Is iad na Meiriceánaigh Afracacha an mionlach ciníoch is mó agus an an tríú grúpa sinsear is mó sa tír. Is iad na Meiriceánaigh Áiseacha an dara mionlach ciníoch is mó sa tír agus na Sínigh agus na Filipínigh an dá grúpa sinsear is mó sa mhionlach sin. I 2006, bhí timpeall 4,5 milliún daoine le sinsir Mheiriceánaigh dhúchasacha nó sinsir Alascacha (agus 2,9 milliún daoine den sinsear sin amháin) agus níos mó ná milliún daoine le sinsir ó Haváí nó Oileán Chiúin (0,5 milliún daoine den sinsear sin amháin). Treocht mhór atá sna Stáit Aontaithe sa lá atá inniu ann ná fás an daonra Mheiriceánaigh Laidineacha. Tá amuigh is istigh ar 44 milliún Meiriceánaigh de shliocht Spáinneach, agus tá timpeall 64% le sinsear Mheicsiceacha. Idir 2000 agus 2006, d’fhás daonra Spáinneach na tíre le 25,5% ach níor fhás an daonra Easpáinneach ach 3,5%. Tháinig an chuid is mó den fhás sin ó hinimirce. I 2004, rugadh 12% den daonra Mheiriceánach i dtíortha iasachta, agus níos mó ná leath an uimhire sin ón Meiriceá Laidineach.

Cónaíonn timpeall le 83% den daonra i gceann de na 363 limistéar cathrach. I 2006, bhí daonra thar 100.000 daoine i 254 áit chorpraithe sna Stáit Aontaithe, agus bhí níos mó ná milliún cónaitheoir i 9 gcathair agus thar 2 mhilliún cónaitheoir i 4 cathair (Nua-Eabhrac, Los Angeles, Chicago, agus Houston). Tá caoga limistéar cathrach sna Stáit Aontaithe le daonra thar milliún daoine.

Teanga

Teangacha(2003)
An Béarla (amháin) 214.8 milliún
An Spáinnis agus na fásteangacha gaolmhara 29.7 milliún
An tSínis 2.2 million
An Fhraincis agus na fásteangacha gaolmhara 1.9 milliún
An Tagálaigis 1.3 milliún
An Vítneaimis 1.1 milliún
An Ghearmáinis 1.1 milliún

Is é an Béarla an teanga náisiúnta de facto. Cé nach bhfuil aon teanga oifigiúil ag an leibhéal feidearálach, cuireann roinnt dlíthe, mar na riachtanais do headóirsiú, caighdeán ar Bhéarla. Sa bhliain 2003, labhair timpeall 215 milliún duine, is é sin 82% den daonra thar 5 bliana d’aois, Béarla amháin sa bhaile. Labhair níos mó ná 10% den daonra Spáinnis sa bhaile. Mar sin, is í Spáinnis an dara teanga sa tír agus is í an teanga iasachta is mó a mhúintear freisin. Molann roinnt Meiriceánach stádas oifigiúil a chur ar an mBéarla, mar a bhfuil sé i 28 stát ar a laghad. Is teangacha oifigiúla iad Haváís agus Béarla in Haváí de réir dlíthe an stáit. Cé nach bhfuil teanga oifigiúil ag Nua-Mheicsiceo nó Louisiana, tá dlíthe ann chun úsáid Bhéarla agus Spáinnise a chur ar fáil do dhaoine i Nua-Mheicsiceo agus úsáid Bhéarla agus Fhraincise a chur ar fáil do dhaoine in Louisiana. I stáit eile, mar shampla California, ní mór doiciméid rialtais áirithe a fhoilsiú as Spáinnis chomh maith. Deonaíonn roinnt críoch aitheantas dá dteangacha dúchasacha in éineacht le Béarla: glactar le Samóis mar theanga oifigiúil eile i Samó Mheiriceá agus Chamorro mar theanga oifigiúil eile in Guam agus sna hOileáin Mariana Thuaidh. Is í Spáinnis an teanga oifigiúil i bPuerto Rico.

Creideamh

Go hoifigiúil, tír shaolta is ea na Stáit Aontaithe; ráthaíonn Bunreacht na Stát Aontaithe saoirse creidimh. Ní iniúchann an rialtas creideamh na Meiriceánach. Dar le suirbhé príobháideach a stiúradh i 2001, mhaígh 76,5% de Meiriceánaigh gur Chríostaí iad, síos ó 86,4% i 1990. Chleacht 52% de Mheiriceánaigh fásta ceann de na sainchreidimh Protastúnacha, agus bhí 24,5% de dhaoine ag cleachtadh Caitlicigh Rómhánaigh. An tuairisciú iomlán de Neamh-Chríostaí i 2001 ná 3,7%, suas ó 3,3% i 1990. Is iad na príomhchreidimh Neamh-Chríostaí ná Giúdachas (1,4%), Ioslam (0,5%), Búdachas (0,5%), Hiondúchas (0,4%) agus Uilíochas Aonadúil (0,3%). Idir 1990 agus 2001, dhúbháil an méid Moslamach agus Búdasach. Mhínigh 8,2% de dhaoine iad féin mar aindiachaí i 1990 agus d’ardaigh é sin go dtí 14,1% i 2001. Ach tá an méid sin fós níos lú ná i dtíortha iarthionsclaíocha eile mar shampla sa Bhreatan (44% i 2005) agus an tSualainn (69% i 2001, 85% i 2005).

Oideachas

Tá an t-oideachas poiblí Meiriceánach faoi stiúradh rialtais na stát agus pobail áitiúla, agus rialaíonn Roinn Oideachais na Stát Aontaithe an córas agus an Roinn ag baint úsáid as srianta ar dheontais feidearálacha. I ngach stát nach mór, tá ar pháistí freastal ar scoil ó 6 nó 7 mbliana d’aois (de ghnáth sin é Kindergarten nó Rang a hAon) go dtí 18 mbliana d’aois (go hiondúil ó Rang a Dó-Dhéag go dtí deireadh na meánscoile). Ceadaíonn roinnt stát daltaí an scoil a fhágáil agus iad 16 nó 17 mbliana d’aois. Cláraítear timpeall 12% de pháistí i scoileanna príobháideacha neamhsheicteacha nó i scoileanna paróisteacha. Faigheann thar 2% de pháistí oideachas sa bhaile. Tá a lán institiúidí oideachais ardleibhéil sna Stáit Aontaithe idir cinn phríobháideacha agus phoiblí, agus tá cuid díobh thar a bheith iomaíoch. Chomh maith leis sin tá coláistí pobail le cáilíochtaí difriúla agus le polasaí oscailte maidir leis an gcead isteach. As Meiriceánaigh 25 bliain d’aois agus níos sine, bhain 84,6% díobh céim amach ó mheánscoil, d’fhreastail 52,6% ar choláiste éigean, fuair 27,2% díobh céim baitsiléara. Tá an bunráta litearthachta amuigh agus istigh ar 99%. Cuireann na Náisiúin Aontaithe innéacs oideachais de 0,97 ar na Stáit Aontaithe agus mar sin, tá sé ar dhá thír san 12ú áit is fearr ar domhan maidir le hoideachas.

Sláinte

Tá an t-ionchas saoil i Meiriceá (77.8 bliain) níos ísle ná an uimhir iomlán in Iarthar na hEorpa; tá an uimhir trí nó ceithre bliana níos ísle ná san Iorua, san Eilvéis agus i gCeanada. D’ísligh céimíocht na tíre maidir leis an ionchas saoil thar fiche bliain, ón 11ú áit go dtí an 42ra háit sa domhan. Tá an ráta mortlaíochta (6.37 as gach 1,000 daoine) sa 42ra háit as 221 tír, ar chúl gach tíre in Iarthar na hEorpa. Tá na rátaí marthanais maidir le hailse sna Stáit Aontaithe ar na rátaí is airde ar domhan. Tá timpeall is an tríú cuid de dhaonra aosach Mheiriceá murtallach agus tríú cuid breise róthrom; is é sin an ráta is airde sa domhan tionsclaithe agus dhúbháil an ráta sa deireadh 25 bliain. Measann gairmí sláinte gur eipidéim is ea diaibéiteas chineál 2 a bhaineann leis an otracht. Tá an ráta toirchis i measc déagóirí sna Stáit Aontaithe (79,8 as gach 1000) cheithre oiread níos mó ná sa Fhrainc agus a chúig oiread níos mó ná sa Ghearmáin. Is féidir ginmhilleadh dlíthiúil a fháil sna Stáit Aontaithe ach is conspóid mhór pholaitiúil í. Cuireann a lán stát cosc ar chistiúchán poiblí don ghinmhilleadh. Tá roinnt dlíthe ann sna stáit chomh maith a chuireann cosc ar ghinmhilleadh san iarthéarma, ní foláir an ginmhilleadh a chur in iúl do thuismitheoirí maidir le déagóirí, agus uaireanta tá tréimhse feithimh ann sar is féidir an ginmhilleadh a fháil. Cé go bhfuil an ráta ginmhilltí ag laghdú, tá coibhneas ginmhilltí Mheiriceá (241 as gach 1000 breith beo agus 15 as gach 1000 bean idir 15-44) níos airde ná formhór na tíre in Iarthar na hEorpa.

Caitear níos mó ar an gcóras sláinte sna Stáit Aontaithe ná mar in aon náisiún eile má tomhaistear é i gcaitheamh an duine agus i gcéatadán an OTN. Níl córas sláinte na Stát Aontaithe uilíoch murab ionann agus tíortha forbartha eile. Baineann an córas níos mó feidhm as cistiúcháin phríobháideacha. Sa bhliain 2004, d’íoc árachas príobháideach as 36% den chaiteachas sláinte pearsanta, íocaíochtaí-as-póca príobháideacha ar 15% agus rialtais feidearálacha, stáit agus áitiúla ar 44%. Sa bhliain 2000 chuir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte córas sláinte na Stát Aontaithe sa chéad áit ar domhan maidir le freagrachas, ach sa 37ú áit maidir le feidhmiú ginearálta. Is ceannaire iad na Stáit Aontaithe i nuála sláinte. I 2004, chaith earnáil neamhthionsclaíoch na Stát Aontaithe a trí oiread an duine ná an Eoraip ar thaighde bithleighis. Is iad billí leighis príomhchúis féimheachta pearsanta sna Stáit Aontaithe. I 2005, ní raibh árachas ag 46,6 milliún de Mheiriceánaigh, sin é 15,% den daonra. Is í príomhchúis an meathlú sin ná an laghdú in árachas sláinte atá urraithe ag fostóirí, a thit ó 62,6% i 2001 go 59,5% i 2005. Bhí amuigh agus istigh an tríú cuid de na daoine gan árachas ina gcónaí i líon tí le hioncaim bliantúla níos mó ná $50,000 agus leath na ndaoine sin le hioncam thar $75,000. Bhí tríú cuid eile de dhaoine i dteideal árachais sláinte poiblí ach ní raibh siad cláraithe. I 2006, d’éirigh Massachusetts an chéad stát chun árachas sláinte a shainordú; sa bhliain 2010 cuireadh tús le hiarracht le córas sláinte uilíoch a chur ar bun (Affordable Care Act, nó Obamacare, go comónta). Níor baineadh an cuspóir sin amach go hiomlán agus tá iarracht leanúnach ar siúl ag an pháirtí atá i seilbh an Tí Bháin agus an tSeanaid chun an córas nua seo a chur ar cheal.

Cúrsaí teaghlaigh

Tá 58% de mhuintir na tíre os cionn 18 bliana d'aois pósta. Níor phós 25% den daonra riamh.

I ndiaidh do roinnt stát póstaí comhghnéis a aithin, chuaigh an cás dlí Obergefell v. Hodges go dtí Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe agus thug an chúirt cead dó ar leibhéal náisiúnta (2015). Níl an polaigíneas dlíthiúil cé go mbíonn corr-iarracht ar siúl chun é a chleachtadh, go mór mhór in áiteanna in iarthar na tíre nó i measc imirceach.

Tá an t-uchtú comónta agus sách éasca a chur i bhfeidhm de réir an dlí i gcomparáid le tíortha eile san Iarthar. Agus 127,000 duine uchtaithe sa bhliain 2001 sna Stáit Aontaithe is féidir a rá go bhfuil leath den méid daoine uchtaithe ar domhan nach mór sa tír úd.

Cultúr

Tír ilchultúrtha is ea an Meiriceá agus cineál grúpaí eitneacha lena dtradisiúin agus luachanna féin ina gcónaí ann. Níl aon eitneach “Meiriceánach”; lasmuigh de dhaonra beag Meiriceánach dúchasach, tháinig beagnach gach Mericeánaigh nó a sinsir ar inimirce laistigh cúig céad. Is é an cultúr atá ag formhór na Meiriceánach ná príomhchultúr Meiriceánach – cultúr iartharach a thagann ó thraidisiúin imirceach Iarthar na hEorpa. Chuir na lonnaitheoirí Sasanacha agus Ollannacha tús leis an gcultúr sin. Bhí cultúr na Gearmáine, na hÉireann agus na hAlban tábhachtach chomh maith. Ghlac príomhchultúr an Mheiriceá le hairíona áirithe ó sclábhaithe Mandé agus Wolof a tháinig ó Iarthar na hAfraice; d’fhorbair cultúr sainiúil Meiriceánach Afracach a bhí bunaithe ar thraidisiúin na sclábhaí Bantu a tháinig ó Lár-Afraic agus chuaigh sé sin i bhfeidhm ar an bpríomhchultúr chomh maith. Chomhtháthaigh Creole agus Cajun na Louisiana agus Hispanos an iardheiscirt agus an náisiún ag fairsingiú siar. Mar sin tháinig siad i dtadhall le cultúr an Mheicsiceo. Tháinig eilimintí chultúrtha nua leis an inimirce mhór sa 19ú haois agus tús an 20ú haois. D’fhéadfadh corcán leáite aonclineálach a ghlaoch ar an meascán chultúrtha sin nó babhla sailéid ina choinníonn na hinimircigh agus a sinsir a dtréithí cultúrtha sainiúla féin.

Cé go ndeireann cultúr Meiriceánach gur sochaí gan aicme atá ann sna SA, shainaithin eacnamaithe agus socheolaithe go bhfuil difríochtaí chultúrtha ann idir aicme na tíre agus téann sé sin i bhfeidhm ar teanga, luachanna agus rudaí eile. Is foinse iad an mheánaicme agus an aicme phroifisiúnta do treochtaí sóisialta mar fheimineachas, timpeallacht agus ilchultúrachas. Tá féiníomhá, déarcaigh sóisialta agus dóchais chultúrtha na Meiriceánach cónasctha go géar lena ngairm. Cé go bhfuil luach mór ag baint le héacht eacnamaíochta, meastar gur airí dimhneach é a bheith i do ghnáthdhuine. Cé go bhfuil léargas ann go bhfuil soghluaisteacht sóisialta ard ag Meiriceánaigh, ceapann roinnt anailísí go bhfuil soghluaisteacht sóisialta níos lú sna SA ná in Iarthar na hEorpa agus i gCeanada.

Na Meáin Chumarsáide

I 1878, d’úsáid Eadweard Muybridge ceamaraí iolracha chun gluaiseacht a tharraingt agus mar sin thaispeáin sé cumhacht na grianghrafadóireachta. I 1894, taispeánadh céad taispeántas scannáin tráchtála an domhain i Nua-Eabhrac ag baint úsáid as Kinetoscope Thomas Edison. Na blianta a leanas, bhí na Stáit Aontaithe ar thús cadhnaíochta an fhorais scannáin fuaime. Ó thús an fhichiú haois, bhí tionscal scannáin na SA suite i agus timpeall ar Hollywood, California. Bhí baint ag an stiúrthóir D. W. Griffith le forás na gramadaí scannáin.

Luaitear an scannán Citizen Kane (1941) le Orson Welles go minic i vótáilí criticeoirí mar an scannán is fearr riamh. Tá aisteoirí scannán mar John Wayne agus Marilyn Monroe ina n-íol, agus ba cheannaire é an léiritheoir/fiontraí Walt Disney i gcartúin agus earraí scannán. Rinneadh a lán scannán rathúla tráchtála mar Star Wars (1977) agus Titanic (1997) sna príomhstiúideonna in Hollywood agus mar sin, tá scannáin Hollywood i gceannas ar thionscal scannáin an domhain sa lá atá inniu ann.

Is iad na Meiriceánaigh na breathnóirí is mó ar domhan agus tá an meánam a chaitheann siad os comhair na teilifíse ag méadú (5 uair an lae i 2006). Is eagrais tráchtála iad na 4 mhórbhealach teilifíse go léir. Éisteann Meiriceánaigh leis an raidió, atá go mór tráchtála chom maith, ar feadh dhá huair go leith. Na suíomhanna idirlín is coitianta, lasmuigh de shuíomh tairsigh agus gléasanna cuardaithe, ná eBay, MySpace, Amazon.com, The New York Times, agus Apple. Coimeádann 12 milliún Meiriceánach blag.

Chuaigh stíl liriceach agus rithimeach an cheoil Afracaigh-Meiriceánaigh i bhfeidhm ar an gceol Meiriceánach. Glacadh eilimintí ó cheol mar na gormachablues agus ceol seanaimseartha agus d’éirigh sé sin ina seánraí coitianta le lucht éisteachta domhanda. D’fhás snagcheol le ceoltóirí mar Louis Armstrong agus Duke Ellington ag tús an fichiú haois. Tháinig ceol tíre, R&B agus roc is roll chun cinn sna 1920idí agus 1950idí faoi seach. Le linn athbheochana an cheoil tíre, d’éirigh Bob Dylan ceann de na scríbhneoir cheoil is fearr i Meiriceá agus bhí James Brown ina cheannaire ar fhorás an cheoil funk. Ceann de na cruthú Meiriceánaigh nua is ea hip hop agus an ceol tí. D’éirigh popréaltaí Meiriceánacha mar Elvis Presley, Michael Jackson agus Madonna ina gceiliúráin domhanda.

Litríocht, fealsúnacht agus na healaíona

I rith an 18ú haois agus i dtús an 19ú haois, ba iad ealaíon agus litríocht na hEorpa a bhí i gcion ar ardchultúr agus mheon Mheiriceá. Ach i lár an 19ú haois tháinig scríbhneoirí mar Nathaniel Hawthorne, Edgar Allan Poe agus Henry David Thoreau ar an saol, agus mar sin bhí stíl liteartha shoiléir Mheiriceánach ann. Príomhphearsana sa litríocht a tháinig ar a sáile ab ea Mark Twain, aorthóir, agus Walt Whitman, file. File suntasach eile ab ea Emily Dickinson, file a bhí beagnach anaithnid i rith a saoil. Tugtar "Úrscéal Mór Meiriceánach" go minic ar úrscéal a chuireann síos ar ghné bhunúsach an charachtair agus an fhiontair náisiúnta, mar shampla: Moby-Dick le Herman Melville (1851), The Adventures of Huckleberry Finn le Mark Twain (1885) agus The Great Gatsby le F. Scott Fitzgerald (1925).

Duais Nobel na Litríochta bronnta ar 11 saoránach Meiriceánach—an buaiteoir is déanaí ná Toni Morrison sa bhliain 1993. Ainmnítear Ernest Hemingway, a bhuaigh Duais Nobel i 1954, go minic mar dhuine de na scríbhneoirí is tábhachtaí sa 20ú haois. Tháinig seánraí liteartha coitianta mar leabhair buachaillí bó agus ficsean coir ar an saol. Chruthaigh scríbhneoirí an Beat Generation seánraí liteartha nua chomh maith le húdair iar-nua-aimseartha mar John Barth, Thomas Pynchon agus Don DeLillo.

Chruthaigh na transcendentalists a bhí treoraithe le Ralph Waldo Emerson agus Henry David Thoreau, an chéad phríomhghluaiseacht fealsúnachta i Meiriceá. Tar éis an chogaidh charthartha, ba é Charles Pierce, agus ansin ba iad William James agus John Dewey, ceannairí i bhforbairt an phragmatachais. I rith an 20ú haois, chabhraigh obair W.V. Quine agus Richard Rorty le fealsúnacht anailíseach a thabhairt chun tosaigh i gciorcail acadúla na SA.

Tagairtí


Stáit Aontaithe Mheiriceá Bratach
Stáit: Alabama | Alasca | Arizona | Arkansas | California | Carolina Theas | Carolina Thuaidh | Colorado | Connecticut | Dakota Theas | Dakota Thuaidh | Delaware | Florida | Georgia | Haváí | Idaho | Illinois | Indiana | Iowa | Kansas | Kentucky | Louisiana | Maine | Maryland | Massachusetts | Michigan | Minnesota | Mississippi | Missouri | Montana | Nebraska | Nevada | New Hampshire | New Jersey | Nua-Mheicsiceo | Nua-Eabhrac | Ohio | Oklahoma | Oregon | Pennsylvania | Oileán Rhode | Tennessee | Texas | Utah | Vermont | Virginia | Virginia Thiar | Washington | Wisconsin | Wyoming