(grc) Συμπόσιον | |
---|---|
Cineál | agallamh Platónach agus saothar scríofa |
Cárta innéacs | |
Údar | Platón |
Teanga | an tSean-Ghréigis |
Foilseachán | An Aithin Chlasaiceach |
Tréith | |
Seánra | agallamh Sócraitéach |
Carachtair | |
Cuid den tsraith | |
agallamh Platónach |
Is é an Symposium le Platón (Sean-Ghréigis: Συμπόσιον) cur síos ar chomhrá a thit amach ag oíche ceiliúrtha agus ólachán eagraithe, sa Sean-Ghréig thart faoin mbliain 380 roimh Chríost. In éineacht le na comhráite Parmenides, Philebos agus Phaidros, tá sé ina chuid den tríú teitrean de shaothar Phlatón.
Bhain Agathon duais ag comórtas drámaíochta agus an lá dár gcionn thug sé cuireadh dá chuid chairde agus gaolta as an tsochaí in Aithin chuig symposium ag a theach. Bhí páirt lárnach ag Arastafainéas, Sócraitéas agus Alcibiades sa chomhrá. Ós rud é go raibh siad traochta tar éis ceiliúradh an lae roimhe, shocraigh siad go mbeadh oíche socair, chiúin, ré acu. Bheartaigh siad óráidí molta faoi Eros (an grá) a thabhairt, duine i ndiaidh dhuine.
Do b'é an buaicphointe ná óráid Sócraitéas faoina thuiscint ar an ngrá ba uaisle a d'fhéadfaí a mhothú. Faoi dheireadh briseann Alcibiades isteach ar an symposium agus é ólta go maith agus de réir mar a chuireann sé é féin in iúl agus a n-insítear don éisteoir faoin gcaidreamh agus an baint idir Sócraitéas agus Alcibiades, léirítear don éisteoir ionracas Shócraitéas i leith an méid a bhfuil ráite aige (grá Platónach).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |