Teangeolaíocht ríomhaireachtúil

Saothrú is feidhmiú teicníochtaí staitistiúla is ríomhaireachtúla mar chuid den staidéar ar theangacha. I measc na staidéar a dhéantar tá anailísiú minicíocht focal áirithe chun scríbhneoireacht téacs a anailísiú, mar shampla chun údar an téacs a chur le bonn, úsáid ríomhairí in anailísiú is sintéis urlabhra, staidéar ar theicníochtaí aistrithe uathoibríoch, agus saothrú mionsamhlacha ríomhaireachtúla struchtúir is idirghníomhú teangeolaíochta mar chuid den taighde ar intleacht shaorga.

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Teangeolaíocht ríomhaireachtúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 647.