Amhránaí mór le rá de chuid na Fraince ab ea Édith Piaf, nó an Gealbhan Beag mar a thugtaí uirthi (19 Nollaig 1915 - 11 Deireadh Fómhair 1963), duine de na hoirfidigh is breátha sa 20ú haois. Bhí cáilíocht choscrach ag baint lena glór cinn a chuirfeadh na clocha ag caoineadh.
Tá meas iontach aige ar a cuid amhránaíochta i gcónaí. Maireann sé i gcónaí mar íocón cultúrtha Francach. I measc na móramhrán uaithi bhí ‘La Vie en Rose’ agus ‘Non, je ne regrette rien.’
Saol corrach a bhí aici – deirtear gur rugadh ar chosán í. Rugadh í faoin ainm Édith Giovanna Gassion ar an 19 Nollaig 1915 san ospidéal Tenon i bPáras.
Aithnítear go forleathan go raibh gnaoi na ndaoine ar Piaf, an t-amhránaí ba mhó a bhí sa Fhrainc sa 20ú haois (le Jacques Brel agus Charles Aznavour b'fhéidir).
Bhásaigh sí ar 11 Deireadh Fómhair 1963. Ba alcólach déanta í agus fuair sí bás den ailse ae, in aois 47 bliain di.
Bailéid den chuid ba mhó a chas sí. I measc a cuid amhrán, tá "La vie en rose" (1946), "Hymne à l'amour" (1949), "Milord" (1959), "Non, je ne regrette rien" (1960), "l'Accordéoniste" (1941), "Padam...Padam", agus "La Foule".
Aistríodh cuid de shaothar Piaf go Gaeilge mar chuid d’imeachtaí na féile litríochta IMRAM. Bhí an file Liam Ó Muirthile, nach maireann, lárnach san obair sin. Casann an t-amhránaí Hilary Bow a chid amhrán.