Éigríoch

Sa mhatamaitic, uimhir níos mó ná aon uimhir eile. Ba é John Wallis (1616-1703), matamaiticeoir Sasanach, an chéad duine a d'úsáid an tsiombail ∞ di. Thaispeáin Cantor is matamaiticeoirí eile sa 19ú-20ú céad castacht choincheap na héigríche, agus iad ag obair ar thacartheoiric. Níos déanaí tugadh uimhreacha atá éigríochta go mór nó éigríochta go beag isteach sa chalcalas.

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Éigríoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 241.