Is éard atá i éillitheacht (nó éilliú) ann ná caimiléireacht a dhéanann duine ar dhuine eile.
Is gníomh d'aon ghnó amháin a dhéanann páirtí amháin chun páirtí eile a spreagadh chun gníomhú nó staonadh ó ghníomhaíocht ar bhealach áirithe agus faigheann an duine a dhéanann caimiléireacht buntáiste as agus / nó cuirtear costas ar íospartach na caimiléireachta.
Cuimsítear chomh maith iarrachtaí chun gníomhartha den sórt sin a dhéanamh.
I dtíortha áirithe, tá an chaimiléireacht go smior sa chóras.
De réir innéacs Transparency International, bhí Éire sa 13ú háit as 180 tír ar an innéacs caimiléireachta don bhliain 2021. (Is í an tír atá sa chéad áit an tír leis an méid is lú caimiléireachta, agus an tír sa 180ú háit an tír is measa).
Bhí an t-éilliú i réim fud fad an rialtais áitiúil in Éirinn sa 20ú haois, agus iarrachtaí ar oifigigh a éilliú.