Fealsúnacht shochúil pholaitiúil é an t-ainrialachas atá bunaithe ar an bhfrithúdarásúlacht agus ar fhéineagrú spontáineach na ndaoine seachas ar struchtúir údarásúla cosúil leis an stát. Deir lucht leanúna an ainrialachais nach gá le stát a bheith ann agus gur mó a dhochar ná a shochar. Ba bhreá leis na hainrialaithe ról an údaráis sa chaidreamh idir na daoine a laghdú, nó fiú deireadh a chur leis.. B'fhearr leo sochaí gan stáit ar bith.
Tá an focal ain-riaghailteachd in úsáid i nGaeilge na hAlban, agus is ionann an focal seo agus anarchism an Bhéarla, a thagann ón nGréigis, anarchos: an- = neamh-, frith-, agus archos, cumhacht.
Stair
Glactar leis nach raibh údarás ná rialtas ar bith ann sa tsochaí réamhstairiúil, mar a thuigimidne coincheap an údaráis pholaitiúil inniu. Nuair a thosaigh na catharstáit agus na stáit ag teacht ar an bhfód cuireadh bun leis an rialtas údarásúil mar rud, ach má cuireadh, ní raibh gach uile dhuine sásta leis sin. Mar sin thosaigh siad ag forbairt agus ag cur in iúl smaointí den chineál a chuirfeadh ainrialachas na nuaré i gcuimhne, cé nach raibh an focal féin ann go fóill. Smaointeoirí sean-Ghréagacha a raibh luiteamas áirithe leis an ainrialachas ab ea Aristippus agus Zeno, agus sa tSín bhreac an fealsamh Laozi síos smaointí a raibh cuma an ainrialachais orthu sa leabhar Daodejing, a scríobh sé timpeall na bliana 400 RC.
Chuir go leor gluaiseachtaí Criostaí ainrialachas in iúl. Mar shampla, bhunaigh na Diggers i Sasana a bhfealsúnacht ar Ghníomhartha na nAspal 4:32: "Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu."
Ba é William Godwin (1756-1836) an chéad ainrialaí nua-aimseartha, ach ba é Pierre-Joseph Proudhon an chéad ainrialaí féinfhógartha. D'úsáid sé an focal ainrialaí ina shaothar "Cad é an rud é an réadmhaoin?" (Fraincis: Qu'est-ce que la propriété?), a chuaigh i gcló i 1840. Sa saothar sin, dúirt Proudhon, "Níl sa mhaoin ach gadaíocht." Bhí tionchar ag frithchaipitlíochas Proudhon ar an ngluaiseacht ainrialach ó shin i leith. I 1844, d'fhoilsigh Max Stirner an leabhar An Duine Aonair agus a Mhaoin (Géarmainis: Der Einzige und sein Eigentum). Bhí tionchar ag Stirner ar an ainrialachas indibhidiúlach.
In 1864, bunaíodh an Chéad Idirnáisiúntán mar eagraíocht don lucht oibre radacach san Eoraip. Bhí Karl Marx ina dhuine de cheannairí na radacach san am. D'easaontaigh na ainrialaithe le Marx faoin stát áfach, nó bhí Marx ag moladh go gcuirfí deachtóireacht na prólatáireachta ar bun i ndiaidh don stát caipitlíoch imeacht de dhroim an domhain. Ba é Mikhail Bakunin ceannaire na n-ainrialach sa Chéad Idirnáisiúntán. Ghlac ainrialaithe páirt i gComún Pháras i 1871.
Anarchy: A Graphic Guide, Clifford Harper (Camden Press, 1987): An overview, updating Woodcock's classic, and illustrated throughout by Harper's woodcut-style artwork.
Alain Sergent, Les anarchistes, Amiot-Dumont, coll. "Visages", 1951.
Alexandre Skirda, Autonomie individuelle et force collective, Les anarchistes et l'organisation de Proudhon à nos jours, Alexandre Skirda, 1987 ISBN2950213006
Claude Faber, L'anarchie, une histoire de révoltes , Milan, coll. « Les essentiels Milan », 2002 ISBN2745905805
Collectif, Et pourtant ils existent ! : 1954-2004, Le Monde libertaire a 50 ans, Le cherche midi, coll. « Documents », 2004 ISBN2749102952
Daniel Colson, Petit lexique anarchiste de Proudhon à Deleuze, Le Livre de Poche, coll. « Le Livre de Poche », 2001 ISBN2253943150
Gaetano Manfredonia (Dir.), "Les anarchistes et la révolution française", Paris, éd. du ML, 1990, 314 p.
Gaetano Manfredonia, "La Chanson anarchiste en France des origines à 1914 : dansons la Ravachole !", Paris ; Montréal, L'Harmattan, 1997, 445 p.
Gaetano Manfredonia, "L'anarchisme en Europe", Paris, PUF, 2001 (Que sais-je 3613), 127 p.
Gaetano Manfredonia, "Anarchisme et changement social : insurectionnalisme, syndicalisme, éducationnisme-réalisateur", Lyon, Atelier de création libertaire, 2007, 347 p.
Autorenkollektiv: Was ist eigentlich Anarchie. Einführung in die Theorie und Geschichte des Anarchismus. 2. überarbeitete Auflage. Kramer, Berlin 1997, ISBN 3-87956-700-X
Achim von Borries & Ingeborg Brandies (Hrsg.): Anarchismus. Theorie, Kritik, Utopie. Texte und Kommentare. Verlag Graswurzelrevolution, Nettersheim 2007, ISBN 978-3-939045-00-7
Jan Cattepoel: Der Anarchismus. Gestalten, Geschichte, Probleme. 3. überarbeitete und erweiterte Auflage. Beck, München 1979, ISBN 3-406-06786-7
Hans J. Degen & Jochen Knoblauch: Anarchismus. Eine Einführung. Schmetterling Verlag, Stuttgart 2008, ISBN 978-3-89657-590-6
Monika Grosche: Anarchismus und Revolution. Zum Verständnis gesellschaftlicher Umgestaltung bei den anarchistischen Klassikern Proudhon, Bakunin, Kropotkin. Syndikat A, Moers 2004, ISBN 3-00-011749-0
Erwin Oberländer (Hrsg.): Der Anarchismus. Walter, Olten/Freiburg 1972, ISBN 3-530-16784-3
Roland Raasch & Hans Jürgen Degen (Hrsg.): Die richtige Idee für eine falsche Welt? Perspektiven der Anarchie. Oppo-Verlag, Berlin 2002, ISBN 3-926880-12-0
K. H. Z. Solneman: Das Manifest der Freiheit und des Friedens. Der Gegenpol zum kommunistischen Manifest. Mackay-Gesellschaft, Freiburg 1977, ISBN 3-921388-12-0