Airm ollscriosta

Léarscáil an domhain le siombail ghuaise

Is éard atá i gceist le hairm ollscriosta ná airm ar féidir scrios leathan fisiciúil a dhéanamh agus líon ollmhór daoine a mharú leo. Cuimsíonn siad airm núicléacha, bhitheolaíocha, cheimiceacha is raideolaíocha.

  • Sna hairm núicléacha, tá buamaí adamhacha is hidrigine.
  • Sna hairm bhitheolaíocha, tá úsáid na ngalar cosúil le hantracs, an tocsain ispínis, an rícín, an plá is an bholgach.
  • Sna hairm cheimiceacha, tá an gás mustaird, saraín, VX, sómaín agus tábún, srl.
  • Cuimsíonn an hairm raideolaíocha buamaí salacha ina bhfuil ábhair radaighníomhacha. Tháinig siad chun aire an phobail i 2002-2003 leis an líomhain bhréagach go raibh a leithéid ag an Iaráic, mar chúis le cogadh a dhéanamh ar an tír sin.
Foireann "Airm ollscriosta" sna sléibhte Sierra

Féach freisin

Tagairtí

  1. “airm ollscriosta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Airm ollscriosta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 27.