Baictéareolaí, a rugadh gar do Dharbhail na hAlban, ab ea an Ridire Alexander Fleming (7 Lúnasa 1881 – 11 Márta 1955). Tá sé cáiliúil de bharr fionnachtana (a rinne sé de thimpiste) ar an antaibheathach peinicillin i 1928 agus níos déanaí.
Ba é ceannródaí in úsáid Salvarsan (Arsphenamine) i gcoinne sifilise sna 1910idí.
D'fhionn sé cumas lísisíme mar fhrithbheathach.
I 1928 thug Alexander Fleming faoi deara gníomhaíocht an chaonaigh ar an mbaictéar stafalacocas nuair a truaillíodh a phláta saothráin leis an gcaonach liath. Más fíor scéal, ba trí thimpiste a fuair Alexander Fleming eolas ar pheinicillin nuair a chonaic sé an méid a bhí ag tarlú le caonach liath ar leic fuinneoige.
Tháinig Fleming ar pheinicillin timpeall an ama chéanna le Howard Florey is Ernst Chain. Roinn an triúr acu Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1945.
Nuair a cuireadh an bholgach de dhroim seoil, measadh ag an am, agus cúis mhaith leis, go raibh sé ar cheann de na héachtaí leighis ba mhó riamh a rinne an duine.