Ba chónaidhm de threibheanna Gearmánacha ar abhainn na Réine uachtairí í na hAlmannaigh. Rinne Cassius Dio trácht orthu ar dtús i gcomhthéacs fheachtas Caracallade chuid na bliana 213 AD. Ghabh na hAlmannaigh Agri Decumates sa bhliain 260 AD, agus ina dhiaidh sin leathadar isteach go dtí an Alsáis, agus go dtí tuaisceart na hEilvéise, ag fáil faoi réir bhunú na Sean-Ghearmáinis Uachtaraí sa réigiún sin.
Sa bhliain 496 AD, chloígh Clóvas ceannaire na bhFranc na hAlmannaigh, agus ionchorpaigh sé iad istigh ina thiarnaisí féin. Luaitear iad go fóill mar comhghuailí págánacha de chuid na bhFranc Críostaí. Le linn an 7ú céad, de réir a chéile, Chríostíodh na hAlmannaigh. Is taifead é an Lex Alamannorum, ar a n-dlí gnách le linn na tréimhse seo. Go dtí an 8ú haois, bhí ardfhlaithiúnas na bhFranc thar Alemannia den chuid is mó ainmniúil. Ach, i ndiaidh éirí amach Theudebald Diúc Alamannia, cuir Carloman I uaisleacht na nAlmannach chun báis, agus cuir sé diúic Fhrancach isteach ina n-áit.
Liosta de na rialtóirí Almannacha
Ríthe neamhspleácha
Chrocus 306
Mederich (athair Agenarich, deartháir le Chnodomar)