Ceimiceoir Fionlannach ab ea Artturi Ilmari Virtanen ( 15 Eanáir 1895 - 11 Samhain 1973). D’fhreastail sé ar Ollscoil Heilsincí agus d’oibrigh sé ag Valio, comharchumann déiríochta inar cheap sé modhanna chun farae agus im a chaomhnú agus cineál nua sadhlais.. Rinne sé staidéar ar bhaictéir sna 1920idí freisin.
Bhuaigh sé Duais Nobel sa Cheimic i 1945 as a chuid taighde sa talmhaíocht agus sa bhitheolaíocht, go háirithe caomhnú farae. Ainmníodh institiúid in Ollscoil Oirthear na Fionlainne in éineacht le baictéar a fuarthas in eorna brataithe air.