Bearnú damba Kakhovka

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBearnú damba Kakhovka
Íomhá
Map
 46°46′40″N 33°22′13″E / 46.7778°N 33.3703°E / 46.7778; 33.3703
Cineáldam failure (en) Aistrigh
tuile
oibríocht mhíleata
ecocide (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deDnieper campaign (en) Aistrigh, war crimes in the Russian invasion of Ukraine (en) Aistrigh agus 2023 floods in Europe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana6 Meitheamh 2023 (02:50. Europe/Kyiv (en) Aistrigh, UTC+03:00) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhKakhovka Dam, An Úcráin (en) Aistrigh
Cúige Kherson Cuir in eagar ar Wikidata, Nova Kakhovka urban hromada, An Úcráin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocKakhovka Hydroelectric Power Plant (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisdam failure (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna76 (7 Iúil 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe143 (21 Meitheamh 2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Croineolaíocht
Deireadh Fómhair 2022 Minelaying (en) Aistrigh
6 Meitheamh 2023 Dam failure (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Bearnaíodh an damba Kakhovka ar abhainn na Dnípire i ndeisceart na hÚcráine ar 6 Meitheamh 2023.

Polladh an damba le tréanphléascán taobh le cathair Nova Kakhovka, ar bhruach thoir na Dnípire. Fágadh craosbhearna sa damba de bharr na bpléascanna. Bhí réimse mór tíre sa réigiún báite ag an maidhm mhór uisce, an tubaiste timpeallachta ‘is measa ó Chernobyl’.

Kherson

Cogaíocht

físeán : aslonnú

Bhí an bhruach agus an damba ina seilbh ag fórsaí Rúiseacha ag an am nuair a réab pléascanna ollmhóra trí dhamba mór hidrileictreach Nova Kakhovka.

abhainn

Bhí neart údramála ann roimh an eachtra faoi fhrithionsaí a bheith á bheartú ag na hÚcránaigh agus sceitheadh an t-uisce leis an siúl a bhaint díobh. Réamhbhuille cosanta de chuid na Rúiseach bhí ann is cosúil.

Ba chuid de stáisiún hidrileictreach é an damba a bhí 30 méadar ar airde agus 3.2 ciliméadar ar a fhad. Ní raibh sé ró-éasca mar sin an damba a pholladh agus nach bhféadfaí é a scrios le hionsaí sliogán.

Tubaiste

Dúirt na húdaráis san Úcráin go raibh limistéar 600 ciliméadar cearnach faoi uisce. Dhá lá níos déanaí, 5.6 méadar ba ea meándoimhneacht an uisce sa limistéar trí chéile, Ba mheasa an scéal ar an taobh thiar den Dnípir a bhí ina seilbh ag fórsaí Úcránacha ná ar an taobh thoir a bhí ina seilbh ag na Rúisigh. Dúirt na hÚcránaigh go raibh 68% den talamh ar a dtaobh siúd den abhainn báite le hais 32% ar thaobh na Rúiseach.

Bhí na deicheanna míle sa réigiún fágtha gan riar a riachtanais, bídís sa cheantar a bhfuil smacht ag na Rúisigh air, nó sa cheantar atá ina seilbh ag fórsaí na hÚcráine. Bhí ganntanas fíoruisce agus bia sna háiteanna sin, gan trácht ar sholáthairtí leighis. Dúirt na Náisiúin Aontaithe nach raibh aon fhíoruisce le n-ól sa cheantar níos mór, go raibh na soláthairtí bia millte, agus go raibh an beostoc caillte.

I gcathair Kherson, suite 60 ciliméadar síos an abhainn ón damba, bhí saoránaigh ag maoscal tríd an uisce a bhí chomh hard lena nglúine – agus níos airde fós in áiteanna – agus iad ag féachaint lena n-iarmhais a shábháil. Cuirtear uisce ó thaiscumar an damba ar fáil don Chrimé atá ina seilbh ag na Rúisigh ó rinne siad ionradh ar an réigiún sin in 2014.

Cuirtear uisce ón taiscumar freisin chuig stáisiún núicléach Zaporizhzhia lena fhuarú, stáisiún a bhí ina seilbh ag na Rúisigh ag an am, ach a bhí ag druidim.nuair a tharla an sabaitéireacht.

Mairfidh an tubaiste a lorg go ceann i bhfad. Dúirt na Náisiún Aontaithe go mbeadh impleachtaí “tromchúiseacha forleathana” ag scrios an damba do dhaoine ar cheachtar taobh den líne thosaigh.

Féach freisin

Tagairtí

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-06-06). "An Úcráin: damba mór pollta ag buamaí, réimse mór tíre báite" (as ga-IE). 
  2. Matthew Heberger. "Custom flowpath Delineation". mghydro.com. Dáta rochtana: 2023-06-07.
  3. 3.0 3.1 "Na mílte i mbaol san Úcráin de dheasca na tubaiste timpeallachta ‘is measa ó Chernobyl’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-06-07). Dáta rochtana: 2023-06-07.
  4. Nuacht RTÉ (2023-06-08). "An Úcráin: idir thuile agus thriomach in abhantrach na Dnípire" (as ga-IE). 
  5. Nuacht RTÉ (2023-06-07). "Bearnú damba san Úcráin: "42,000 duine i mbaol"" (as ga-IE).