Lipéad sa teanga dhúchais | (fr) Constitution française (fr) Constitution française du 4 octobre 1958 | |||
---|---|---|---|---|
Cineál | bunreacht | |||
Tréimhse | 4 Deireadh Fómhair 1958 - | |||
Údar | Michel Debré agus Charles de Gaulle | |||
Teacht i bhfeidhm | 4 Deireadh Fómhair 1958 | |||
Aisghaireann sé | French Constitution of 1946 (en) | |||
Bunaithe ar | Declaration of the Rights of Man and of the Citizen (en) | |||
→ | ||||
Tír | an Fhrainc | |||
Baint le limistéar údaráis | an Fhrainc | |||
Sínitheoir | René Coty (en) Charles de Gaulle Guy Mollet Pierre Pflimlin (en) Félix Houphouët-Boigny Louis Jacquinot (en) André Malraux Michel Debré Maurice Couve de Murville (en) Émile Pelletier (en) Pierre Guillaumat (en) Antoine Pinay (en) | |||
Obair iomlán ar fáil ag URL | conseil-constitutionnel.fr… | |||
Suíomh gréasáin | conseil-constitutionnel.fr… |
Glacadh le Bunreacht reatha na Fraince ar an 4 Deireadh Fómhair 1958. Tugtar "Bunreacht na Cúigiú Poblachta" air de ghnáth, agus chuaigh sé in ionad Bhunreacht na Ceathrú Poblachta ó 1946. Ba é Charles de Gaulle an príomhdhuine taobh thiar de, cé gur dhréachtaigh Michel Debré an téacs. Thug an Bunreacht nua cumhachtaí breise do Uachtarán na Fraince.
Ón 1958 go dtí 2008, leasaíodh an bunreacht ocht n-uaire déag.
Meabhraíonn brollach an bhunreachta an Dearbhú um Chearta an Duine agus an tSaoránaigh ó 1789 agus bunaíonn sé an Fhrainc mar phoblacht shaolta agus dhaonlathach, agus is ón bpobal a thagann an cheannasacht.
Déanann sé socrú chun an tUachtarán agus an Pharlaimint a thoghadh, an Rialtas a roghnú, agus an socrú maidir leis na cumhachtaí a bhaineann leo araon agus an bhaint a bhíonn eatarthu. Cinntíonn sé go mbíonn údarás breithiúnach ann agus cruthaíonn sé Ard-Chúirt (cúirt chun breith a thabhairt ar an Uachtarán ach níor comóradh an chúirt riamh), Comhairle Bhunreachtúil, agus Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta. Ceapadh é chun Uachtarán láidir ó thaobh na polaitíochta de a chruthú.
Ceadaítear leis an mBunreacht conarthaí idirnáisiúnta agus conarthaí a bhaineann leis an Aontas Eorpach a dhaingniú. Níl sé soiléir cé acu an bhfuil an fhoclaíocht (go háirithe forchoimeádais na cómhalartachta) ag luí le dlí an Aontais Eorpaigh, nó nach bhfuil sí.
Leagann an Bunreacht modhanna amach maidir le conas a leasaítear é chomh maith -
Is é seo a leanas an gnáthnós imeachta a bhaineann le leasú bunreachta: ní mór do dhá thithe na Parlaiminte an leasú a ghlacadh i dtéarmaí comhionanna,agus ansin ní mór an leasú a glacadh trí thromlach simplí le linn reifrinn, nó trí 3/5 de chomhsheisiún na tithe araon den Pharlaimint (Comhdháil na Fraince) (airteagal 89). Ach, sheachain an tUachtarán Charles de Gaulle an nós imeachta reachtaíochta seo in 1962 agus chuir sé leasú bunreachta go díreach faoi bhráid an phobail i reifreann (airteagal 11), agus glacadh leis an leasú. Bhain conspóid leis an gcinneadh sin ag an am; rialaigh an Chomhairle Bhunreachtúil, áfach, gur glacadh leis an leasú, os rud é go raibh friotal curtha ar thoil na ndaoine ceannasacha.
Ar an 23 Iúil 2008, rith an Pharlaimint athchóirithe bunreachta molta ag an Uachtarán Nicolas Sarkozy, Tugadh teorainn de dhá théarma i leith na huachtaránachta isteach, ceart don pharlaimint roinnt ceapachán ón uachtarán a chrosadh, deireadh a chur le rialú an rialtais ar chóras coiste na parlaiminte, agus a clár oibre féin a shocr. Tugadh cead don uachtarán aithisc a thabhairt don pharlaimint agus í ar seisiún, agus cuireadh deireadh le ceart an uachtaráin comhphardúin a thabhairt.
Bhí bunreachtanna líonmhara ag an bhFrainc roimhe seo.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |