Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | gnó colonial society (en) fiontar East India Company (en) | ||||
Foirm dlí | cuideachta chomhstoic | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 31 Nollaig 1600 | ||||
Bunaitheoir(í) | John Watts agus George White | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1 Meitheamh 1874 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Táirge | cadás, síoda, indigo (en) , siúcra, salann, speiceas, saltpeter (en) , tae, slave trade (en) agus Óipiam | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ceanncheathrú (1621–1638) | |||||
Úinéir de | Admiral Barrington (en) Nemesis (en) Punjaub (en) HMS Hindostan Britannia (en) Earl of Mornington (en) Busbridge (en) | ||||
Le cuid | |||||
Cuideachta chomhstoic Shasanach ab ea Comhlacht na hIndiacha Thoir (CIT) (Béarla: The East India Company (EIC) a bunaíodh sa bhliain 1600 agus a díscaoileadh sa bhliain 1874. Bunaíodh é chun trádáil a dhéanamh i réigiún an Aigéin Indiaigh, ar dtús leis na hIndiacha Thoir (fo-roinn na hIndia agus Oirdheisceart na hÁise), agus níos déanaí leis an Áise Thoir. D'urghabh an comhlacht rialú ar chodanna móra den fho-ilchríoch Indiach, ar chodanna coilínithe d'Oirdheisceart na hÁise agus Hong Cong. Nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa, ba é an chorparáid is mó ar domhan. Bhí a chuid fórsaí armtha féin ag an EIC i bhfoirm trí arm Uachtaránachtana, arbh fhiú thart ar 260,000 saighdiúir iad, dhá oiread níos mó ná arm na Breataine ag an am. Bhí tionchar as cuimse ag oibríochtaí an chomhlachta ar chothromaíocht dhomhanda na trádála, rud a d'aisiompaigh beagnach asat féin treocht ídithe soir buillean an Iarthair, a chonacthas ó aimsir na Róimhe.