Cineál | saoire phoiblí lá féile Críostaí |
---|---|
Ainmnithe in ómós | palm branch (en) |
Comóireann sé | triumphal entry into Jerusalem (en) |
Cuid de | An tSeachtain Mhór, Passiontide (en) , Carghas agus Mórfhéilte na hEaglaise Ceartchreidmhí |
Lá | Easter − 7 days (en) |
Príomhábhar | triumphal entry into Jerusalem (en) |
Meán cumarsáide | |
Féile Chríostaí is ea Domhnach na Pailme. Ceiliúrtar Íosa Críost ina Rí ag teacht isteach go Iarúsailéim, roimh a Pháis.
Tá an sliocht faoi theacht Íosa isteach go hIarúsailéim le fáil i ngach ceann de na trí shoiscéil shionaptacha, Matha, Marcas agus Lúcás. Thug an eachtra le tuiscint do lucht leanúna Chríost an fháistine ag an fáidh Zacairiá (9:9-10) faoi theacht an rí, an Meisias.
Tá Íosa ag teacht go humhail go hIarúsailéim, ag marcáiocht ar asal, téacs atá luaite ag Matha (ach nach bhfuil ag Marcas): “Abraigí le hiníon Síón: Féach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair”.
"Iompraíonn muid craobhacha den chrann pailme agus, muid ag casadh ‘Hósanna’, leanann muid Críost Rí go lúcháireach. Ar an taobh eile, áfach, agus tamall ina dhiaidh sin, tá cealg i bpáis agus i mbás ár dTiarna. Tá sé seo díreach cosúil le dhá thaobh an tsaoil: aoibhneas agus pian, Tabor agus Calvaire. Tá aithne mhaith againn ar an dá thaobh agus mar a athraíonn an saol ó cheann amháin go dtí an ceann eile, ag sníomh scéil atá geal agus dorcha, den bheatha agus den bhás, le ceiliúradh agusle fulaingt".
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |