Is aisteoir agus scannánóir Meiriceánach é Donald Frank Cheadle Jr. (/ˈtʃiːdəl/; rugadh 29 Samhain 1964). Tá iliomad gradam faighte aige, lena n-áirítear dhá Ghradam Grammy, Gradam Tony, dhá Ghradam Golden Globe agus dhá Ghradam ón Screen Actors Guild; chomh maith leis sin, ainmníodh do Ghradam an Acadaimh é, agus 11 Ghradam Emmy freisin. Mar gheall ar a chuid ainmniúchán Emmy, Grammy, Oscar agus Tony (na gradaim “EGOT” mar a deirtear leo), tá sé ar cheann den bheagán daoine gorma a ainmníodh do na ceithre mhórghradam Mheiriceánacha seo.
Tar éis ról in Hamburger Hill (1987), agus páirt an drongadóra “Rocket” sa scannán Colors (1988), tharraing Cheadle cáil air féin sna 1990idí le rólanna in Devil in a Blue Dress (1995), Rebound: The Legend of Earl ‘The Goat’ Manigault (1996), Rosewood (1997), agus Boogie Nights (1997). D'éirigh na scannáin Out of Sight (1998), Traffic (2000), agus The Ocean's Trilogy (2001–2007) as a chomhoibriú leis an stiúrthóir Steven Soderbergh. Ainmníodh Cheadle do Ghradam an Acadaimh don Aisteoir is Fearr as an léiriú a rinne sé ar an mbainisteoir óstáin Ruandach Paul Rusesabagina sa dráma cumhachtach Hotel Rwanda (2004). Bhí sé ina chomhléiritheoir ar Crash, scannán a bhuaigh Gradam an Acadaimh don Scannán is Fearr in 2005. D'fhás a chlú ar fud an domhain lena ról mar James Rhodes/War Machine i gCruinne Chineamatach Marvel, ag tosú le Iron Man 2 (2010), ag dul in ionad Terrence Howard. Beidh an phríomhpháirt aige sa tsraith Armor Wars ar Disney+ mar chuid den saincheadúnas Marvel.
Is minic a bhíonn sé le feiceáil ar an teilifís freisin, i dtús báire le páirteanna in Night Court (1988), The Fresh Prince of Bel-Air (1990), Booker (1990) Picket Fences (1993–1995), The Bernie Mac Show (2002), agus ER (2002). Bhuaigh sé Gradam Golden Globe as a shaothar mar Marty Kaan in House of Lies (2012–2016), chomh maith le ceithre ainmniúchán do Ghradam Emmy. Ó 2019, tá an phríomhpháirt ag Cheadle sa tsraith Black Monday, agus ainmníodh do Ghradam Emmy faoi dhó é.
In 2016, bronnadh Gradam Grammy air den chéad uair, as an bhfuaimrian Miles Ahead. In 2022, bhuaigh sé Grammy den dara huair as an insint a rinne sé ar an leabhar fuaime Carry On: Reflections for a New Generation ó John Lewis; fuair sé Gradam Tony freisin don Cheoldráma is Fearr mar léiritheoir ar A Strange Loop.
Rugadh Cheadle i Kansas City, Missouri do Bettye Cheadle (née North), múinteoir, agus Donald Frank Cheadle Sr., síceolaí cliniciúil. Tá deirfiúr aige, Cindy, agus deartháir, Colin. Bhog an teaghlach ó chathair go cathair nuair a bhí sé óg. D’fhreastail sé ar Bhunscoil Hartley in Lincoln, Nebraska ó 1970 go 1974. Bhain Cheadle céim amach ó East High School in Denver, Colorado sa bhliain 1982. Sheinn sé sacsafón sa bhanna snagcheoil san ardscoil, chan sé i gcór, agus bhí sé gníomhach san amharclannaíocht, ag glacadh páirteanna i gceoldrámaí, i ndrámaí, agus seónna míme.
D'fhreastail Cheadle ar Institiúid Ealaíon California, agus bhain sé Baitsiléir sna Mínealaíona amach san amharclannaíocht sa bhliain 1986.
Bhí Cheadle i mbun feachtais chun deireadh a chur leis an gcinedhíothú in Darfur sa tSúdáin. Bhí Cheadle agus John Prendergast ina gcomhúdar ar leabhar faoin mhórcheist seo dar teideal Not On Our Watch: The Mission to End Genocide in Darfur and Beyond. In éineacht le George Clooney, Brad Pitt, Matt Damon, David Pressman agus Jerry Weintraub, bhunaigh Cheadle an tionscadal Not On Our Watch, eagraíocht a dhíríonn aird an domhain ar ainghníomhartha cogaidh chun stop a chur leo. Bronnadh Gradam BET do Dhaonchara na Bliana 2007 ar Cheadle as a chuid oibre daonnúla ar son mhuintir Darfur agus Ruanda.
D’oibrigh Cheadle leis na Náisiúin Aontaithe ar cheisteanna a bhaineann le hathrú aeráide. I gcomhar le Harrison Ford, chruthaigh sé sraith scannán faisnéise dar teideal Years of Living Dangerously a sholáthair tuairiscí pearsanta orthu siúd atá faoi thionchar athrú aeráide. Tá sé ar bhord comhairleach Citizens' Climate Lobby.
In 2008, rinneadh próifíl ar ghinealach Cheadle ar an tsraith African American Lives 2 ar PBS. Léirigh tástáil DNA gur de bhunadh Camarúnach é Cheadle. Léirigh tástáil eile gur tháinig trian amháin dá chuid sinsear Afracach ón réigiún ón tSeineagáil go dtí an Libéir, tháinig beagán níos mó ná an ceathrú cuid ón réigiún Chongó-Angóla, agus tháinig an chuid eile ó iarthar na Nigéire agus Beinin.
Phós Cheadle a pháirtí fadtréimhseach, ban-aisteoir agus comhréalta in Rosewood, Bridgid Coulter, go luath in 2020. Tá an lánúin le chéile ó na 1990idí agus tá beirt leanaí acu.