Lipéad sa teanga dhúchais | (la) Dies Cenae Domini |
---|---|
Cineál | lá féile Críostaí |
Ainmnithe in ómós | Déardaoin |
Comóireann sé | An Suipéar Déanach |
Cuid de | Eastern Orthodox liturgical calendar (en) , An tSeachtain Mhór agus Paschal Triduum (en) |
Lá | 3 lá roimh an Cháisc |
Lá den tseachtain | Déardaoin |
Príomhábhar | An Suipéar Déanach |
Is féile Chríostaí a cheiliúrann Séire an Tiarna (nó an Suipéar Déanach) a bhí ag Íosa Críost agus ag na hAspail é Déardaoin Álainn, Déardaoin Mandála (Maundy Thursday i nBéarla), Déardaoin na Seachtaine Móire, Déardaoin Chorp Chríost, nó fiú Déardaoin Naofa.
Chun an dáta a aimsiú, tóg dáta Domhnach na Pailme agus téir go dtí an Déardaoin ina dhiaidh. Sin dáta Déardaoin Mandála.
Is iad na soiscéil bunchloch na Críostaíochta. Léann muid gur nigh Íosa cosa na ndeisceabal ag an Suipéar déanach :
‘D’éirigh sé ón suipéar, agus leag sé uaidh a chuid éadaigh, agus cheangail sé tuáille faoina choim. Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní cosa na ndeisceabal agus á dtiormú leis an tuáille a bhí faoina choim’ (Eoin 13:4-5).
‘Déardaoin na nIongan’ a bhíodh air seo agus tá cuntas ann a deir go raibh nós ag daoine a gcuid ingne a ghearradh ar an lá seo agus go raibh nós ag mná rud beag dá gcuid gruaige a bhearradh chomh maith chun ómós a léiriú don mhéid a d’fhulaing Íosa.