Eris | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Ainmniú | 136199 Eris | ||||||
Ainmniú sealadach | 2003 UB313 (21 Deireadh Fómhair 2003) | ||||||
Ainmniúcháin eile | Xena | ||||||
Cineál | abhacphláinéad agus plutoid (en) | ||||||
Grúpa mionphláinéid | réad tras-Neiptiúnach agus plutoid (en) | ||||||
Fionnachtaí | Michael E. Brown Chad Trujillo David L. Rabinowitz | ||||||
Dáta fionnachtana | 21 Deireadh Fómhair 2003, Réadlann Palomar | ||||||
Eapainm | Earas | ||||||
Réad tuismitheora | An Ghrian | ||||||
Réad linbh | |||||||
Sonraí fithiseacha | |||||||
Féach ar an staid reatha | |||||||
Apaipsis | 97.468 AU | ||||||
Pearaipsis | 38.013 AU (arg (ω): 151.6871) | ||||||
Ais mhór a | 67.74 AU | ||||||
Éalárnacht e | 0.43883 0.43465546719259 | ||||||
Tréimhse fhithiseach P | 557.55 a | ||||||
Meán-Aimhrialtacht M | 205.384 ° | ||||||
Claonadh i | 44.1444 ° | ||||||
Fad an nóid éirithigh Ω | 35.9045 ° | ||||||
Dátaí pearaipsise | 14 Deireadh Fómhair 2258 | ||||||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||||||
Ga | 1,163 km | ||||||
Trastomhas | 2,326 km | ||||||
Dearbhmhéid | −1.1 | ||||||
Méid dhealraitheach (V) | 18.7 (banda V) | ||||||
Trastomhas uilleach | 34.3 " | ||||||
Achar dromchla | 17,000,000 km² | ||||||
Mais | 16.6 Yg | ||||||
Meándlús | 2.52 g/cm³ | ||||||
Tréimhse rothlaithe | 25.9 h | ||||||
Ailbéideacht | 0.96 (ailbéideacht gheoiméadrach) | ||||||
Teocht an dromchla |
| ||||||
Cuid de | diosca scaipthe | ||||||
Catalóga réalteolaíochta | |||||||
Aitheantóir JPL | 2136199 | ||||||
Sraith | |||||||
« (136198) 2003 UJ296 • (136200) 2003 VS5 » |
Abhacphláinéad is ea Eris (nó 136199 Eris, nó 2003 UB313, siombail: ) atá suite ar imeall an ghrianchórais, níos faide ón ghréin ná Plútón. Ba é an réad is mó a fionnadh sa ghrianchóras ó nochtadh Neiptiún i 1846. Ceann de réadanna an diosca scaipthe atá inti, nó ní féidir í a aicmiú go sásúil mar réad de chuid Chrios Kuiper ná mar cheann de chuid Scamall Oort, ach an oiread.
Tá sé déanta as carraig is oighear, timpeall 3,000km ar trastomhas, níos mó ná Plútón.
Tá sé 3 oiread níos faide amach uainn ná Plútón, i bhfithis ag uillinn chlaonta 44° ó fhithisí na bpláinéad eile. Measann na réalteolaithe gur dócha gur theilg Neiptiún amach é uair éigin ina fhithis chlaonta.
Braitheadh den chéad uair é i gCrios Kuiper i 2003, agus cinntíodh é i 2005.
Ba iad na réalteolaithe Michael Brown, Chad Trujillo is David Rabinowitz a bhraith den chéad uair é, ar an 14 Samhain 2003, le teileascóp Samuel Orschin i Réadlann Palomar agus an teileascóp Gemini North ar Mauna Kea i Haváí
Is féidir gur pláinéad é, an 9ú ceann, le teacht in ionad Phlútóin a dícháilíodh mar phláinéad i 2006.
Nuair a thángthas trasna ar Eris, b'éigean aicmiú nua a fháil do Phlútón, ós rud é nach raibh aon chúis cheart le "pláinéad" a thabhairt ar Phlútón a thuilleadh, agus an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil cuid mhaith réadanna eile amuigh ansin ar féidir dóibh a bheith ar aon mhéid le Plútón.
Go bunúsach, is é an t-aon ábhar a bhí ann le Plútón a aicmiú mar "phláinéad" ná gur fionnadh é i bhfad roimh na réadanna tras-Neiptiúnacha eile, chomh luath leis an mbliain 1930. Mar sin, cheap Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta. coincheap nua - abhacphláinéad - leis an bhfadhb a fhuascailt.
Tá foireann Mike Brown ag obair in Ollscoil Teicneolaíochta California, nó Caltech, i bPasadena, agus ní hí Eris an chéad fhionnachtain den chineál seo a rinne siad ar aon nós. Roimhe seo, tháinig Brown agus Trujillo trasna ar Quaoar, agus bhí Rabinowitz ag comhoibriú leo cheana nuair a d'fhionn siad Sedna agus Orcus.
Ba ea é an chéad ainm a thug na réalteolaithe ar an réad ná Xena - ag tagairt do bhanphrionsa na gcogaí ar an teilifís! Ar ndóigh, nuair a thug siad faoi deara gealach bheag ag timpeallú "Xena", bhaist siad "Gabrielle" uirthi.
Is é an t-ainm atá uirthi inniu ná Dysnomia. Tá an dá ainm ag tagairt do chonspóid agus d'easaontas, nó ba mhór an t-ábhar easaontais do shaol na réalteolaíochta é an catagóir ceart réalteolaíoch a cheapadh d'Eris. B'í Eris bandia an easaontais i gcreideamh na sean-Ghréige, agus ciallaíonn Dysnomia "aindlí". Is féidir tagairt do Xena a aithint san ainm seo, freisin, ós rud é gurb é an focal Béarla ar "aindlí" ná "lawlessness", agus páirt Xena á déanamh ag aisteoir mná arb ainm di Lucy Lawless.
<ref>
tag; name "Q4026990" defined multiple times with different content
athraigh An Grianchóras |
---|
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|
Is síol a bhaineann leis an Grianchóras é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |