Cineál | uisce beatha |
---|---|
Tionscnaimh | Albain |
Is fuisce braiche nó fuisce gráin (nó meascán den dá cheann) a dhéantar in Albain é fuisce na hAlban, uisce beatha na hAlban, nó uisce beatha Albanach (Gaeilge na hAlban: uisge-beatha).
I dtús báire, rinneadh fuisce na hAlban go léir as eorna bhraiche. Thug drioglanna tráchtála fuisce déanta as cruithneacht agus as seagal isteach ag deireadh na 18ú haoise. Sa bhliain 2020, bhí 134 drioglann ag feidhmiú in Albain.
Caithfear aois a chur ar fhuisce na hAlban i mbairillí darach ar feadh trí bliana ar a laghad. Má tá ráiteas aoise i bhfoirm uimhriúil ar bhuidéal fhuisce na hAlban, is éard atá ann ná aois an fhuisce is óige a úsáideadh chun an táirge a dhéanamh. Is é 40% an neart is lú alcóil de réir toirte atá ceadaithe sna rialacháin. Roinntear fuisce na hAlban ina chúig chatagóir ar leith: fuisce aon bhraiche, fuisce aon ghráin, fuisce braiche cumaiscthe, fuisce gráin cumaiscthe, agus fuisce cumaiscthe.
Bhí an chéad tagairt scríofa d’fhuisce na hAlban i Rollaí Státchiste na hAlban sa bhliain 1494.