Tá Ros Muc suite ar chósta thiar na hÉireann, i gContae na Gaillimhe i lár Ghaeltacht Chonamara agus tugtar Gaeilge Ros Muc ar an gcineál Gaeilge a labhraítear ann. In Atlas Heinrich Wagner is é Ros Muc pointe eolais 44 ann. An té a thug eolas do Wagner as Ros Muc Mícheál Maude an t-ainm a bhí air. Tá cuntas mion ar a chuid Gaeilge san Atlas céanna.
Is í an Ghaeilge an teanga is mó a labhraítear sa cheantar. Deir na staitisticí ó thoghcheantar an Turlaigh, Ros Muc, gurb é Ros Muc an ceantar is láidre Gaeltachta sa tír. Labhraíonn 91.9% de dhaoine fásta os cionn naoi mbliana déag d'aois an teanga ar bhonn laethúil. Tá timpeall 500 duine ina gcónaí i Ros Muc.
Seán Ó Conaire: Bhí mo sheanathair agus m'athair ina dtáilliúraí agus bhí mé fhéin i mo tháilliúr agus d'fhága... bhí mé timpeall is bliain sa mbaile nuair a cailleadh m'athair, mar a déarfhá, agus ansin joináil mé an t-athair aimsir an choga’
Is féidir breathnú ar Ghaeilge Chonnacht mar mhórchanúint amháin. Áiríonn Stair na Gaeilge(SNG) Gaeilge Ros Muc ar Ghaeilge Iarthar Chonamara. Spéisiúil go leor, leis an gceantar seo a bhaineann Gaeilge Ráth Chairn chomh maith. Áirítear i bhfoinsí eile go bhfuil Ros Muc ar cheann de na ceantair atá i gConamara Theas agus go bhfuil na háiteanna seo a leanas ann leis; Ros a' Mhíl, Casla, An Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán, Camus, Iorras Aithneach.
Deir Wigger linn áfach gur "iondúil Ros Muc a thabhairt ar an leithinis ar fad a shíneas cheithre mhíle ó dheas ón nGort Mór idir Cuan Chamais agus Cuan Chill Chiaráin" agus go gcuimsíonn sé: "An Turlach Mór, An Gort Mór, Snámh Bó, Cill Bhriocáin, An Turlach Beag, Ros Cíde, Gairfean agus Ros Muc féin"
Tá roinnt mhaith buntréithe a bhaineann le mórchanúint Chonamara le sonrú ar Ghaeilge Ros Muc chomh maith, ar ndóigh, is iad sin:
● An t-aiceann ar an gcéad siolla ● 'mh' tostach a deireadh focail dhéshiollaigh, 'talamh' mar 'tala'. ● 'dh' tostach ag deireadh ainmhfhocail ● 'tádar' uaireanta in áit 'tá siad'
Aithnítear go bhfuil Gaeilge Chonamara Theas/Gaeilge Iarthar Chonamara difriúil le Gaeilge Chois Fharraige.
Tugann Ken Nilsen spléachadh áirithe ar na difríochtaí atá idir an dá fhochanúint seo. Deir sé linn go bhfuil Gaeilge Ros Muc mar a chéile le Gaeilge na n-Oileán agus na Ceathrú Rua agus go bhfuil siad seo ar fad níos gaire do Ghaeilge Charna agus Árann ná mar atá do Ghaeilge Cois Fharraige. Dar le Nilson go bhfuil go leor gnéithe de Ghaeilge Chonamara Theas ann(ina measc seo tá Carna agus Bun a’ Cruc). Ina measc sin tá na rudaí seo a leanas.
● Coinneáil na ngutaí fada roimh ‘h’ /bo:har/ agus ní /bohar/ mar atá in Leitir Mór agus /bo:r/ mar atá i gCois Fharraige.
● Fuaimniú ar an '-mh' meánach mar /w/ i bhfocail le '-amh'
● Breis úsáidte bheith bainte as '-í' mar chríoch ar na hiolraí /muki:/ muca murab ionann agus /mukə/. thu ● ní gnách 'th' agus 'ch' idir dhá ghuta a chailleadh.
Tráchtann Nilson ar úsáid na bhfoirmeacha scartha agus táite den bhriathar ag cainteoirí Wigger. Níl ach sampla amháin de '-mar', an fhoirm den chéad phearsa iolra ann agus is é an cainteoir is sine a bhaineann úsáid as. Uaireanta bíonn an dá fhoirm le feiceáil ann: scartha agus táite in úsáid in aon abairt amháin go fiú ‘mar choinníodar ina rún é go ndeachaigh siad i dtalamh’. Anuas orthu sin deirtear linn go mbaintear breis úsáide as míreanna áirithe foclóireachta mar shampla ‘máthair mhór’ in áit ‘seanmháthair’ mar a bhíonn i gCois Fharraige.
Deirtear linn faoi Ghaeilge Chonnachta agus Chonamara gur na foirmeacha scartha is treise ‘níor íoc muid’. Tá an dá fhoirm le sonrú ar chaint Ros Muc. Foirmeacha scartha den bhriathar is mó a bhíonn i nGaillimh.
Tá foirm an choinníollaigh ann in áit an ghnáthchaite ar fud an bhaill. Is iomaí duine atá cáinteach ar an bhforás seo ach tá glacadh ag Williams leis ina mholtaí ar caighdeán úr a leagan amach. Tá léirmheas mion déanta ag Williams ar obair Wigger i dtaobh Ghaeilge Ros Muc.
Bá an 'f' sna leaganacha seo ar fad.
Foirmeacha áirithe 'Cén difríocht is mó a fheiceanns tú?' 'a bhíonns'
Tá trí bhriathar ann a bhfuil foirm choibhneasta dhearfach dhíreach leithleach mar seo acu i gcaighdeán oifigiúil ghramadach na teanga('a leanas' is mar sin) ach déantar é seo mar nós i Rosc Muc.
'agus ghearrfadht sé do chluaith ansin i' 'b’fhéidir go mbeadht sé' 'nuair a bhíodht sibh' 'nuair a rithfeadht sí gann'
Bíonn an 't' seo ann nuair is foirm an choinníollaigh agus focal dar tús 's' a thagann ina dhiaidh. Is ionann an 't' seo agus an 't' in 'thit sé', corruair coinnítear an /x/ sa suíomh seo (ag an gcainteoir is sine ag Wigger).
Tá 'ag ceapadh' agus 'a cheapadh' le clos ann. Tá an tríú leagan ann leis, is é sin 'ag cheapadh' corráit, ba dhóigh leat nach raibh aon bharántas stairiúil aige seo. Tá 'ag cheapadh' le léamh i dtrascríobh atá déanta ag Brian Ó Curnáin ina staidéar ríchuimsitheach ar Ghaeilge Iorras Aithneach. "Tá mé ag cheapadh gá bhfeiceadh muid Joe..." Níl an tógáil seo ag teacht le ceart na staire áfach. Is féidir gur meascán idir 'a cheapadh' agus 'ag ceapadh atá ann'.
'Sea, bhuel níor fheolaim tú...' ‘a thóig me’
'Ní rinne' atá i Ros Muc cé gur 'níor rinne' is coitianta i gConamara trí chéile.
Tugtar suntas don chaoi a bhfuil na réamhfhocail a bhfuil na bunfhoirmeacha do/do/de ag dul leo tite le chéile mar /gə/. Cruthaíonn seo deacracht leis an mbealach is fearr iad a scríobh.
Sa tSean-Ghaeilge bhíodh foirmeacha 3ú pearsan ag na réamhfhocail 'occaibh' (acu) 'foraib' (orthu) Is i gceantar amháin, Árainn agus Conamara atá an '-abh' seo tar éis a athrú ina - /əb/ nó ina -/ub/. De bharr go dtugann 'bh' + 'f' in éineacht 'p' sa Ghaeilge go minic, an gnáthfhuaimniú a rinneadh ar 'acabh féin' ná 'acu péin'; ina dhiaidh sin nuair a bhí an fho-fhoirm ‘péin’ tagtha chun cinn ó 'féin', ba chosúil go bhféadfaí ‘acu péin’ a roinnt ina 'acub héin'. Ar an gcaoi seo a tháinig 'acub', 'orab', 'leób' leo féin agus mar sin de chun cinn. Tugann Jesperson meitea-anailís air seo.
'Freisin' a bheith ag deireadh na gclásal an rud a bhfuil cleachtadh aga air ach níorbh amhlaidh i Ros Muc.
"...is dóichí ach thugtaí a’ Baile Thiar freisin air uair amháin..." "...ach bhí neart Béarla freisin ann..." "...mar ba sáibhéir a bhí ann agus ba saor cloch a bhí freisin ann..." "Bhíodar go deas freisin linn..."
Tá claonadh ann i Ros Muc an foirceann -í a chur leis an iolra, 'muca' ina 'mucaí' is mar sin de.
'áiteachaí' 'scór bliantaí' 'mharaigh mé ronnachaí... ...ballachaí' 'mónógaí' 'uaireantaí' 'tithí'
'-achaí' mar atá i gCois Fharraige.
Tá leagan áirithe ar leith ann, is é sin ‘cearcaí' ach 'cearca fraoigh'. Allegro a thugtar air seo, agus tarlaíonn sé i nGaeilge Iorrais leis. Tá sé seo le sonrú ar 'daoiní' agus 'daoine' ag Caitlín Maude. Tugann Williams suntas don difear idir 'daoiní' agus 'daoine' ag brath ar an bhfocal a thagann ina ndiaidh i leabhar Wigger.
Tréith ag Gaeilge Mhaigh Eo atá anseo agus spéisiúil go leor ní bhaineann sé le háiteanna i nGaillimh atá níos faide ó Mhaigh Eo, Mionlach mar shampla.
Is éard atá i gceist le díshamhlú ná an próiseas ina athraítear litreacha cosúla le hiad a dhéanamh éagsúil lena chéile. Tarlaíonn seo i dteangacha uile an domhain, meastar. I gcás Ghaeilge Ros Muc na cinn is coitianta ná na leaganacha thíos. Trí analach a tháinig roinnt acu chun cinn(bunaithe ar an díshamhlu).
mná - mrá Ballaí Luimnigh - Ballaí Luimrí Aon chnaipe - aon chraipe Cnoc - Croc
Is minic consain chaola in áit chonsain leathana an chaighdeáin.
'tóigeáil' 'tóigeadh'
Bíonn a mhalairt ann leis, 'múnadh' is ní 'múineadh' atá sa chanúint.
Cuirtear 'í' breise leis na rangabhálacha caite go minic.
'atá an raidió tógthaí' 'bristí' 'bhí sí imí’
tala’ dhíona'/dhéana' 'i gcaithea’ an lae' savhradh agus samhradh (araon le clos, cé go ndeirtear gur savhradh is minice.) savail - ar samhail
Caitear leis na gutaí fada i mbealach spéisiúil.
Móin - múin long - lúng croc - cruc
driotháir - deartháir cá’il - cá bhfuil ar ndó/ ar ndú - ar ndóigh sé an chaoi - is é an chaoi graithe - gnó (cé go bhfuil an leagan caighdeanach ann sa chanúint leis.) chuile - gach uile an bheatha - bia a’ góilín - 'ag gabháil fhoinn' mar a déarfhá, bhfuil fhios a't - ráitis ríchoitianta. éicint - éigin dul/dhul - goil/ghoil
Ceann de na leaganacha is aitheanta as an mórcheantar ná an gairmeach úd ‘A mhac’, seans gur analach ón tógáil ‘a stór’ ata i gceist leis seo, is é sin nuair nach gcaolaítear ainmneacha ceana nó meafaracha agus iad sa ghairmeach.
Tugann Ó Giollagáin suntas don chaoi a mbaineann Wigger úsáid as 'dul/dhul' cé go mbeadh 'goil/ghoil' nó 'gabhail/ghabhail/ níos giorra don réaladh canúnach /gol’/ mar atá san fhoclóir ag Wigger. Chuaigh mé féin le 'dul' le fanacht níos dlúithe leis an gcaighdeán.
Tá deilbhíocht an ainmfhocail simplithe i gcomthéacsanna go leor. Is minic gan an ginideach marcáilte. Feictear seo go minic i scríbhneoireacht chanúnach Chonamara, saothar Mháirtín Uí Chadhain ina measc.
'an cineál sin táilliúracht' 'cén sórt áit é an stillhouse? (seans go bhfuil an ginideach 'e' báite ag an 'é' anseo ach feictear nach bhfuil sé sna samplaí eile) 'le hais na carra
I gcás na bhfocal sin nach dtaipeánann an tuiseal seo ach le caolú cailltear an comhartha seo go minic de bharr comhshamhlú caoile. Tarlaíonn an rud céanna i bhfocail a thosaíonn le guta gearr(neodrach) mar chomhartha an ghinidigh nuair a leanann guta eile iad.
Cailltear 'dh' nó 'gh' deiridh go minic agus go minic ní hann don tuiseal ach san athrú tosaigh, bíodh sé ina urú nó ina shéimhiú. Feictear é seo sna samplaí seo:
'aimsir a' choga' le hais na carra’
Táid ar fáil anseo https://www.dias.ie/index.php?option=com_content&view=article&id=4777:caint-ros-muc&catid=27&Itemid=225&lang=en Hans Hartmann Ollamh le teangeolaíocht Chomparáideach in Ollscoil Hamburg a chur an taifead sa siúl an chéad lá. Caint Ros Muc, Conchúr Ó Giollagáin, Béaloideas 73 (2005), Lgh. 192-194. (Léirmheas) Linguistic atlas and survey of Irish dialects(LASID), Heinrich Wagner, IALBÁC, BÁC, 1981. Stair na Gaeilge: in ómós do Phádraig Ó Fiannachta / Maigh Nuad: Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, 1994 (Caib: Ó hUiginn, Ruairí, Gaeilge Chonnacht.) Caint Ros Muc, Wigger, Imleabhar 1 An Teanga Bheo, Gaeilge Chonamara, Séamas Ó Murchú, An Gúm, 2009. Galway Archaelogical & Historical Society, Ken Nilsen, Imleabhar 59, 2007 lgh 193 go 196 (léirmheas ar leabhar Wigger) LASID, Wagner, Im III. SNG lch 579. CRM, Wigger. Nicholas Williams: Caint Ros Muc (Léirmheas ar CRM Wigger) 139, ÉIGSE, Imleabhar XXXV I gCarna/Cois Fharraige bíonn sé seo ann leis. Foirm choibhneasta 3ú pearsa uathu le séimhiú is /s/ atá ann. Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí, An Gúm, Rialtas na hÉireann, BAC, 1999. ATB lch 40. Lch 1993. Tá cúig cinn d'imleabhair ann. CRM, Wigger. Irish Dialects Past and Present, Thomas F. O’Rahilly, IALBHÁC 1972, BÁC. Lgh 78-82. Gaeilge Chois Fhairrge an Deilbhíocht, Bhaldraithe Tomás de, Dublin Institute for Advanced Studies, BÁC, 1977. SNG, lch 546. SNG - Rangabháil chaite le gutaí fada, 'buailtí' mar atá i ndeisceart Chonnacht agus i Maigh Eo. Tugann Ó Coigligh suntas don chaoi a bhfuil difear idir an beatha = bia agus an bheatha = beo an duine. SNG. CRM, Wigger. SNG (lch 555 agus lch 565)