Georg Wilhelm Friedrich Hegel

Infotaula de personaGeorg Wilhelm Friedrich Hegel

(1831) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Lúnasa 1770
Stuttgart (An Impireacht Naofa Rómhánach)
Bás14 Samhain 1831
61 bliana d'aois
Beirlín (Cónaidhm na Gearmáine)
Siocair bháisBás nádúrtha (Calar)
Áit adhlacthaReilig Dorotheenstadt Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Tübingen
Eberhard-Ludwigs-Gymnasium
Ollscoil Jena
Tübinger Stift Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Tráchtas acadúilQ12899669 Aistrigh
Comhairleoir dochtúireachtaFriedrich Wilhelm Joseph Schelling
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht, loighic, fealsúnacht na staire, aeistéitic, creideamh, meitifisic, eipistéimeolaíocht, fealsúnacht pholaitiúil agus fealsúnacht shóisialta
Suíomh oibre Beirlín (1818–1831) Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfealsamh, scríbhneoir, fealsamh an dlí, staraí na fealsúnachta, múinteoir ollscoile, loighceoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaFealsúnacht an 19ú haois
Tréimhse oibre1788 –  1831
FostóirOllscoil Jena
Ollscoil Friedrich-Wilhelm
Ollscoil Heidelberg Cuir in eagar ar Wikidata
GluaiseachtIdéalachas Gearmánach, stairiúlachas agus Héigealaíochas
Mac/iníon léinnMax Stirner
Faoi thionchar
TeangachaAn Laidin agus an Ghearmáinis
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaJohann Eduard Erdmann
Teaghlach
CéileMarie von Tucher (1811–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteKarl Von Hegel Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGeorg Ludwig Hegel  agus Maria Magdalena Louisa Fromm
Duine muintearthaGeorg Ludwig Christoph Hegel (sin-seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

iTunes: 366222285 Musicbrainz: 1923602f-e93c-47fc-a342-fb1ca10250f5 Find a Grave: 6664 Cuir in eagar ar Wikidata

Fealsamh Gearmánach ba ea Georg Wilhelm Friedrich Hegel (27 Lúnasa 1770 – 14 Samhain 1831) agus é ar an duine ba thábhachtaí san idéalachas Gearmánach. Meastar go bhfuil sé ar na fealsúna is bunúsaí i bhfealsúnacht nua-aimseartha an Iarthair agus tionchar aige ar ointeolaíocht, ar aeistéitic agus ar pholaitíocht.

Is an t-éacht is mó a rinne Hegel an t-idéalachas a chur in iúl ar dhóigh shainiúil, rud a dtugtar “dearbh-idéalachas” air uaireanta, cé gurb annamh a bhaineann Hegel féin feidhm as an bhfocal seo. Úsáidtear é chun déachas na hintinne agus an nádúir, na suibiachta agus na hoibiachta, agus eile, a shárú. Tugann sé síceolaíocht, an stát, ealaín, reiligiún agus fealsúnacht le chéile trí fhealsúnacht an spioraid. Is mór an tionchar a bhí aige trí dhialachtaic an mháistir agus an daoir, go háirithe sa Fhrainc sa fichiú haois.

Tá tábhacht ar leith le coincheap an spioraid (Geist) mar léiriú stairiúil ar choincheap loighciúil na rudaí a chuireann i gcoinne a chéile, mar dhea: samplaí de sin is ea an chontrárthacht, i gcosúlacht, idir an riachtanas agus an tsaoirse agus idir imanacht agus tarchéimnitheacht. Tá baint aige seo leis an Aufhebung nó páirtchealú, ina gcealaítear eilimint i ndialachtaic ach í a bheith caomhnaithe fós mar pháirteilimint i sintéis.

Bhí tionchar ag Hegel ar a lán smaointeoirí a bhfuil tuairimí an-difriúla acu. Maítear, mar shampla, go bhfuil an t-iarstruchtúrachas ag brath, mórán, ar a bheith in aghaidh an traidisiúin Hegelaigh.

Beatha

Rugadh Hegel ar an 27 Lúnasa 1770 in Stuttgart, príomhchathair Diúcacht Württemberg in iardheisceart na Gearmáine. Bhí a athair Georg Ludwig ina státseirbhíseach agus b’iníon le dlíodóir a mháthair Maria Magdalena Louisa (née Fromm). Fuair sí bás le fiabhras nuair a bhí Hegel trí bliana déag d’aois. Bhí deirfiúr le Hegel, Christiane Luise (1773–1832), agus deartháir, Georg Ludwig (1776–1812), a fuair bás mar oifigeach in 1812 i rith fheachtas Rúiseach Napoléon.

Nuair a bhí Hegel ocht mbliana déag chuaigh sé ar scoil sa Tübinger Stift, cliarscoil Phrotastúnach mar ar bhuail sé leis an bhfile agus fealsamh Friedrich Hölderlin agus le Friedrich Wilhelm Joseph Schelling. Chuaigh siad le loinne dhíograise i dtaobh Réabhlóid na Fraince, agus d’fhan Hegel dílis do phrionsabail na Réabhlóide ar feadh a shaoil. Tar éis dó a theastas diagachta a fháil ceapadh é mar Privatdozent (léachtóir gan tuarastal). In 1802 bhunaigh Schelling agus Hegel an iris Kritische Journal der Philosophie (Iris Chriticiúil na Fealsúnachta). In 1805 ceapadh Hegel mar Ollamh Urghnách (gan tuarastal).

Nuair a rinne na Francaigh ionradh ar an nGearmáin chaill cathair Jena neart mac léinn, agus in 1807 thosaigh sé ag múineadh in Bamberg. Níos déanaí, in Nuremberg, d’athchóirigh sé Feiniméaneolaíocht an Eolais, leabhar dá chuid a foilsíodh beagán roimhe sin, chun é a úsáid mar théacsleabhar. Bhí sé ag smaoineamh ar chiclipéid de na heolaíochtaí fealsúnacha agus í roinnte ina trí chuid: loighic, fealsúnacht an nádúr agus fealsúnacht an spioraid.

In 1811 phós sé Marie Helena Susanna von Tucher (1791–1855) agus rugadh dhá mhac dóibh. D’fhoilsigh sé an dara leabhar mór aige, Eolaíocht na Loighice (Wissenschaft der Logik; trí imleabhar, 1812, 1813 agus 1816). Fuair sé ollúnacht fealsúnachta in Ollscoil Bheirlín in 1818, agus in 1829 ceapadh é mar Reachtaire na hOllscoile. An bhliain sin fuair sé bás.

Saothar fealsúnach

Ó aimsir Leibniz go dtí gur glacadh go forleathan le loighic Frege sna 1930idí, bhí gach gnáthshaothar faoin loighic roinnte ina thrí roinn: teagasc coincheapa, teagasc breithiúnais agus teagasc infeiris. Déanann teagasc coincheapa trácht ar an gcoibhneas orlathach córasach atá idir aicmí ginearálta rudaí. Déanann teagasc breithiúnais trácht ar choibhneas na suibiachta agus na preidicáide. Léiríonn teagasc infeiris foirmeacha na siollóg a bhí le fáil ar dtús i loighic Arastatail.

Le linn Hegel b’ionann loighic agus meitifisic; bhí fealsúna ar lorg bunstruchtúir ointeolaígh laistigh de choibhneas na mbunphreideacáidí (méid, am, áit, etc.), nós atá chomh sean le teagasc Phlatón agus Arastatail.

Tháinig brí nua leis an taighde seo nuair a foilsíodh Critic an Fhíor-Réasúin, leabhar le Imanuel Kant, in 1781. Tharraing Kant a chlár catagóirí as gnáthchlár breithiúnas; is éard a bhí ina chlár féin an dá choincheap dhéag ghlana nó “shinseartha” den tuiscint a chuireann creatchruth ar an eispéireas go léir, beag beann ar a bhfuil le fáil istigh ann.

Chuir Hegel go mór le meitifisic na gcatagóirí i ndiaidh Kant le Eolaíocht na Loighice, leabhar ar chuimhnigh Hegel air mar bhunsaothar a fhealsúnachta agus é ag dul i gceann tionscadail ar luaigh Kant é ach nach ndeachaigh sé ina bhun é féin – liosta iomlán a dhéanamh de choincheapa díorthacha na glantuisceana.

Cumasc contrárthachtaí gach coincheap (dubh agus bán, teas agus fuacht), agus dá bhrí sin tá coincheapa na glantuisceana le fáil laistigh den choincheap is teibí amach, díreach mar a fhásann crann as síol. Tosaíonn an leabhar leis an Eisint agus samhlaíonn Hegel an Eisint sin le Dia. As sin a thagann coincheapa níos fuaimintiúla, mar theacht chun bheith, neach aontrátha, réad éigin agus an éigríoch.

Rudaí iontu féin

Cuireann idir Hegel agus Kant in iúl go dtagaimid ar choincheap an ruda ann féin trí fháil réidh lena mbaineann leis an taithí atá againn ar rudaí a fhéadaimid a thabhairt faoi deara.

Is féidir linn eolas a fháil ar an rud mar atá sé ann féin. Is í an ghné neamhdheimhin den rud atá i gceist agus í le bheith ann feasta. Is é an páiste “ann féin” an duine fásta a bheidh ann amach anseo; ar shlite éigin níl sa pháiste ach folús a líonfar le himeacht aimsire.

An Bheatha

Tá sé áitithe go bhfuil buntéama i saothar Hegel a tharraingítear anuas arís agus arís: cur síos ar smaointeoireacht agus ar réasúnaíocht de réir ghníomhaíocht dhinimiciúil agus theacht chun cinn na beatha orgánaí.

Rinne Hegel catagóir de choincheap na beatha in Eolaíocht na Beatha. Cuimhnítear anseo ar chatagóir na beatha mar an smaoineamh absalóideach i bhfoirm an choincheapa shuibiachtúil; i gcodarsnacht leis sin, cuimhnítear ar chatagóir na cognaíochta mar an smaoineamh absalóideach i bhfoirm an bhreithiúnais. Tugann meon spéacláireach na hintinne agus an nádúir le fios go dtéann an réasún agus an stair i dtreo na hAbsalóide agus iad ag gabháil trí chéimeanna atá réasúnta inaibí agus a sháraíonn constaicí ar an mbealach mar a dhéanfadh páiste.

Saoirse

Chosain Hegel déachas Kant ar chláir réaduchtacha nó chealaitheacha mar ábharachas nó mar thurgnamhacht. Mar a rinne Platón agus é ag caint ar dhéachas an anama agus na tothlaíochta corpartha, rinne Kant taighde ar chumas na hintinne an tothlaíocht a iniúchadh agus dualgas morálta a shocrú a tharchéimneodh cúngú an choirp. D’fhan Hegel dílis don tuiscint Phlatónach agus Kantach seo agus é á cur in iúl mar an infinid a ghabhann thar theorainn na finide (rud a shamhlaigh Hegel le “saoirse” agus “an rud is cóir”),, an t-uilíoch a ghabhann thar an tsainiúlacht (sa Choincheap), agus an Spiorad a ghabhann thar an Nádúr. Caithfidh an Fhinid éirí infinideach chun an réaltacht a bhaint amach. Tá an rud a shocraíonn a nádúr féin – seachas a bheith ag brath ar a gcoibhneas le rudaí eile chun a bheith sainiúil – níos réalaí ná rudaí nach ndéanann é sin. Ní dhéanann rudaí finideacha a nádúr féin a shocrú agus a dteorainneacha leagtha amach ag rudaí finideacha eile.

Is é an toradh atá ar an argóint seo nach mar fhírinní neamhspleácha atá an fhinid agus an infinid (an tsainiúlacht agus an t-uilíoch, an nádúr agus an tsaoirse) agus iad suite in aice a chéile; a mhalairt ar fad, mar is é an dara ceann i ngach cás féintarchéimniú an chéad cheann. Is féidir an coibhneas idir an dá cheann a thuiscint mar rud iomlán atá ag forbairt agus á fhoirbhiú féin.

Dul chun cinn

Shíl Hegel go fealsúnacht, cultúr agus sochaí a linne lán de neamhréiteach agus de theannas, mar atá idir suibiacht agus oibiacht an eolais, idir an intinn agus an nádúr, idir an Féin agus an Eile, idir saoirse agus údarás, idir eolas agus creideamh, idir an Eagnaíocht agus an Rómánsachas. Bhí sé de chuspóir ag bunsaothar Hegel léargas a thabhairt ar an teannas agus ar na codarsnachtaí seo mar aontacht chuimsitheach réasúnach a bhí ag éabhlóidiú agus ar thug sé “an Smaoineamh Absalóideach” nó “eolas absalóideach” uirthi.

Dúirt Hegel go ndearna an aontacht seo é féin a chruthú agus a léiriú trí chontrárthacht agus trí shéanadh. Tá fuinneamh iontu atá le mothú i ngach réimse den réaltacht – comhfhios, stair, fealsúnacht, ealaín, nádúr agus an tsochaí. Tagann forbairt as seo go dtí go mbaintear aontacht amach, rud a chaomhnaíonn na contrárthachtaí ach a thugann le chéile iad.

Sochaí shibhialta

Rinne Hegel idirdhealú idir an tsochaí shiabhialta agus an stát in Eilimintí Fhealsamh na Córa. Deir sé sa saothar seo gurb éard atá sa tsochaí shibhialta céim sa choibhneas dialachtach idir dhá rud a shíl sé a bhí bunoscionn le chéile, mórphobal an stáit agus mionphobal an teaghlaigh.

Nótaí

  1. Redding, Paul (13 February 1997). "Georg Wilhelm Friedrich Hegel". Stanford Encyclopedia of Philosophy.
  2. "Heidegger's Hegel" (Béarla).
  3. Is éard atá i gceist anseo an aithint: dhá fhéinchomhfhios a bheith ann agus gach ceann acu á aithint go bhfuil an ceann eile féinchomhfhiosach. Sáróidh ceann acu an ceann eile agus é ina mháistir dá bharr, ach gheobhaidh sé amach nach féidir leis an aithint atá uaidh a fháil, mar nach féidir leis an daor, mar dhaor, í a thabhairt dó.
  4. Is éard ba chionsiocair leis seo léachtaí Alexandre Kojève, a foilsíodh faoin teideal Introduction à la lecture de Hegel (Páras, 1947), agus ar chuir James Nichols Béarla ar roinnt acu mar Introduction to the Reading of Hegel (Nua-Eabhrac, 1969). Féach, mar shampla, Aimé Patri, "Dialectique du Maître et de l’Esclave", Le Contrat Social, V, No. a (Iúil–Lúnasa 196r), 234, luaite in Réamhrá an Eagarthóra (vii), i dtaobh an tionchair a bhí acu.
  5. "One of the few things on which the analysts, pragmatists, and existentialists agree with the dialectical theologians is that Hegel is to be repudiated: their attitude toward Kant, Aristotle, Plato, and the other great philosophers is not at all unanimous even within each movement; but opposition to Hegel is part of the platform of all four, and of the Marxists, too." Walter Kaufmann, "The Hegel Myth and Its Method" in From Shakespeare to Existentialism: Studies in Poetry, Religion, and Philosophy, Beacon Press, Boston, 1959 (lgh 88–119).
  6. Michael Hardt, Gilles Deleuze: an Apprenticeship in Philosophy, University of Minnesota Press, 1993, p. x.
  7. Pinkard, Terry P. (2000). Hegel: A Biography. Cambridge University Press: lch 4. ISBN 0521496799
  8. Beiser, Frederick C. (1993). The Cambridge Companion to Hegel. Cambridge University Press.
  9. Pinkard, lch 37
  10. 10.0 10.1 Kant, Immanuel (1998). "Critique of Pure Reason": A81/B107. Cambridge University Press. 
  11. Hegel, G.W.F. (1969). "Science of Logic": 78. Humanity Books. 
  12. McCumber, John (30 October 2013). "Understanding Hegel's Mature Critique of Kant": 54. OCLC 864849733. 
  13. McCumber, John (2013-10-30). "Understanding Hegel's Mature Critique of Kant": 58. OCLC 864849733. 
  14. McCumber, John (2013-10-30). "Understanding Hegel's Mature Critique of Kant": 54. OCLC 864849733. 
  15. Ng, Karen (Karen K.) (2 January 2020). "Hegel's concept of life : self-consciousness, freedom, logic": 3. OCLC 1121421652. 
  16. Féach Science of Logic, aistrithe ag Miller: Atlantic Highlands, NJ: Humanities, 1989, lgh 133–136, 138
  17. Miller, lch 145
  18. Miller, lch 146
  19. "Hegel's Philosophy of Right: Preface".
  20. Pelczynski, A.Z.; 1984; 'The Significance of Hegel's separation of the state and civil society' lgh 1-13 in Pelczynski, A.Z. (ed.); 1984; The State and Civil Society; Cambridge University Press