Is uachtarán ar an Cholóim é Gustavo Petro (a rugadh ar 19 Aibreán 1960), an chéad Uachtarán de chuid an eite chlé sa tír.
Bhí bua stairiúil ag Gustavo Petro, iar-réabhlóidí, i dtoghchán uachtaránachta na Colóime ar 19 Meitheamh 2022. Ba é an chéad uair a toghadh fear den eite chlé. Is Afra-Cholómach agus bean an leas-Uachtarán, Francia Márquez.
Bhí Petro ina bhall den 19th of April Movement (M-19) sna 1970idí agus 1980idí. Gabhadh é sa bhliain 1985 as armlón a bheith ina sheilbh go mídhleathach aige.
Bhí Pero ina Mhéara in Bogotá, príomhchathair na tíre, idir 2012–2014 agus 2014–2015.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |