Géanóm

Cód géiniteach le heolas géiniteach uile an orgánaigh. Sa chuid is mó d'orgánaigh, i seichimh DNA taobh istigh de chrómasóim a bhíonn an t-eolas seo. Tá víris bunaithe ar RNA ann, agus ina gcás siúd is sa seicheamh iomlán RNA a bhíonn an t-eolas seo. Tá raon iontach mór i méid an ghéanóim, ó chúpla míle bunphéire i víreas simplí go dtí beagnach milliún milliún bunphéire i bplandaí áirithe. Is féidir go mbeidh comhdhéanaimh dhifriúla ag géanóm (géinitíopaí) baill éagsúla orgánaigh, ach cuireann géanóm an orgánaigh síos ar sheichimh choitianta shainiúla an orgánaigh.

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Géanóm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 310.