Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (de) Hans Michael Frank 23 Bealtaine 1900 Karlsruhe |
Bás | 16 Deireadh Fómhair 1946 46 bliana d'aois Nuremberg Court Prison (en) |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh) |
Ball de Reichstag Phoblacht Weimar | |
Ball de Reichstag na Gearmáine Naitsíoch | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Ludwig Maximilian, München |
Céim acadúil | Dochtúir le Dlí |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Beirlín Rialtas Ginearálta na Polainne |
Gairm | dlíodóir, polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Oibrithe na Gearmáine (1919–) Páirtí na Naitsithe |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Cos-slua |
Céim mhíleata | saighdiúir singil |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Ghlac sé/sí páirt i | |
9 Samhain 1923 | Putsch an Halla Leanna |
Eile | |
Céile | Brigitte Frank (1925–1946) |
Páiste | Niklas Frank |
Ciontaíodh i | coireacht in aghaidh na daonnachta |
Gradam a fuarthas
| |
Naitsíoch agus dlíodóir ba ea Hans Frank (23 Bealtaine 1900 – 16 Deireadh Fómhair 1946). Le linn 1939-1945, bhí Frank ina Ard-Ghobharnóir ar an gcuid sin den Pholainn a bhí i seilbh na Naitsithe. Bhí Frank freagrach as an Uileloscadh sa Pholainn.
Tarraingíodh aird an phobail ar Hans Frank den chéad uair sna 1920idí mar dhlíodóir ag gníomhú don Pháirtí Naitsíoch, agus do Adolf Hitler go pearsanta. Bhí Frank ann le linn Putsch an Halla Leanna sa bhliain 1923.
Tar éis do na Naitsithe teacht i gcumhacht sa bhliain 1933, bhí Frank ina cheannasaí ar Chumann na nDlí-eolaithe Sóisialacha Náisiúnta agus ina Uachtarán ar Acadamh Dlí na Gearmáine. Bhí sé ina Aire gan Cúram Roinne ó 1934 ar aghaidh.
Sa bhliain 1939, rinneadh Ard-Ghobharnóir de, ar an gcuid sin den Pholainn a bhí i seilbh na Naitsithe ach gan a bheith ionghafa ag an nGearmáin, An Rialtas Ginearálta. Bhí an post seo aige go dtí gur chaill an Ghearmáin an cogadh sa bhliain 1945.
Mar gheall ar a páirt a bhí ag Frank i gcoireanna cogaidh agus i gcoireanna in aghaidh na daonnachta, ghearr an Binse Míleata Idirnáisiúnta pionós an bháis air. Crochadh Frank ar an 16 Deireadh Fómhair 1946.
Rinne Frank scéal mór den aithreachas a bhí air go raibh páirt aige sna coireanna sin agus den dearcadh creidimh nua a bhí á mhaíomh aige. Níl na staraithe ar aon intinn fós an raibh sé dáiríre faoi sin.