Polaiteoir Indiach ab ea Indira Priyadarshini Gandhi (IPA (Hiondúis) ˈɪnːdɪrə ˈɡaːnd̪ʱi; née Nehru; 19 Samhain 1917 – 31 Deireadh Fómhair 1984). Ise an t-aon bhanphríomh-aire i stair na hIndia. Aon-iníon Jawaharlal Nehru, chéad phríomh-aire na hIndia, ab ea í (ní raibh sí gaolta le Mahatma Gandhi).
Bhí Indira Gandhi ina príomh-aire ó 1966 go 1977 agus ansin arís ó 1980 gur feallmharaíodh í sa bhliain 1984.
Rugadh Indira isteach i dteaghlach Caismíreach Pandit ar 19 Samhain 1917 in Allahabad. Bhí ról mór ag a hathair, Jawaharlal Nehru, sa ghluaiseacht ar son neamhspleáchas na hIndia faoi na Briotanaigh.
Bhí Indira an t-aon pháiste sa teaghlach agus d'fhás sí aníos lena máthair, Kamala Nehru, san Anand Bhavan, eastát mór ag muintir Nehru in Allahabad.
Bhí sí uaigneach míshuaimhneach agus í óg. Bhíodh a máthair tinn go minic agus a athair amuigh ag obair ar chúrsaí polaitíochta nó i bpríosún ag na Briotanaigh. Trí mheán litreacha a raibh cumarsáid aici leis sa chuid ba mhó.
Sna 1950idí d'oibrigh Gandhi mar chúntóir pearsanta dona hathair le linn a thréimhse mar chéad-Phríomh-Aire na hIndia.
Ag druidim ar dheireadh na 1950idí, bhí Gandhi ina huachtarán ar an Indian National Congress.
Sa bhliain 1966, toghadh Gandhi mar Phríomh Aire ar an India, an chéad bhean a toghadh le bheith ina ceannaire ar an tír.
Bhí Gandhi ina príomh-aire ar an India ó 1966 go 1977 agus ansin arís idir 1980-1984.
D'éag a mhac, Sanjay Gandhi, i dtimpiste eitleáin (agus é ag spraoi eitilt) sa bhliain 1980. Rinneadh iarrachtaí é a fheallmharú trí huaire roimh a bhás.
Feallmharaíodh í sa bhliain 1984. Bhí an léiritheoir Rory O'Farrell agus an fear ceamara Séamus Smith ann ag an am, in éineacht le Peter Ustinov, chun agallamh a dhéanamh le Gandhi. Nuair a scaoil Suícigh í, coimeádadh an criú lena ceistiú ar feadh sé uaire.
Rinne Marian Finucane agallamh léi i Lúnasa 1984.
Tháinig a mhac, Rajiv Gandhi, i gcomharbas uirthi mar phríomhaire tar éis a báis (agus feallmharaíodh é chomh maith, ar 21 Bealtaine 1991).