Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Исаак Эммануилович Бабель |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 13 Iúil 1894 Odesa (Impireacht na Rúise) |
Bás | 27 Eanáir 1940 45 bliana d'aois Príosún Butyrka |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Tráma balaistíoch) |
Áit adhlactha | Donskoe cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Kyiv National Economic University named after Vadym Hetman (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, iriseoireacht, scannán agus aistriúchán |
Gairm | aistritheoir, scríbhneoir próis, eagarthóir rannchuidithe, comhfhreagraí cogaidh, saighdiúir, scríbhneoir, scríbhneoir scripte, drámadóir, iriseoir, stiúrthóir scannán |
Tréimhse oibre | 1921 – |
Seánra | Prós, gearrscéal, sketch story (en) agus dráma |
Teangacha | An Rúisis, an Fhraincis, an Ghiúdais, An Eabhrais agus an Úcráinis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Antonina Pirožkova |
Croineolaíocht | |
Márta 1933-Deireadh Fómhair 1933 | Nazi book burnings (en) |
Scríbhneoir Sóivéadach Rúisise de phór Giúdach ab ea Isaak Emmanuilovich Babel (Rúisis: Исаак Эммануилович Бабель) a saolaíodh in Odessa ar an 13 Iúil 1894 agus a básaíodh i Moscó ar an 27 Eanáir 1940. Scríobhadh sé aistí, gearrscéalta, drámaí agus scéalta iriseoireachta.
Ba iad a chuid scéalta faoi chogadh na Polainne agus na Rúise i dtús na bhfichidí, a d'fhoilsigh sé faoin teideal Конармия/Konarmiya (giorrúchán de Konnaya armiya, nó "An tArm Marcaíochta", is é sin, marcshlua an Airm Dheirg), ba mhó a thuill a chlú dó.
Nuair a bhí Babel ina bhuachaill beag, maraíodh a athair mór i bpogram mór na bliana 1905, agus ba dhóbair dó féin bás a fháil.
Ina stócach óg dó, rinne sé staidéar ar an bhFraincis agus ar léann traidisiúnta na nGiúdach. D'fhéach sé le dul ar scoil na trádála in Odessa, ach ós rud é gur Giúdach a bhí ann, níor ligeadh isteach é. Sa deireadh, chuaigh sé i scoil airgeadais agus gnó i gCív san Úcráin.
Sa bhliain 1915, shocraigh Babel síos i gCathair Pheadair, cé nach raibh cead isteach ansin ag na Giúdaigh. Fuair sé aithne ar Maxim Gorky, duine de scríbhneoirí móra comhaimseartha na Rúise. Chuidigh Gorky leis ar a lán dóigheanna, nó d'fhoilsigh sé scéalta leis ina iris agus bhí sé ina mhúinteoir scríbhneoireachta aige.
Le linn Chogadh Cathartha na Rúise, bhí Babel ag troid ina shaighdiúir san Arm Dearg, ag obair ina aistritheoir don Cheka agus ina iriseoir. Bhí Babel ina chomhfhreagraí cogaidh ag leanúint Mharcshlua Dearg Semyon Budyonnyi, nuair a bhí seisean ag troid na bPolannach sa bhliain 1920.
Fuair sé an-inspioráid agus scríobh sé rogha a chuid scéalta faoin gcogadh seo. Ní raibh an Marascal Budyonnyi féin sásta leis na scéalta, nó thug siad cur síos i bhfad rólom ar bhrúidiúlacht an chogaidh, agus is dócha nach bhfoilseofaí choíche iad, ach go bé gur chuir Vladimir Mayakovsky a ladar sna cúrsaí. Chuir sé na scéalta i gcló ina iris féin, LEF.
D'éiligh Stailín sna 1930idí go mbeadh gach scríbhneoir ag cloí leis an idé-eolaíocht chéanna, an réalachas sóisialta. Ní raibh Babel sásta é sin a dhéanamh agus níor chreid sé gur fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha teacht as. Bhí sé iomlán dall ar an gcontúirt ag an am.
Ghabh an NKPD, an rúnseirbhís, Babel sa bhliain 1939. Bhí sé tar éis a thuiscint cheana féin céard a bhí i ndán do na scríbhneoirí i ríocht Stailín.
Creidtear go coitianta gur cuireadh chun báis é i ndeireadh Mhí Eanáir sa bhliain 1940 i bpríosún Butyrka i Moscó.
Tá iomlán a chuid saothar ar fáil i mBéarla:
As Rúisis, is díolaim chuimsitheach í seo: