Tháinig forbairt ar a smaointe i bPáras i gcoinne an chúlra bríomhar ealaíonta sna 1920idí. I saol an deartha, bhí cur chuige nua aige maidir le cruth, líne, úsáid dathanna, ábhair agus uigeachtaí (Íonaíochas) , ach tá íogaireacht dhaonna a saothair fós ag spreagadh dearthóirí sa lá atá inniu ann.
Dhear sé roinnt mhaith foirgneamh san Eoraip, agus d'oibrigh sé ag pleanáil cathracha chomh maith.
Baineann a dhearadh dealbhach brúidiúil, mar a thugtar air, úsáid as comhcheangail neamhchoitianta ábhar: coincréit amh, miotal rioctha is a leithéid.
Ba ealaíontóir avant garde a bhí ann, agus bhí sé go síoraí ag obair le gluaiseachtaí ealaíne nua. Bhí sár-tionchar aige ar ailtireacht agus b'é gan dabht, an t-ailtire Eorpach ba cháiliúla sa 20ú haois.
Troscán
Dhear Le Corbusier troscán freisin. Thug sé a troscán nua-aimseartha agus maisiú inmheánach drámatúil, íostach le chéile trí úsáid a bhaint as coincheapa nuálacha maidir le dathanna, uigeachtaí agus ábhair.
Saol
Rugadh agus tógadh Charles-Édouard Jeanneret-Gris i La Chaux-de-Fonds, baile i dtuaisceart na hEilvéise.
Sa bhliain 1908 bhog sé go Páras na Fraince agus d'oibrigh sé le Auguste Perret go dtí 1910.
D'oibrigh sé leis an ailtire Peter Behrens ansin i 1910-1911 agus d'fhoghlaim sé an Ghearmáinis.
Thaistil sé timpeall na hEorpa sa bhliain 1911.
Sa bhliain 1917, bhunaigh sé féin agus a chol ceathrar, Charles Jeanneret, comhlacht ailtireachta san Eilvéis.
Entretien avec les étudiants des écoles d'architecture, Páras 1958
Second clavier des couleurs, Bâle 1959
L'atelier de la recherche patiente, Páras 1960
Orsay Paris 1961, Páras 1961
Le voyage d'Orient, Páras 1966
Mises au point, Páras 1966
Les maternelles vous parlent, Páras 1968
Choix de lettres, sélection, introduction et notes par Jean Jenger, éd. Birkaüser, 2002, 568 p.
Conférences de Rio (1936). Introduction, établissement du texte et notes par Yannis Tsiomis. Páras, Flammarion, 2006.
In ómós dó
Bhí sé ar nóta bainc 10-franc na hEilvéise. Tá dhá Place Le Corbusier ann, ceann amháin i bPáras gar do shuiomh a atelier ar an Rue de Sèvresagus agus ceann eile ina bhaile dúchais, La Chaux-de-Fonds. I Laval i Québec atá Boulevard Le Corbusier. Tá sráid Le Corbusier i mBrossard i Québec, agus tá ceann eile le fáil i Malvinas Argentinas i gCúige Buenos Aires na hAirgintine.
Behrens, Roy R. (2005). COOK BOOK: Gertrude Stein, William Cook and Le Corbusier. Dysart, Iowa: Bobolink Books. ISBN 0-9713244-1-7.
Naïma Jornod and Jean-Pierre Jornod, Le Corbusier (Charles Edouard Jeanneret), catalogue raisonné de l’oeuvre peint, Skira, 2005, ISBN 88-7624-203-1
Eliel, Carol S. (2002). L'Esprit Nouveau: Purism in Paris, 1918 - 1925. Nua-Eabhrac: Harry N. Abrams, Inc. ISBN 0-8109-6727-8
Frampton, Kenneth. (2001). Le Corbusier. London, Thames and Hudson.
H. Allen Brooks: Le Corbusier's Formative Years: Charles-Edouard Jeanneret at La Chaux-de-Fonds, Paperback Edition, University of Chicago Press, 1999, ISBN 0-226-07582-6