Machaire

Machaire ar Bheàrnaraigh

Saintéarma a thugtar ar thalamh íseal féarach ar chóstaí iarthuaisceart na hÉireann agus na hAlban is ea machaire (Gaeilge na hAlban agus Béarla: machair ). Tá na samplaí is fearr le fáil ar Uibhist a Tuath, Uibhist a Deas, Na Hearadh, agus Leòdhas.

Ar ndóigh, tagann an téarma ón bhfocal Gaeilge a bhfuil brí níos leithne leis (aon pháirc nó achar mór talún). Bhí sé in úsáid sa bhrí níos cúinge seo chomh fada siar le 1926, agus bhí sé le feiceáil sa litríocht eolaíochta sna 1940idí.

Tagairtí

  1. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: machaire” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2022-08-22.
  2. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): machaire” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2022-08-22.