Cathair agus caladh tráchta san Úcráin is ea Mariupol (Úcráinis: Маріуполь), in oblast Donetsk, in oirdheisceart na tíre. Bhí 455,063 duine ina gcónaí sa chathair de réir meastacháin a rinneadh sa bhliain 2015. Is Úcránaigh iad 49% den daonra, agus is iad na Rúisigh an dara grúpa eitneach is mó ann (43% den daonra), is ansin na Gréagaigh (7%). Cónaíonn formhór Ghréagach na hÚcráine in Mariupol.
Stair
Bunaíodh Mariupol sa 16ú haois mar dhún Cosacach (Zimovnik) ar a tugadh Domakha, agus níos déanaí Kalmius.
Tagairtí
Is síol faoi thíreolaíocht na hÚcráine é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.