Is éard is Neamhord Easnaimh Airde (NEA) nó Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde (NHEA) ann ná neamhord ina mbíonn fadhbanna le haird, hipirghníomhaíocht agus iompar taghdach a thosaíonn idir 6 agus 12 bliana, a mhaireann 6 mhí ar a laghad.
Ina measc siúd atá ar scoil is féidir leis an neamhord drochiompar nó droch-chaighdeán foghlamtha ar scoil. I bpáistí go háirithe, tarlaíonn raon neamhord, ina measc dianmhachnamh lag, hipirghníomhaíocht, agus deacrachtaí foghlama.
Is féidir go bhfuil cúiseanna go leor ann, an togracht ghéiniteach go háirithe.
Léiríodh i staidéar amháin in 2019 go bhfuil a dhá oiread seans ann go mbeidh déagóirí hipirghníomhach má bhí imní ar a máithreacha le linn toirchis agus a luath-óige. Cé go mbíonn roinnt airíonna de NHEA ar thart ar chúig faoin gcéad d’ógánaigh faoi am a mbíonn siad 16 bliana d’aois, méadaíonn an uimhir sin go dtí 11 faoin gcéad i measc daoine a raibh imní ar a máithreacha.
Cé go mbíonn imní éigin nádúrtha le linn toirchis agus i mblianta luatha an mháithreachais, thomhais na taighdeoirí airíonna diana amhail a bheith ar crith, easuan, meadhrán agus cur allais. Sa staidéar, léirigh thart ar an gceathrú cuid de na mná a tástáladh imní ag meánleibhéal nó ag leibhéal ard.
Dúirt na taighdeoirí nach féidir leo a bheith cinnte go bhfuil nasc cúisíoch ann, ach thuairimigh siad go bhféadfadh leibhéil arda hormón struis tionchar a imirt ar fhorbairt na hinchinne.
Uaireanta úsáidtear amfataimín chun páistí le neamhord easnamh airde a chóireáil, ach is gá an chóireáil a bheith gearrthéarmach chun neamhoird mheabhracha cosúil le paranóia nó síocóisí eile a sheachaint.
Tá seirbhísí ar fáil do pháistí a bhfuil Gaeilge ina céad teanga acu agus a bhfuil tástálacha ADHD nó uathachais de dhíth orthu. Tá cur chuige “ildisciplíneach” de dhíth le freastal mar is cóir ar pháistí sa chóras oideachais ag a bhfuil riachtanais speisialta.