Is é an t-oideachas an léann nó scolaíocht a thugtar do dhuine, mar aon leis an traenáil agus an múnlú a chuirtear air. Sa domhan thiar, tá ceart ag gach duine, agus is é an gnás inniu, oideachas a fháil ó aois óg go haois idir 15 agus 18, de ghnáth 18 bliain d'aois.
San oideas foirmiúil, labhraítear ar thrí leibhéal: Bunoideachas, Meánoideachas agus Ardoideachas.
Sa bhunoideachas (bunscoileanna), isghnách do leanaí a bheith ann idir 5/6 bliain agus 11/12 bliain.
Leanann an meánoideachas (meánscoileanna) ó aois 11-12 go haois 17 nó 20, ag brath ar an gcóras agus ar an dlí.
Leantar d'ardoideachas in ollscoil nó i gcoláiste. Is gnách do scoláire in ardoideachas céim bhaitsiléara nó dioplóma a bhaint amach. Leagtar cúrsa oidis 3 nó 4 bliana amach do chúrsa bhaitsiléara, ach bíonn dioplóma le fáil i gcúrsaí gairmiúla áirithe tar éis bliana go leith nó dhá bhliain. Tugtar comhchéim (Associate's Degree) tar éis chúrsaí 2 bhliana i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
In Éirinn in aimsir na bPéindlíthe, bhíodh scoileanna chois claí ar bun faoin tír, mar go raibh an oiread sin coscanna i gcoinne na teangan Gaeilge agus i gcoinne an chreidimh Chaitlicigh.