Príomhsheicheamh

Sa réalteolaíocht, banda leathan ar léaráid Hertzsprung-Russell a luíonn an chuid is mó de na réaltaí ann. Caitheann réalta an chuid is mó dá ré sa phríomhsheicheamh le linn di a cuid hidrigine a ídiú trí chomhleá núicléach chuig héiliam. Nuair a bhíonn an hidrigin sa chroíleacán ídithe go hiomlán, déanann sí éabhlóid ina fathach dearg, amach ón bpríomhsheicheamh. Is réalta sa phríomhsheicheamh ár nGrian.

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Príomhsheicheamh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 537.