Is é Séarlas III rí na Ríochta Aontaithe. Rugadh ar 14 Samhain1948 é. Is mac d'Eilís II agus do Phrionsa Pilib é agus is athair é do na bprionsaí Harry agus William de chuid rítheaghlach na Breataine. Thug sé cuairt ar Éirinn sa bhliain 2018.
Pósadh
Bhí an Prionsa Séarlas pósta don chéad uair ar Diana, Banphrionsa na Breataine Bige. Ar an 29 Iúil1981, phós Diana Spencer agus Séarlas in Ardeaglais Naomh Pól, Londain. "Deirtear faoi go raibh dearadh an ghúna pósta ar an rún faisin ba mhó riamh. Bhreathnaigh 700 milliún duine ar shearmanas an phósta féin ar an teilifís ar fud an domhain agus níl dabht ar bith ach gurbh í réalta faisin a linne í".
↑Deirtear gur £9,000 a bhí mar chostas air, ag an am. Lánúin óg, David agus Elizabeth Emanuel, a raibh cáilíochtaí bainte amach acu beirt mar dhearthóirí faisin ón Royal College of Art, a roghnaigh an bhrídeog lena gúna a dhéanamh. As síoda ar dhath an eabhair le tafata agus lása seanda de chuid Charraig Mhachaire Rois a rinneadh gúna na bainise ar a raibh 10,000 péarla agus seacain.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.