Toitcheo

Truailliú aeir de bharr foinsí éagsúla. Sa Bhreatain, mar shampla, roimh lár an 20ú céad tharla toitcheo nuair a d'fheidhmigh súiche is deatach ó mhonarchana is tithe mar núicléis comhdhlúthaithe, agus ní raibh na gáis thruaillithe, dé-ocsaíd sulfair (SO3) is aonocsaíd charbóin (CO), in ann éalú, mar shampla, mar gheall ar inbhéartú teochta. Tharla toitcheo go sonrach i 1952 a bhí freagrach as bás 4,000 duine ar a laghad i Londain amháin. Thug rialtas na Breataine an Clean Air Act (Acht um Aer Glan) 1956 isteach mar thoradh air sin.

Tagairtí

  1. Hussey, Matt (2011). "Toitcheo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 668.